Múscraí

dream tábhachtach na nÉrann as Mumhain
(Athsheolta ó Múscraige)
Baineann an t-alt seo leis an dream ársa as Cúige Mumhan; féach Gaeltacht Mhúscraí le haghaidh an cheantair Ghaeltachta i gContae Chorcaí.

Dream tábhachtach na nÉrann as Mumhain ab ea an Múscraí (Sean-Ghaeilge Músgraige), síolraithe ó Chairbre Músc mac Chonaire Chaoimh, Ard-Rí na hÉireann.

Sinsearacht cuir in eagar

Tá dlúthghaol acu leis an Síol Chonaire, mar atá an Chorca Dhuibhne, an Chorca Bhaiscinn, as Mumhain araon, agus an Dál Riada as Ulaidh agus Albain. Sinsear níos faide amach ab ea an rí seanscéalach Conaire Mór mhic Eidirscéil mhic Íair mhic Dedad mhic Shin.

Faightear ginealaigh thaoisigh na treibhe sa Leabhar Laighneach.[1][2]

Cumhacht pholaitiúil cuir in eagar

Go suntasach, bhí siad ina n-íochtaráin agus áisitheoirí ar son na nEoghanacht.

Ba é Flaithbertach mac Inmainén ina Rí na Mumhan de shliocht an Mhúscraí.

Tailte cuir in eagar

Cé go mbíodh mion-ríochtaí an Mhúscraí anseo is ansiúd ar fud Cúige Mumhan, d'fhaightí na cinn is mó sna barúntachtaí de Mhúscraí (Thoir agus Thiar) an lae inniu,[3] i lár Chontae Chorcaí. Réamh-Eoghanachta ab ea na treibhe nó clanna, 'sé sin, roimh an 6ú haois. Ag an am sin, ní théadh críocha Múscraí Mittaine ó dheas den Laoi (cé go dtéann an abha tríd na barúntachtaí inniu).

Is iad a leanas príomhchlanna an Mhúscraí:

Túath Barúntacht Contae
Múscraige Tíre Urumhain Íochtarach
agus Uaithne agus Ara[4]
Tiobraid Árann
Múscraige Breoghain Clann Liam Tiobraid Árann
Múscraige Trí Maighe[5][6] Orbhraí agus An Choill Mhór agus
cuid de Dúiche Ealla
Corcaigh
Múscraige Mittaine Múscraí Thoir,
Múscraí Thiar
agus Baróidigh[7]
Corcaigh
Múscraige Aodha
(nó Múscraige Luachra)
Barúntachtaí éagsúla Corcaigh, Tiobraid Árann
agus Luimneach

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ó Murchadha, Diarmuid, Family names of County Cork, lch. 153.
  2. An Leabhar Laighneach, Baile Átha Cliath, CnT, MS 1339 (olim MS H 2.18)
  3. Mumu le Dennis Walsh
  4. MacLysaght (More Irish Families), notes that the O'Donegans of Aradh (Ara) in Múscraige Tíre became dispersed by the O'Briens whose chief there became Mac I Brien Ara.
  5. O'Hanlon John, Canon O'Hanlon, The Lives of the Irish Saints, luaite in "Under the Oak". "In the ancient taxation of the diocese of Cloyne, there is a rural deanery, called Muscry-donnegan. It contains the parishes now comprehended in the baronies of Orrery and Kilmore, with small adjacent portions of Duhallow and Fermoy. Among the Churches in this deanery, Orwerg, (i.e. Orbraidhe or Orrery) and Fersketh, (i.e. Feart Skeithe,) called Ardskagh are two. This latter is now known as Ardskeagh. Thus, the identity of Muscraighe-tri-maighe and the barony of Orrery is proved to a demonstration.
  6. MacLysaght (More Irish Families) notes that O'Donegan's country was the alias for Múscraige Tri Maighe and that the territory passed into the possession of the Cambro-Norman de Barry family in the 13th century.
  7. T. M. Charles-Edwards, The Chronicle of Ireland. Translated texts for historians., Imleabhar 44, lch. 126.