Ard-ríocht nó 'cúige' i nÉirinn na meánaoise ba ea na hOirialla[1] (Sean-Ghaeilge Airgíalla, Béarla Oriel) maraon le hainm na cónaidhme faoina bonn. Bhíodh naoú bhfo-ríocht sa chónaidhm, neamhspleách eatarthu féin ach gafa le chéile de bharr ardfhlaithiúnais ainmniúil tugtha do rí ruire, de ghnáth den rítheaghlach is cumhachtaí.[2]

Infotaula de geografia políticaOirialla

Suíomh
Www.wesleyjohnston.com-users-ireland-maps-historical-map1014-es.svg Edit the value on Wikidata
Daonra
Teanga, nó leagan teanga An Mheán-Ghaeilge Edit the value on Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú 331
Dissolution (en) Aistrigh 1585 Edit the value on Wikidata

Ag barr a mhéide, b'ionann beagnach críocha Oiriall agus deoisí Ard Mhacha agus Clochair, ina luí le codanna de chontaetha Ard Mhacha, Mhuineachán, , Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire.[2] Ba iad a phríomhchathair ná Ard Mhacha agus Clochar. Faightear an t-ainm fós sa bhéaloideas i n-oirdheisceart na nUladh agus Contae Lú taobh leis.

StairCuir in Eagar

De réir an tseanchais, bunaíodh an tOirialla ag na Trí Cholla,[2] a deirtear gur chloígh siad lár na nUladh óna hUlaid féin. Tharla an bua cinntitheach ag Cath Achadh Leithdheirg, a mheastar gur tharla sé timpeall na bliana 331. Creidtear anois ámh gur ficsean é an scéal seo den chuid is mó, Ní fios dá laghad conas nó cathain a bunaíodh cónaidhm an Oirialla.

Faoi cheannas na nUlad san oirthear a cheaptar a bhíodh siad o thús, ach ón 6ú haois ar aghaidh, bhain de réir a chéile Uí Néill an Tuaiscirt ó thuaidh dá gcuid críoch,[3] chomh maith le hUí Néill an Deiscirt ó dheas. Ón bhliain 735, thit siad faoi cheannas an Chineáil Eoghain, agus faoin mbliain 827, bhí siad ina vasáilligh.[3]

Bhain Ríocht na nOiriall barr a réime amach sa 12ú haois faoi rí Donnchad Ua Cerbaill. Mhair ríocht laghdaithe fós i Muineachán faoi Mhic Mhathghamhna go dtí deireadh ré na nGael i nÉirinn.[2]

SanasaíochtCuir in Eagar

Is dócha gurb é brí le Airgíalla ná "iad a thugann gialla ar láimh". Cuireann an t-ainm i leith idir Ríocht na nOiriall agus an cónaidhm treibheanna as a cruthaíodh é.[2][4] I luath-lámhscríbhinní, tugadh Easpag Oiriall ar Easpag Chlochair.

StairCuir in Eagar

Bunúis seanscéalachaCuir in Eagar

Ag tús na 4ú haoise, bhain triúr deartharacha trodacha aitheanta mar na Trí Colla, le strócántacht sraith mhór na nUladh ó na hUlaid féin. Sa Chath Achadh Leithdheirg c. an bhliain 331, chloígh siad airm Fhearghasa Fhogha, Rí na nUladh a maraíodh, agus dódh Eamhain Mhacha, príomhchathair ársa na nUlad, go talamh. Ba é tar éis an chatha seo a bhunaigh siad ríocht na nOiriall.[5][6] Scríobhadh an seanscéal bunúis seo áfach sa dara ceathrú den 8ú haois, chun a comhaontas le hUí Néill an Tuaiscirt a dhaingniú.

Teacht chun cinn stairiúilCuir in Eagar

Is i nAnnála Tiarnaigh a fhaightear an tagairt is luaite faoi Airgialla, don bhliain 677:

Duncadh mac Ulltain rí Oirgiall occisus est (maraíodh) la Mael Duin mac Maeli Fithrigh.[7]

Meastear áfach gur idirshliocht iardhearcach é seo. Is dócha ámh gur fíor é an iotráil a fhaightear i nAnnála Uladh don bhliain 697:

Mael Fothartaigh m. Mael Duibh, rex na n-Airgialla, moritur.[8]

Deirtear gur ráthóirí iad Maol Fothartaigh agus a mhac Eochu Lemnae (bás 704), de Cháin Adhamhnáin den bhliain 697. Creidtear dá bharr go raibh na hOirialla ar marthain leis an am sin, nó cinnte faoi tús na 8ú haoise.

