Fergus Fortamail
tiarna Éireannach
I Miotaseolaíocht na nGael, Ardrí seanscéalach na hÉireann ab ea Fearghas Fortúil (Sean-Ghaeilge Fergus Fortamail) mac Bresal Brecc mac Óengus Ollom mac Ailill Bracan mac Labraid Loingsech.
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Náisiúntacht | Éire |
Tháinig sé i gcoróin tar éis dó a réamhtheachtaí, Eochaid Ailtlethan, a mharú i rith catha. Bhí sé i réim ar feadh a haon déag, a dó déag nó dhá bhliain déag go leith, sular mharaigh Óengus Tuirmech Temrach mac Eochada é i mbun catha ag Teamhair.
Achar ama
cuir in eagar- Lebor Gabála Érenn: Ptolemy VI Philometor na hÉigipte (180–145 RC).[1]
- Foras Feasa ar Éirinn: 274–262 RC.[2]
- Annála na gCeithre Máistrí: 396–385 RC.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aist.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 283
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, 1.30
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M4804 - 4815
Réamhtheachtaí Eochaid Ailtlethan |
Ardrí na hÉireann LGÉ 2a haois RC FFÉ 274–262 RC ACM 396–385 RC |
Comharba Óengus Tuirmech Temrach |