Mic Eochada Dhoimléin ba ea na Trí Colla: Cairell Colla Uais; Muiredach Colla Fo Chrí, agus Áed Colla Menn. Ba Ard-Rí na hÉireann é Colla Uais ar feadh cheithre bliana.[1]

Infotaula de personaColla Uais
Ardrí na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata

Seanscéal

cuir in eagar

De réir na seanscéalta, mharaigh na Trí Cholla a n-uncail, Fíachu Sroiptine, i rith Chath Dubhchomair, i gCríoch Rois, Breá, agus tháinig Colla Uais i gcoróin.[1] Tuaradh nach dtiocfadh sé i réim in Éirinn, sliocht an té a mharódh na Colla. Bhí Colla Uais i réim ar feadh trí bliana in ionad Fhiacha (323-326 AD), agus ar feadh ceithre bliana mar Ard-Rí, sular chuir Muireadhach Tíreach mac Fiacha ar deoraíocht iad triúr agus 300 dá lucht leanúna go hAlbain.

Deirtear gurbh í Aileach, iníon Udhaire rí na hAlban, í a máthair. De réir Chéitinne, cheap Udhaire iad i gceannas trí chéad gaiscíoch.[1] D'fhill siad ar Éirinn, ag súil go maródh Muireadhach iad, agus dá bharr go gceilfeadh sé a shliocht ar an gcoróin. Ach bhí an tuar ar eolas ag Muireadhach, agus thóg sé ina sheirbhís iad, in ainneoin go raibh a fhios aige go raibh a athair maraithe acu.

I ndiaidh roinnt blianta, shocraigh Muireadhach gur chóir go raibh a gcríocha féin ag na Colla, agus chuir sé amach iad chun na hUlaidh a chloí. Le harm na gConnacht, throid siad seacht gcath laistigh de sheachtain amháin in éadan na nUladh ag Achaidh Leithdeircc, ag marú Fearghasa Fogha, rí na nUladh sa seachtú ceann. Fuair Colla Menn bás i rith an chatha seo. Dhóigh siad Eamhain Mhacha, príomhchathair na nUladh, agus tréigeadh é ina dhiaidh. Thóg siad críocha suntasacha sa lár-Uladh, a mheastar gur bunús ríocht na nOiriall é.

De réir seanós áirithe, scriosadh Eamhain Mhacha sa bhliain 450.

Léirithe stairiúla

cuir in eagar

De réir T. F. O'Rahilly, ní stairiúil é scéal na dTrí Cholla, cé go bhfuil bunús stairiúil ann. Molann sé gurbh é an triúr mhac Néill Naoi nGiallaigh, Conall, Enda and Eoghan, a bhris cumhacht na Uladh, a scrios Eamhain Mhacha agus a bhunaigh ríochtaí an Oirialla, agus a bhunaigh ríochtaí Thír Eoghain agus Thír Chonaill in iarthuaisceart na nUladh i lár na 5ú haoise. Creideann sé gurb ionann na Trí Colla agus an triúr mac Néill, agus gan ann ina scéal ach ficsean liteartha chun ginealach uaisleach a bhronnadh ar na ríochtaí seo.[5] Aontaíonn staraithe níos déanaí leis, ina measc Francis J. Byrne,[6] agus Dáibhí Ó Cróinín.[7]

Maíonn Donald Schlegel gurb an t-aon sampla amháin in Éirinn ársa iad ainmneacha trípháirteacha na ndeartháireacha den gnás ainmnithe Rómhánach, chéad ainm, ainm sloinne, bua-ainm. B'fhéidir gur spreagadh é seo ag a bhfilleadh mar a mhaítear ó dheoraíocht in Albain, a bhí mar chuid d'impireacht na Róimhe ag am traidisiúnta an scéil, an 4ú haois. De réir Schlegel, is fianaise é a gceannas ar 100 fear an duine gur thaoisigh chéid in airm na Róimhe ab ea iad.[1]

Molann Schlegel chomh maith gur de shliocht Trinovantes na Breataine ab ea na Trí Cholla, chomh maith lena n-ainm "Colla". D'fhéadfadh é, dar leis, gur thug na hOllaimh aistriú lochtach ar an ainm Trinovantes agus rinne siad an t-ainm Airgíalla, críocha na dTrí Cholla san Ulaidh. Maidir le Colla, b'fhéidir go bhfuil sé fréamhaithe ó CoillCoel, luaite dís le Seathrún Céitinn mar logainmneacha i gCamulodunum (Colchester an lae inniu), áit chónaithe na dTrinovantes.[1]

Deirtear gur "de shliocht Cholla Uair, Ard- Rí na hÉireann" ab ea naomh den séú haois, Dearchairthinn, gaolta le hUachtar Aird gar do Theach Srafáin, Contae Chill Dara.[8][9][10]

Craobh ghinealaigh

cuir in eagar
 
 
 
 
 
Cairbre Lifechair
 
 
 
Aine
 
Udaire
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Fíachu Sroiptine
 
 
 
Eochaid Doimlén
 
Ailech
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Muiredach Tirech
 
 
 
Colla Uais
 
Colla Fó Chrí
 
Colla Menn
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Eochaid Mugmedon
 
 
 
 
 
 
 
 
Fiachra Cassán
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Airgíalla
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Uí Néill
 
Connachta
 
*
 
Uí Maine
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 Schlegel, Donald M. (2002); Reweaving the Tapestry of Ancient Ulster, ll. 729-731. Clogher Record.
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Leabhar Gabhála na hÉireann: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 343
  3. Foras Feasa ar Éirinn, 1.47
  4. Annála na gCeithre Máistrí, gabháilhttp://www.ucc.ie/celt/published/T100005A/text030.html M322 - 331]
  5. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946, ll. 224-232
  6. Francis J. Byrne, Irish Kings and High Kings, Four Courts Press, 2001, ll. 66-73
  7. Dáibhí Ó Cróinín, "Ireland, 400-800", in Dáibhí Ó Cróinín (eag.), A New History of Ireland I: Prehistoric and Early Ireland, Oxford University Press, 2006, ll. 202-203
  8. "US Gazetteer files: 2010, 2000, and 1990".
  9. The martyrology of Donegal; a calendar of the saints of Ireland (Mícheál Ó Cléirigh, 1575-1643; 1861 eagarthóirí Seán Ó Donnabháin 1809-1861; James Henthorn Todd 1805-1869; William Reeves 1815-1892;1864) lch. 71
  10. The Martyrology of Óengus mac Óengobann the Culdee ar CELT
Réamhtheachtaí
Fíachu Sroiptine
Ard-Rí na hÉireann
FFÉ 306–310
ACM 322–326
Comharba
Muiredach Tirech