San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, ball den ccc ab ea Caoilte (Sean-Ghaeilge Caílte) mac Rónáin, nia Fhionn mhic Cumhaill. Bhí cumas aige rith ar luas lasrach agus labhairt le hainmhithe. Ba scéalaí den scoth é, agus luaitear roinnt dánta na Fiannaíochta leis.

SinsearachtCuir in Eagar

Sa scéal gearr as MeánGhaeilge Finn agus Gráinne, insítear gurb í a shinsearach "mac OisgenConscen, mac ghabha Múscraige Dobrut; is mac iníon Chumaill é."

Cath GabhraCuir in Eagar

Insítear sa seanscéal Cath Gabhra nár tháinig slán de bhaill na bhFiann i ndiaidh an chatha deiridh ach an bheirt ghaiscí, Caílte agus Oisín. Is príomh-phearsana iad sa scéal Acallam na Senórach, ina maireann siad go ré na Críostaíochta, agus insíonn siad scéalta na bhFiann do Naomh Pádraig, tagtha le gairid.

Cas CorachCuir in Eagar

Laoch seanscéalach ab ea Cas Corach a chabhraigh le Caílte tri ainmhí ar nós conreachta, iníonacha Airitech, a mharú. Thagaidís gach Samhain as an uaimh ag Ráth Cruachan amach, agus dhíothaidís caoirigh. TheN bhreá leo ceol, mar sin, sheinn Cas a chruit chun chur isteach orthu agus iad a mhealladh ar ais chuig a riocht daonna, fad is a chaith Caoilte sleá a ndeachaigh tríd an trúir isteach, á marú.

ClaíomhCuir in Eagar

Bhí claíomh aige dárbh ainm Cruachoscarach (Cruadh-Chosgarach[1]).

ScathniamhCuir in Eagar

Bhí iníon ag Bodhbh Dearg mac Daghdha dárbh ainm Scathniamh. Bhí sise agus Caoilte i ngrá, ach cuireadh iachall orthu scaradh óna chéile. Níor bhuail siad le chéile arís go dtí siad beirt sean, seargtha, agus Caoilte ar cheann de na Fianna deireanacha a mhair fós.

FoinsíCuir in Eagar

  • Finn agus Gráinne, eag. agus aistr. Kuno Meyer, "Finn and Grainne." Zeitschrift für celtische Philologie 1 (1897), ll. 458-61. CELT.
  • Cath Gabhra
  • Tá cur síos ar Chaoilte sa dán "The Hosting of the Sidhe" le W.B. Yeats.

TagairtíCuir in Eagar

  1. coscar ar eDIL