Fearghal mac Maoil Dúin

Ard-Rí na hÉireann
(Athsheolta ó Fergal mac Máele Dúin)

Ard-Rí na hÉireann ba ea Fearghal mac Maoil Dúin (Sean-Ghaeilge Fergal mac Máele Dúin) (bás 11ú Nollaig 722). Maol Dúin mac Maoil Fithrigh (bás 681), rí Ailigh, ba ea a athair, agus Aodh Fuariodhnach (bás 612), Ard-Rí, a shin-seanathair.[1][2][3] Ina bhall é de Chineál mhic Earca, géag de Chineál Eoghain d'Uí Néill an Tuaiscirt, agus bhí sé ina rí Ailigh ó 700 go 722.

Infotaula de personaFearghal mac Maoil Dúin
Beathaisnéis
BreithÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Nollaig 722

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
710 – 722
← Conghal CeannmhaghairFógartach mac Néill → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 8ú aois
Teaghlach
TeaghlachCineál Eoghain Cuir in eagar ar Wikidata
Céileiníon anaithnid (?)
Athiocht (?) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNiall Frossach mac Fearghail
 ( Athiocht (?))
Aodh Allán
 ( iníon anaithnid (?))
Conchobhar
 ( Athiocht (?)) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMaol Dúin mac Maoil Fhithrigh  agus Cacht (?)

Rí Ailigh cuir in eagar

Agus é ina rí Ailigh, bhí Fearghal ar an bhfód nuair a chloígh fir na gConnacht sa bhliain 707, cath inár maraíodh a rí, Indrechtach mac Dúnchado.[4][5] Tharla an cath seo mar dhíoltas ar bhás an Ard-Rí, Loingseach mac Aonghasa sa bhliain 703 ag Cath Chorann. Bhí Fearghal mac Loingsigh duine desna comhraiceoirí.

Ard-Rí cuir in eagar

Rinneadh Ard-Rí d'Fhearghal sa bhliain 710, tar éis bhás the death of Chonghail Cheannmhaghair de Chineál Conaill. Bhí sé i gcoróin ón go dtí an bhliain 722.[6]

Le linn an ama seo, bhí Cineál Eoghain an leagan a gcuid críoch soir i nOirialla isteach. Sa bhliain 711, throid Fearghal Cath Sliabh Fuaid (Contae Ard Mhacha an lae inniu), áit a maraíodh Tnúthach mac Mochloinges, rí Uí Mhéith, agus Cú Raoi mac Aodha de chlann Fir Chúil,Síol Aodha Sláinex.[7][8][9] Is léir an naimhdeas roimh Shíol Aodha Sláine óir gur cuireadh an ruaig ar Fhógartach mac Néill (bás 724), a chuaigh ar deoraíocht chuid an mBreatain bhliain 714.[10][11] Is dóigh gurbh é Fearghal ba chúis leis seo, i dteannta le Murchadh Mí (bás 715), rí Uisnigh agus ionadaí Fhearghail b'fhéidir sa deisceart.[12][13]

Mharaigh uncail Fhógartaigh, Conall Grant (bás 718), Murchadh an bhliain dár gcionn, agus d'fhill Fógartach ar ais sa bhliain 716.[14][15] Sa bhliain 717, ba é Fógartach ba chúis le hachrann éigin ag Aonach Thailtean — cruinniú bliantúil Uí Néill — áit a maraíodh beirt fhear.[16][17] Sa bhliain 718, bhuaigh Conall Grant in aghaidh comhaontas ríthe Ui Néill an Deiscirt ag Cath Cheanannais. Le teann frustrachais, rinne Fearghal idirghabháil agus Conall a mharú dhá mhí níos deireanaí.[18][19][20][21] Is amhlaidh gur shocraigh seo an scéal i measc Uí Néill an Deiscirt.

Sa bhliain 719, thosaigh Fearghal a cheannas a chur i bhfeidhm sa Laigin, agus tá ruathair leanúnacha taifeadta sna hanála.[22][23] Sa bhliain 721, rinne Cathal mac Finghin, rí na Mumhan (bás 742) agus Murchad mac Brain Mut (bás 727), rí na Laigean, ionsaí ar thailte Uí Néill an Deiscirt agus scriosadar maigh Bhreá. Níos deireanaí sa bhliain, bhain Fearghal díoltas amach in aghaidh na Laigean. Rinne sé ionsaithe and scrios sé na tailte go dtí gur ghéill na Laigin roimhe agus glacadar leis an bóramha.[24][25][26] Rinneadh sos cogaidh le Cathal fosta.[27] Bhris gur Laigean an sos, ámh, agus rinne Fearghal ionsaí eile mar chúiteamh sa bhliain 722 le slua mór idir Uí Néill an tuaiscirt agus an deiscirt, i dteannta lena gcomhghuaillithe ar Oirialla. Ar an 11ú Nollag 722, áfach, mharaigh fir Laigean Fearghal agus go leor uaisle Uí Néill were slain at the disastrous Cath Alúine.[28][29][30] Caomhnaítear scéal an chatha sa sága Cath Almaine den deichiú haois.

Teaghlach cuir in eagar

De réir an sága Fáistine Fergaile meic Máele Dúin, iníon an Ard-Rí Conghal Ceannmhaghair ba ea máthair a mhac, Aodh Allán in an illicit union. Desna Ciannachta ba ea narrate a mhic eile, Niall Frasach. Rinneadh Ard-Ríthe den bheirt acu.

Tháinig Fógartach mac Néill de Shíol Aodha Sláine i gcomharbacht ar Fhearghal mar Ard-Rí, agus a mhac Aodh Allán air mar rí Ailigh agus taoiseach Chineál Eoghain.

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • Wiley, Dan (2004). "Cath Almaine". The Cycles of the Kings. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2a Meán Fómhair 2006.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 4
  2. Charles-Edwards, Aguisín V
  3. Mac Niocaill, lch. 152.
  4. Annála Uladh, AU 707.2
  5. Annála Tiarnaigh, AT 707.2.
  6. Tugtar réimeas seacht mbliana déag dó sa Leabhar Laighneach agus deich mbliana i Sioncronachtaí Laud.
  7. AU 711.2
  8. AT 711.2
  9. Mac Niocaill, lch. 119
  10. AU 714.4
  11. AT 714.4
  12. Charles-Edwards, ll. 480, 572
  13. Mac Niocaill, lch. 120.
  14. AU 715.2, 716.3
  15. AT 715.3, 716.2.
  16. AU 717.6
  17. Mac Niocaill, lch. 120.
  18. AU 718.3
  19. AT 718.3
  20. Mac Niocaill, lch. 120
  21. Charles-Edwards, lch. 571.
  22. AT 719.7
  23. Charles-Edwards, lch. 575.
  24. AU 721.6, 721.8
  25. AT 721.3, 721.5
  26. Mac Nioaill, lch. 121.
  27. Annála Inis Faithlinn, AI 721.2
  28. AU 722.8
  29. AT 722.8
  30. Mac Niocaill, lch. 121.