8ú–12ú haoiseannaCuir in Eagar

Le déanamh

13ú–16ú haoiseannaCuir in Eagar

Le déanamh

Treascairt na ríochtaCuir in Eagar

 
Thug Rossa Buí a ríocht, Oirialla, suas don Fhear Ionaid, John Perrot.

Tháinig ríocht na nOiriall chun deiridh sa bhliain 1585 nuair a thoiligh Rossa Buí Mac Mathúna a chuid críoch a chur faoi pholasaí 'Géilleadh agus Athbhronnadh' na dTúdar, as sin amach Contae Mhuineacháin i Ríocht na hÉireann.

Tháinig Rossa Buidhe i gcoróin sa bhliain 1579, ach ba léir dó go raibh sé i bponc ó thaobh geopholaitíochta de, suite mar a bhí sé idir na Túdaraigh agus Uí Néill. Ar dtús, phós Rossa Buí iníon Aodha Uí Néill, rud a molann gurbh fhearr leis comhaontas le Tír Eoghain. I ndeireadh na dála ámh, bhuail sé le John Perrot, Fear Ionaid na hÉireann agus thoiligh sé dul i ríocht na hÉireann. Is léir gur theastaigh uaidh go ligfí leis, siúd is dílseacht a ghealladh do mhonarc i bhfad i gcéin, Éilis I.[9] Roinnigh Oirialla ina chúíg bharútacht faoi cheannas taoisigh Gaelacha, go formhór as Mic Mhathúna féin.

Ní raibh sin deireadh an scéil, ámh. Agus imní air faoi chúngach na Sasanach, thug Aodh Ó Néill iníon eile aige do Bhrian mac Aodha Óig, táiniste Dairtre, chun pósta, ag iarraidh ríocht sheachmall na nOiriall a thabhairt ar ais lena thaobh ar bhás Rossa Bhuí. Ar a shon féin, bhí Rossa Buí ag iarraidh comharbas ar thaobh na Sasanach a shocrú trína dheartháir, Aodh Rua Mac Mathúna. Nuair a thosaigh an Fear Ionaid nua, William FitzWilliam, ag cur Ard-Sirriam Sasanaigh chun cinn, cothaigh Ó Néill cúr ina choinne óna mhuintir i Mhuineachán. Dá bharr, cuireadh arm i gceannas Henry Bagenal sa chontae isteach go luath sa bhliain 1589, chun an sirriam a bhrú. Le deireadh an tsamhraidh úd, bhí Rossa Buí marbh.

DreamannaCuir in Eagar

Seo a leanas naoi bhfo-ríochtaí na nOiriall, ainmnithe as a rítheaghlaigh:[3]

  1. Uí Thoirtre (Uí Tuirtri): lonnaithe taobh thoir de Shliabh Speirín, in oirthear an Doire agus Tír Eoghain. Ón mbliain 776, bhog Uí Thoirtre soir thar an mBanna agus i ríocht na nUlaid isteach into the over-kingdom of Ulaid. Faoin mbliain 919, bhí gach naisc leis an Oirialla caillte acu.[3]
  2. Uí Mhic Cairthinn (Uí Maic Cairthinn): lonnaithe taobh ó dheas de Loch Feabhail i n-iarraidh an Doire.
  3. Uí Fiachrach Arda Sratha: lonnaithe i nArd Sratha i dTír Eoghain. Faoin 12ú haois, bhí siad faoi smacht Chineál Eoghain, agus chuir siad leo ó dheas i Fir Luírg i bhFear Manach isteach.[10]
  4. Uí Cremthainn: lonnaithe i gcodanna d'Fhear manach, Muineachán agus Tír Eoghain.
  5. Uí Méith: lonnaithe i Muineachán.
  6. Na hOirthir (Ind Airthir):[3] Lonnaithe that timpeall chathair Ard Mhacha. Bhí oifigí na heaglaise ann, a raibh is a bhfuil cáil ar leith acu i nÉirinn, i bhfeighil acu siúd.[3]
  7. Múrna (Mugdorna): lonnaithe ó dhúchas i Muineachán, ach faoin 12ú haois, bhí siad lonnaithe i gcríocha Boirche, i ndeisceart an Dúin, agus d'ainmnigh siad an áit astu féin.[11] Tá an dá ainm ar mharthain fós: Beanna Boirche as Gaeilge, ach as Béarla, the Mourne Mountains.[11]
  8. Fir Chraíbe (Fir Craoibhe):[12] lonnaithe taobh thiar den Bhanna, i n-oirthuaisceart an Doire. Faoin 9ú haois, faoi cheannas Chineál Eoghain ab ea iad.[12]
  9. Fir Lí: lonnaithe taobh thiar den Bhanna i lár-oirthear an Doire. Faoin 9ú haois, faoi cheannas Chineál Eoghain ab ea iad ab ea iad fosta.[12]
 
