Eoghan mac Néill

Rí Ailigh
(Athsheolta ó Eógan mac Néill)

Bunaitheoir eapainmneach Chineál Eoghain de chuid Uí Néill an Tuaiscirt ba ea Eoghan mac Néill (Sean-Ghaeilge Eógan mac Néill) (bás c. 465[1]). Niall Naoighiallach ba ea a athair, a maíodh.[2] Bhunaigh Cineál Eoghain ríocht Ailigh agus níos deireanaí Tír Eoghain. Deirtear go bhfuil a uaigh ar Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall.

Infotaula de personaEoghan mac Néill

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Bás465
Rí Ailigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteMuireadhach mac Eoghain, Eochaid 'Binnigh' (?), Fearghas Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNiall Noígíallach
SiblínConall Cremthainne, Conall Gulbán, Lóegaire mac Néill, Coirpre mac Néill agus Fiachu mac Néill
Reilig agus seanchill ag Uisce Caoin, agus uaigh Eoghain mhic Néill inti

Beatha cuir in eagar

Maítear gur dlúthchara é Eoghan le Naomh Pádraig agus go bhfuair sé beannacht Phádraig.[3] Lena dheartháir, Ardrí na hÉireann, Laoghaire mac Néill (bás 462), bhí sé ina bhreitheamh in aighneas chomharbachta idir mic Amhalaí (bás 440), rí na gConnacht.[4]

Deirtear gur adhlacadh Eoghan i gCill Naomh Pádraig, Uisce Chaoin, Inis Eoghain. Faightear plaic ann a deir (as Béarla):

"Eoghan Prince of Iniseoghain, Son of Niall of the Nine Hostages. Died 465 of grief for his brother Conall [Gulban]. Baptised by Patrick and buried in Uisce Chaoin".
 
Plaic ar uaigh Eoghain mhic Néill

I measc a mhac, bhí a leanas:[5]

  • Muireadhach
  • Fearghas, bunaitheoir Cineál Fhearghasa (Cenél Fergusa)
  • Aonghas, bunaitheoir Cineál (Cenél Áengusa).

Foinsí cuir in eagar

  • Annála Uladh
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings, 2001, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • McCarthy's synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Gach dáta per McCarthy, Daniel P. (1998). "The Chronology of the Irish Annals" P-ARÉ 98 C. 
  2. Ginealaigh Laud 610 (Oxford, Bodleian Library MS. Laud 610, fo. 75a 1, 15ú haois) ina thugtar seacht gclann Chineál Eoghain.
  3. Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge University Press. 
  4. Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge University Press. 
  5. The Laud Genealogies and Tribal Histories, lch. 293, ar Corpus of Electronic Texts