Óengus Tuirmech Temrach
I Miotaseolaíocht na nGael, Ardrí seanscéalach na hÉireann ab ea Aonghas Tuirmeach Teamhrach (Sean-Ghaeilge Óengus Tuirmech[1] Temrach) mac Eochaid Ailtlethan.
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Náisiúntacht | Éire |
Muintir | |
Athair | Eochaid Ailtleathan |
Leanaí | Énna Aignech |
Eile | |
Cúram | Ardrí na hÉireann |
Tháinig sé i gcoróin tar éis dó an t-iar-ardrí agus marfóir a athar, Fergus Fortamail, a mharú. Bhí sé i réim ar feadh tríocha nó seasca bliain. Fuair sé bás ag Teamhair, agus tháinig a nia Conall Collamrach i gcomharbacht air.
Sliocht
cuir in eagarI measc a mhac bhí Énna Aignech agus Fiacha Fear Mara.
in am agus i dtráth, tháinig Énna i gcoróin mar Ardrí. Ba shinsear é de Chonn Céadchathach agus dá bharr d'Ardríthe na gConnachta agus na clainne Uí Néill.[2]
Deirtear go raibh Fiacha ag Aonghas lena iníon féin agus é ar meisce. Tar éis a bhreithe, chuir sé i mbád é, clúdaithe i bhfallaing chorcra le himeall óir, in éineacht le ciste, agus chuir ar seol é – dá bharr a bhua-ainm fear mara. D'aimsigh agus thóg fir iascaireachta é. Ba shinsear é de roinnt Ard-Ríthe na hÉireann, d'Ailill Érann agus Clanna Dedad, agus in an trátha, den Dál Riata, ríthe na hAlban.
Sanasaíocht
cuir in eagarDe réir Leabhar Gabhála na hÉireann, ciallaíonn a bhua-ainm "áiritheoir na Teamhrach", toisc gurbh é a rinne an chéad áireamh in Éirinn (Turbech imorro, is leis dorindead “turbeach” in Érinn riam; is dé fa “hAengus Turmeach” he.)[3] Deir Seathrún Céitinn ámh gur Tuirbeach,[4] náire, é a bhua-ainm, toisc gur gabhadh Fiacha trí chiorrú coil.[5]
Achar ama
cuir in eagar- Leabhar Gabhála na hÉireann: Ptolemy VI Philometor na hÉigipte (180–145 RC).
- Foras Feasa ar Éirinn: 262–232 RC.
- Annála na gCeithre Máistrí: 385–326 RC.[6]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ tuirmech ar eDIL
- ↑ Le fírinne, is doiléir é sliocht na gConnachta roimh Thuathal Teachtmhar, maraon le Clanna Dedad roimh Dedu mac Sin. Más fíor gur chomhshinsear é Aonghas Toirmheach Teamhrach, bheadh na Chonnachta ina craobh luath na n-Érainn.
- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 283-287
- ↑ ? tuirbeach ar eDIL.
- ↑ Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1.30
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M4815-4875
Réamhtheachtaí Fergus Fortamail |
Ardrí na hÉireann LGÉ 2a haois RC FFÉ 262–232 RC ACM 385–326 RC |
Comharba Conall Collamrach |