Séadchomhartha ársa Éireannach é Eamhain Mhacha, nó Eṁaın Ṁacha mar a dtugadh air sa tSean-Ghaeilge, atá suite i gContae Ard Mhacha an lae inniu. Suíomh lárnach i sean-stair an oileáin agus miotaseolaíocht na nGael atá ann, agus é ar cheann de na bunáiteanna ba mhó le rá i laethanta réamh-Chríostaí na tíre.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Eamhain Mhacha
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(mis) Emain Macha
(ga) Eamhain Mhacha
Sonraí
CineálÁit lonnaithe agus suíomh seandálaíochta
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Ard Mhacha
 54°20′43″N 6°43′07″W / 54.345277777778°N 6.7186111111111°W / 54.345277777778; -6.7186111111111

Cé go dtugtar "dúnfort" ar Eamhain Mhacha, meastar inniu gur shuíomh págánach deasghnách a bhí ann.

Príomhchathair Uladh ab ea é, agus luaitear go minic é sa Rúraíocht. Creideadh go raibh sé bunaithe ag an mbandia Macha sa chúigiú nó seachtó aois roimh Chríost, agus go raibh sé mar shuíomh ríoga Conchúr mac Neasa i scéalta na Rúraíochta. Deirtear go raibh trí theach aige ag Conchúr in Eamhain Mhacha, mar atá:

  • an Chraobh Rua, áras an rí
  • an Chraobh Dhearg, áit inar bailíodh duaiseanna cogaidh
  • an Taisce Bhreac, áit inar stóráladh airm na laochra

Tá baint ag Eamhain Mhacha le cuid de na daoine is cáiliúla i miotaseolaíocht na hÉireann, mar shampla:

Tréigeadh Eamhain Mhacha sa bhliain 331 AD nuair a dódh chun talamh é, de réir Annála na gCeithre Máistrí.

TagairtíCuir in Eagar