Luath-dhreamanna i nÉirinn agus seacht 'gcúige', mar a fhaightear i Leabhar na gCeart den 11ú haois. Sa léarscáil seo, feictear Uí Thuirtre, Uí Cremmthain, Airthir, Uí Méith, Mughdorna lastigh de Airgialla; feictear Fir Lí lasmuigh; ní fheictear Uí Mhic Cairthinn, Uí Fiachrach Arda Sratha, Fir Chraíbe; ach feictear Dairtre, Fir Rois lastigh fosta.

Uí Mhic UaisCuir in Eagar

Bhí comhainm ag Uí Thoirtre, Uí Mhic Cairthinn, agus Uí Fiachrach Arda Sratha, mar a bhí Uí Mhic Uais (Uí Moccu Úais), toisc gur mhaígh siad gur shliocht de Cholla Uais iad.[3] e reir an ghinealaigh sa Leabhar Laighneach bhí berit mhac ag Colla Uais, Earc agus Fiachra Tort. De shilocht Fiachra Tort iad Uí Tuirtri. Bhí beirt mhac ag Erc, darbh ainm Cairtheann agus Fiachra, agus sinsir ab ea iadsan d'Uí Mhic Cairthinn agus Uí Fiachrach Arda Sratha. Mhaígh na Fir Lí gur shliocht d'Fhiachra Tort, cé go bhfaightear i bhfoinsí áirithe gur shliocht de mhac eile Cholla Uais darbh ainm Faradach.

Fuarthas Uí Mhic Uais fosta sa Mhí,[3] ar a glaodh orthu Uí Moccu Úais Midi agus Uí Moccu Úais Brega.

Féach freisinCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

  • "Oxford Companion to Irish History" (2007). Oxford University Press. 
  • "A New History of Ireland, II Medieval Ireland 1169-1534" (2008). Oxford University Press. 
  • Duffy, Seán (2005). "Medieval Ireland an Encyclopedia". Routledge. 
  • MacCaffrey, Wallace T (1994). "Elizabeth I: War and Politics, 1588-1603". Princeton University Press. 
  • Morgan, Hiram (1999). "Tyrone's Rebellion: The Outbreak of the Nine Years War in Tudor Ireland". Boydell & Brewer. 
  • Palmer, William (1994). "The Problem of Ireland in Tudor Foreign Policy, 1485-1603". Boydell & Brewer. 
  • Smith, Brendan (1999). "Colonisation and Conquest in Medieval Ireland". Cambridge University Press. 
  • Warner, R. (1973–1974). "The Re-Provenancing of Two Important Penannular Brooches of the Viking Period". Ulster Journal of Archaeology 36-37: 58–70. Ulster Archaeological Society. 

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Oirialla ar logainm.ie
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Connolly, lch. 12.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 3.7 Duffy, lch. 14.
  4. Duffy, lch. 13.
  5. John O'Donovan (1856). "Annla Rioghachta Éireann: Introductory remarks. Annals, to A.D. 902": 124–. Hodges, Smith and Company. 
  6. Michael O'Cleary (1d Márta 2003). "The Annals of Ireland by the Four Masters Translated Into English by Owen Connellan": 3–. Irish Roots Cafe. 
  7. AT677.2
  8. AU697.2
  9. "The Fall of the MacMahons and the End of Oriel".
  10. Cosgrove, p. .
  11. 11.0 11.1 The Mughdorna ar Magoo
  12. 12.0 12.1 12.2 Warner, lch. 60.