Scéal de chuid na Fiannaíochta i Miotaseolaíocht na nGael is ea Cath Gabhra. Insítear scrios na bhFiann agus báis de chuid is mó dá ghaiscígh le linn catha in éadan airm Ard-Rí na hÉireann, Cairbre Lifechair. Is suntasach é go léirítear na Fianna, laochra na scéalaíochta, i gcaoi dhiúltach.[1]

Caomhnaítear Cath Gabhra i go leor leaganacha, agus luaitear é go minic i saothair eile, ina measc dánta maidir le Cairbre Lifechair sa Leabhar Laighneach agus san insint fhada, Agallamh na Seanórach.

An Cath cuir in eagar

Gealladh Sgiam Sholais iníon Chairbre le Maolsheachlainn, prionsa na nDéisí, a raibh a athair Aonghas maraithe ag mic Chairbre,a1 Fíachu Sroiptine agus Eochaid Doimlen. D'éiligh na Fianna agus Fionn mac Cumhaill cáin mhór ar son an phósta, agus shocraigh Cairbre gur thruailligh a gcumhacht iad. Bhailigh sé arm mór ó na hUlaidh, na Laighin agus na Connachta, i dteannta le baicle na bhFiann a thug dílis do Gholl mac Morna, namhaid Fhionn. Ar thaobh Fhionn agus na Fianna eile bhí fir na Mumhan agus na nDéisí. Ag tús an chatha ag Gabhair, mharaigh Cairbre giolla Fhionn, Ferdia. Mharaigh ollghaiscíoch na bhFiann, Oscar mac Oisín rí Cairbre, ach déag sé dá chréachtaí, agus bhí port na bhFiann seinnte.

I leaganacha áirithe, maraíodh Fionn féin ag Aichlech agus é ag caoineadh a gharmhic. Bhuaigh arm Chairbre, agus níor tháinig slán de na Fianna ach Oisín agus Caílte mac Rónáin, a mhair go dtí teacht Naomh Pádraig dhá chéad bliain ina dhiaidh, de réir Agallamh na Seanórach.

Níltear ar aon intinn maidir le suíomh an chatha ó leagan go leagan. De ghnáth, meastar gurb ionann Gabhra agus Baile Gháire, Contae Bhaile Átha Cliath, an mar inniu, de réir eile, tá sé i nGleann Gabhra, suite idir na cnoic Teamhrach agus Achaill, Contae na Mí.[1] De réir roinnt croinicí, tharla an cath sa bhliain AD 284.[1]

Foinsí cuir in eagar

  • MacKillop, James (1998). Dictionary of Celtic Mythology. Oxford. ISBN 0-19-860967-1.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 MacKillop, lch. 78.