Art mac Coinn
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Art Mac Coinn (Sean-Ghaeilge Art mac Cuinn), aitheanta chomh maith mar Art Aonfhear (Art Óenfer).
Ardrí na hÉireann | |
---|---|
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Céile | Méabh Leathdhearg |
Páirtí | Achtan |
Páiste | Cormac mac Airt ( ) |
Athair | Conn Céadchathach |
Siblín | Sadb ingen Chuinn |
Clann
cuir in eagarDe réir an seanscéil Echtra Condla, bhí deartháir aige darbh ainm Connla Dearg, a thit i ngrá le bansidhe agus chuaigh in éineacht léi go Mag Mell, never to be seen arís. Bhí Art ina aonar as sin amach, agus dá bharr a bhua- ainm Aonfhear.[1] Deir Seathrún Céitinn ámh go raibh beirt deartháireacha aige, Connla agus Crionna, a mharaigh a n-uncail Eochaid Finn iad.[2]
Bé Chuille
cuir in eagarThit Bé Chuille na dTuath Dé Danann i ngrá le hArt, ach ghéill sí a athair Conn a phósadh ina ionad nuair a fuair sí an t-eolas gur bhaintreach fir é, ar an mbonn go ndíbreofaí Art as Teamhair ar feadh bliana. Chuir an éagóir seo gorta ar fud na hÉireann, go dtí gur chuir Art iachall ar Bhé Chuille imeacht, tar éis di cluiche fichille a chailleadh.[3]
I leagan eile den scéal, chuir Bé Chuille geis ar Art, tar éis dó féin cluiche fichille a chailleadh, faoinar éigean dó Éire a fhágaint go dtí go dtarrthála sé Dealbhchaomh (Delbchaem), bruinneall. Thug Art cuairt ar Thír na nIontas, ag tabhairt faoi bhaoil as cuimse. Bhí air máthair Dhealbhchaoimhe a mharú - pearsa osnádúrtha scanrúil a bhí inti, a thug na draoithe tuar di go maródh suiríoch a hiníne í. Nuair a d'fhill Art agus Dealbhchaomh go Teamhraigh, chuir Dealbhchaomh ar dhíbirt í Bé Chuille, agus tháinig torthúlacht na hithreach ar ais.[4]
Réim
cuir in eagarTháinig Art i gcoróin i ndiaidh bás a dhearthár chéile Conaire Cóem, maraithe ag Nemed mac Sroibcenn sa Chath Gruitine.
I rith a réime, bhain mic Chonaire díoltas as Nemed agusa chomhghuaillí, mic Aillealla Auloim, sa Chath Cennfebrat i Mumhain. Gortaíodh mac altrama Ailealla Lugaid mac Con sa cheathrúin i rith an chatha, agus díbríodh é ó Éirinn. Rinne sé comhaontas le Benne Brit, mac rí na Breataine, bhailigh arm gallóglach, agus d'fhill ar Éirinn. Chloígh agus mharaigh sé Art i rith Cath Maigh Mucruimhe i gConnacht.[5] Bhí sé i réim ar feadh fiche nó tríocha bliain.
Tuar Oilc Acha
cuir in eagarDe réir an tseanscéil, thug Olc Acha, gabha áitiúil, fáilte roimh Art an oíche roimh Chath Maigh Mucruimhe. Tugadh tuar d'Olc go dtiocfadh gradam mór dá shliocht, agus thug sé a iníon Achtan chun luí le hArt. Gineadh Cormac mac Airt an oíche úd.[6] De réir Céitinn ámh, bean choibhche oifigiúil Airt ab ea Achtan, a thug sé spré bólachta di; ba í Medb Lethderg a bhean chéile agus máthair a pháistí eile.[7]
Achar ama
cuir in eagar- Leabhar Gabhála na hÉireann: Impire na Róimhe, Commodus (180–192).[8]
- Foras Feasa ar Éirinn: AD 143–173.
- Annála na gCeithre Máistrí: AD 165–195.
Craobh ghinealaigh
cuir in eagarFedlimid Rechtmar | Cathair Mór | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Conn Cétchathach | Eithne Táebfada | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Medb Lethderg | Art mac Cuinn | Achtan | Saruit | Macnia mac Lugdach | Sadb | Conaire Cóem | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cormac mac Airt | Eithne Ollamda | Lugaid mac Con | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cairbre Lifechair | Diarmuid Ua Duibne | Gráinne | Fionn mac Cumhaill | Aillbe | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Connachta | Uí Néill | Airgíalla | Colla Da Chrioch | Uí Maine | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "The Adventures of Connla the Fair", Cross & Slover 1936, ll. 488-490
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, 1.41
- ↑ "The Adventures of Art son of Conn", Cross & Slover 1936, lch. 491–502
- ↑ Mountain, Harry (1998). "The Celtic Encyclopedia, Volume 2". Universal Publishers.
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M165-195
- ↑ The Battle of Mag Mucrama ar maryjones.us
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, 1.43
- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 335
Réamhtheachtaí Conaire Cóem |
Ard-Rí na hÉireann LGÉ 2a haois AD FFÉ AD 143–173 ACM AD 165–195 |
Comharba Lugaid mac Con |