Conall Gulban

rí Éireannach

Ba mhac le Niall Naoighiallach é Conall Gulban. Bhí sé ina rí ar Thír Chonaill - ba é a thug an t-ainm don cheantar sin ar a dtugtar Dún na nGall anois agus. Ba dheartháir é le hEoghan, a thug a ainm do chontae Thír Eoghain. Ba é an chéad duine uasal a bhaistigh Naomh Pádraig é.

Conall Gulban
Saol
Eolas breithe unknown value
Náisiúntacht Éire
Bás 464
Muintir
Athair Niall Noígíallach
Páistí
Siblíní
Treibh Uí Néill (en) Aistrigh
Gairm
Gairm

Tagann a leasainm as Binn Ghulbain i gContae Shligigh, an áit as a d'imigh mic Néill chun Aileach a chloí.[1] Maraíodh é ag na Masraige ag Magh Slecht, Contae an Chabháin, sa bhliain 464. Adhlacadh é ag Naomh Caillin i bhFíonach, Contae Liatroma.[2][3] Deirtear go bhfuair Eoghan bás le huaigneas nuair a chuala sé faoi bhás a dhearthár. Cuireadh Conall Gulban i bhFíonach, Contae Liatroma.

Feictear Conall mar chomrádaí Chaoilte mhic Rónáin, ar cheann de phearsana na bhFiann sa scéal Agallamh na Seanórach, a mhair go dtí ré na Críostaíochta agus a d'inis eachtraí na bhFiann agus bríonna logainmneacha do Naomh Pádraig. Rinne Caoilte amhlaidh le Conall i dTír Chonaill agus d'aimsigh taisce na bhFiann as na tuamaí meigiliteacha éagsúla a tháinig siad orthu ar a dturais.

Ba iad Fergus Cendfota Duí agus Éanna Bogaine a bheirt mhac. Glaotar Cineál Chonaill ar a shliocht. Ba de shliocht Chonaill iad Naomh Colm Cille, Clann Uí Dhochartaigh, Clann Uí Ghallchóir, Clann Uí Dhomhnaill, Clann Uí Bhaoill agus mórán clann eile.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Byrne, lch. 84
  2. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 464.3
  3. 'Flannacán mac Cellaig rí Breg hoc carmen. His poem on the death of some Irish heroes', le Kathleen Mulchrone, in "Journal of Celtic Studies", iml. I (1949-50), ll. 80-93, stanza 22.