I Miotaseolaíocht na nGael, ba Ard-Rí na hÉireann é Eidirscéal Mór (Sean-Ghaeilge Eterscél Mór), mac Íar mac Dedad, sliocht de chlann Óengus Tuirmech Temrach, d'Érainn na Mumhan. Tháinig sé i réim i ndiaidh Eochaidhe Airimh

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarEterscél Mór
Cineálduine a d’fhéadfadh a bheith ficseanúil Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileMeas Buachalla Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEogan I mac Oililla (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíConaire Mór mac Eterscél Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht cuir in eagar

Ní raibh clann ar bith ag Eidirscéal, ach tairngríodh go mbéarfadh bean de chine anaithnid mac dó. D'aimsigh agus phós sé le Mess Búachalla an áilleacht, iníon Éadaoine agus iar-ardrí Eochaidh Feidhil.[1] De bharr a giniúna colaí, cuireadh lasmuigh gan clúdach í, ach fuarthas agus tógadh í le tréadaí agus a bhean chéile. Oíche amháin, i dtigh Eterscéil, thug fear neamhaithne cuairt uirthi, ag eitilt tríd an spéirléas i riocht éin, agus ghin sí a mhac, ardrí na todhchaí Conaire Mór, a tógadh mar mhac Eterscéil.[2]

Achar Ama cuir in eagar

Bhí Eiderscéal i réim ar feadh cúig nó sé bliana (ag brath ar fhoinse). Mharaigh Nuadha Neacht é ag cath Aillenn agus tháinig i réim ina áit.

I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim:

Tagairtí cuir in eagar

  1. nó, i dTochmharc Éadaoine, a dheartháir Eochaidh Aireamh agus a iníon le hÉadaoin; Gantz, 1981, ll. 37-59
  2. Jeffrey Gantz (aistr.), Early Irish Myths and Sagas, Penguin Classics, 1981, ll. 60-106
  3. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 299-301
  4. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn 1.37
  5. Annála na gCeithre Máistrí, M5084-5089
Réamhtheachtaí
Eochaidh Aireamh
Ard-Rí na hÉireann
LGE 1d aois RC
FFE 70–64 RC
ACM 116–111 BC
Comharba
Nuadu Necht