Maol Dúin mac Maoil Fhithrigh
Rí Ailigh de Chineál Eoghain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Maol Dúin mac Maoil Fhithrigh (Sean-Ghaeilge Máel Dúin mac Máele Fithrich) (bás 681). Maol Fithrigh mac Aodha (bás 630) ba ea a athair, Aodh Fuariodhnach (bás 612), Ardrí Éireann, a sheanathair.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain c. 668 go dtí 681.[2] Ba bhall de Cenél maic Ercae. Bhí Cineál iomaíochta Fhearadhaigh i gceannas ar feadh na coda is mó den 7ú haois.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 681 |
Teaghlach | |
Céile | Cacht (?) |
Páiste | Fearghal mac Maoil Dúin |
Athair | Maol Fithrigh mac Aodha |
Insítear sna hannála conas a scriosadh Aileach sa bhliain 676 ag an Ardrí Fíonsneachta Fleách (bás 695) Uí Néill an Deiscirt, agus é i mbun a údarás a dheimhniú sa tuaisceart.[3]
Bhí Maol Dúin lárnach agus chumhacht Chineál Eoghain a mhéadú. Sa bhliain 677, mharaigh sé Dúnchadh mac Ultáin, rí Oiriall (as Tír Mhic Caoirthinn, Loch Feabhail) i nDún Forgo.[4] Sa samhradh 681, bhuaigh sé in éadan Dúnghal Eilne mhic Scannail de Dhál Araí agus Cenn Faelad mac Suibni de Chiannachta Gleann Geimhin ag 'dó ná ríthe' i nDún Ceithirn (Cúil Raithin).[5] Ag tús an gheimhridh 681, cloíodh agus maraíodh Maol Dúin i gCath Bla Sléibe (County Dhoire) ag Ciannachta Ghleann Geimhin agus ag Flann mac Maoil Tuile (bás 700) de Chineál Fhearadhaigh.[6]
Bhí Maol Dúin pósta le Cacht ní Cellach mhic Maoil Choba de Chineál Chonaill. D'éirigh a mac their son Fearghal (bás 722) ina Ardrí Éireann.
Deirtear i Leabhar Uí Chléirigh gur shinsear Uí Dhálaigh filí é Maol Dúin.[7]
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Annála Uladh, cuid 1, G100001A
- Annála na gCeithre Máistrí, cuid 1, G800011A
- Chronicon Scotorum, G100016
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- O'Clery Book of Genealogies, Analecta Hibernica #18 R.I.A. MS. 23 D 17. [1]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín V
- ↑ Tugtar réimeas 11 bliain dó i Sioncronachtaí Laud
- ↑ Annála Uladh, AU 676.4
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 677.2
- ↑ Combustio regum, AU 681.1
- ↑ AT 681.1
- ↑ Analecta Hibernica #18 R.I.A. MS. 23 D 17 589, Genelach Muintire Dálaigh.
Réamhtheachtaí Ferg mac Crundmaíl |
King of Ailech 668–681 |
Comharba Fland mac Máele Tuile |