Conaire Cóem
rí Éireannach
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Conaire Caomh (Sean-Ghaeilge Conaire Cóem) mac Mug Láma, mac Coirpre Crou-Chend, mac Coirpre Firmaora mac Chonaire Mhóir.
Gníomhaíocht | |
---|---|
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Caibre Riata |
Tháinig sé i gcoróin tar éis bás a athar chéile, Conn Cétchathach. Bhí sé i réim ar feadh seacht nó ocht mbliana sular mharaigh Nemed mac Sroibcenn é, i rith Chath Gruitine. Tháinig Art mac Cuinn i gcomharbacht air.
Achar ama
cuir in eagar- Leabhar Gabhála na hÉireann: Impire na Róimhe, Commodus (180–192 AD).[1]
- Foras Feasa ar Éirinn: 136–143 AD[2]
- Annála na gCeithre Máistrí: 157–165 AD.[3]
Sliocht
cuir in eagarBhí triúr mac ag Conaire le Saraid iníon Choinn. Sinsear an tSíl Conairi ab ea a thríú mac,[4] ainmnithe as Conaire Caomh féin, nó a shinsearsa Conaire Mór.
- Cairpre Músc, sinsear Múscraige agus Corcu Duibne.
- Cairpre Baschaín, sinsear Corcu Baiscind
- Cairpre Riata, sinsear Dál Riata
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 335
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, 1.40
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M157 - 165
- ↑ cé acu?
Réamhtheachtaí Conn Cétchathach |
Ard-Rí na hÉireann LGÉ 2a haois AD FFÉ AD 136–143 ACM AD 157–165 |
Comharba Art mac Cuinn |