Geis

Gealltanas miotasach

Cosc gan chiall is ea geisairmert,[1] i gcodarsnacht le reacht réasúnach dlí. As Breatnais, deirtear cynnedyf. Faightear a leithéid de chosc ar shlí éigin i sagartacht Rómhánach agus Gearmánach, go háirithe flamines na Róimhe.[2]

Geasa an chine

cuir in eagar

Bhíodh dreamanna ar leith faoi gheasa bia: na Briotanaigh, giorria, cearc nó gé;[3] na Albanaigh iasc;[4] na Galátaigh, muiceoil;[5] agus na Gaeil, grús. Den Grabbeigaben nach zu schließen, níor coinníodh síoraí seasta na geasa seo.[2] Mar gheis bhia sa bhreis in Éirinn ársa, ní raibh cead dul i gcarbad catha le trí naonna lá tar éis feoil chapaill a ithe.[6]

Bhí na hUlaidh faoi gheis gan thar ballaí rua a dhreapadh,[6] agus gan a gcarbaid a thiomáint ó thaobh chlé d'Eamhain Mhacha.[7]

Geasa an rí

cuir in eagar

Ba chóir do rí gan bheith ainimh choirp. De bharr na geise seo, bhí ar Nuadha a choróin a thabhairt suas, tar éis ar baineadh a lámh de i rith Cath Maighe Tuireadh. Dá mba éagórach é an rí (gáu flathemon, gó/bréag fhlaithis) nó dá n-inseodh sé bréag, bhainfí mí ádh dá theaghlach go léir, mar shampla, neamhthorthúlacht daoine, ainmhithe agus nádúir.[8] De bharr seo, feictear an gáu flathemon i leabhair seanghaelaigh dlí faoin nath garbh cacc for enech (cac ar oineach/clú).[9]

Bhí (Ard-)rí na Teamhrach faoi gheis éirí as a leaba roimh éirí na gréine, dul gan stopadh ar an gCéadaoin ar Mag Breg, agus gan dul san oíche trí Mag Cuillin. Bhí rí na Laighean faoi gheis gan dul a chodladh idir Baile Átha Cliath agus an Dothra (craobh-abhainn na Life), fanacht naoi lá sa bhliain ar Mag Cualann, dul ar an Luan Montag thar Belach Duiblinne, agus a chuid gruaige a choinneáil in aimhréidh. Bhí rí na gConnacht faoi gheis gan dul ar an Samhain go dtí Ráth Cruachan. Bhí rí na nUladh faoi gheis gan feoil na n-ainmhithe le Dáire mac Dáire a ithe, agus gan uisce na habhann Bó Nemid a ól i rith an lae ghil.[10]

Bhí geis ann fosta gan labhairt roimh an rí, agus ó thaobh an rí de, bhí air labhairt ar dtús le triúr draoithe.

Geasa an duine

cuir in eagar

Go minic, ba iad geasa frithráiteacha ba chúis deireadh na laochra Ceilteacha. Ní raibh le déanamh ag namhad ach iachall a chur ar an laoch geis amháin nó geis eile a shásamh, ach ní an dá le chéile.

  • Bhí Conaire Mór faoi gheasa gan gach re naoú oíche a chaitheamh laistigh de Teamhraigh; gan oíche a chaitheamh i dtigh le sorntine ag lonrú amach san oíche agus gurbh fhéidir féachaint isteach ann; gan dul go tigh cailín rua gan triúr rua os a chomhair; srl.[11]
  • Bhí dhá gheis ag Cú Chulainn, gan feoil chú a ithe, ach fosta gan bhéile tairgthe a dhiúltú (féach auch Anbhás Chú Chulainn).
  • Bhí geasa ar mhac Chú Chulainn, Connla gan bheith caite ón mbóthar ag éinne, a ainm ariamh a insint d'éinne, agus comhraic aonair ariamh a dhiúltú (féach fosta Anbhás Aonmhic Aoife).
  • Bhí geis ar Fhionn mac Cumhaill gan fia rua a sheilg nó a ithe.
  • Bhí geis ar Fhearghas mac Róich gan leann tairgthe a dhiúltú
  • Bhí geis ar Fhearghas mac Léite gan tumadh i Loch Rudraige isteach (féach fosta Echtra Fergusa maic Léti).
  • Bhí Fothad Canainne faoi gheis go raibh cinn triúir naimhde cloíte aige ag ól leanna.
  • Bhí Caier mac Guthair, rí na gConnacht, faoi gheis scian áirithe a bheith aige i gcónaí.
  • Bhí Conall Cearnach faoi gheis fanacht ag áth durchquerten go dtí go raibh an t-uisce glan arís
  • Bhí Cormac Cond Longas faoi gheis gan chuing déanta as adhmaid fuinseoige a überfahren, nó fuaim chláirsí áirithe a chloisteáil.
  • Bhí tiarna talún na nUladh Blaí Briugu faoi gheis luí le gach bean ar fhan leis thar oíche gan a fear féin .[2]

Féach fosta

cuir in eagar


  1. airmert, bang, geis; ainmbhraithar de ar-berta
  2. 2.0 2.1 2.2 Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3, lch. 827 f.
  3. Caesar, De Bello Gallico, V. 12
  4. Cassius Dio, LXVII 12
  5. Pausanias, VII 17, 10
  6. 6.0 6.1 Rudolf Thurneysen: Die irische Helden- und Königssage bis zum siebzehnten Jahrhundert. Halle 1921, lch. 385.
  7. Myles Dillon, Nora Kershaw Chadwick: Die Kelten. Von der Vorgeschichte bis zum Normanneneinfall. Kindlers Kulturgeschichte, ISBN 3-89340-058-3, lch. 194.
  8. Myles Dillon, Nora Kershaw Chadwick: Die Kelten. Von der Vorgeschichte bis zum Normanneneinfall, Kindlers Kulturgeschichte, ISBN 3-89340-058-3, ll. 170 f.
  9. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 889.
  10. Myles Dillon, Nora Kershaw Chadwick: Die Kelten. Von der Vorgeschichte bis zum Normanneneinfall. Kindlers Kulturgeschichte, ISBN 3-89340-058-3, lch. 195.
  11. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3, lch. 878. (Sách ait í gheis an chailín rua!)