Féth fíada

ceo draíochta

ẰI Miotaseolaíocht na nGael, ceo draíochta ba ea Féth fíada[1], a raibh ar a gcumas ag na Tuatha Dé Danann a mhuscailt, chun iad a dhéanamh dofheicthe.

Seanscéal cuir in eagar

I Leabhar Gabhála na hÉireann, deirtear i sliocht amháin gur tháinig na Tuatha Dé Danann go hÉirinn "gan bháid gan soithí, i néalta ceo". I sliocht ina dhiaidh ámh, moltar míniú réasúnach, gur tháinig na Tuatha Dé go hÉirinn ó thar lear, agus dhóigh siad a gcuid bád tar éis tagtha i dtír. Ba é de bharr deatach na mbád ag dó go ndúradh gur tháinig siad i néalta ceo".[2] Ag iarraidh teacht Chlainne Mhíle a chosc le cabhair ó féth fíada, chloígh Amergin Glúingel iad lena amhrán.[3]

Faightear sampla den cheo draíochta in Altram Tige Dá Medar. Sannann Manannán mac Lir Sidhe le gach ball desna Tuatha Dé, agus músclaíonn sé an féth fíada chun iad a cheilt ó dhaoine daonna.[4][5]

Sa Rúraíocht, faightear a leithéid de cheo draoíochta sa scéal Fleadh Bhricreann.[6]

Naomh Pádraig cuir in eagar

Cuireadh in am trátha an cheo draíochta i leith na naomh Críostaí.[7] Faightear tagairt don féth fíada i Lúireach Phádraig, léirithe le Naomh Pádraig féin. I dteannta leis an lúireach fhileata, tá míniú próis faoina bunús.

Agu an toil aige bac a chuir ar an naomh agus a bhuíon teacht go Teamhraigh chun an creideamh a scaipeadh, chuir an t-Ard Rí Laoghaire mac Néill feadhain amach chun iad a aimsiú agus a ghabháil. Ach d'aithris Pádraig an lúireach seo, a chuir in iúl dá dtóraithe gurbh fhianna nó oisíní iad.[8]

Tugadh an teideal Fáeth Fiada don lúireach, le brí "glao fia" a deirtear, cé gur soiléir é go bhfuil an nath fréamhaithe ó féth fíada. De réir Stokes agus Strachan, is mílitriú é fáeth fiada de fóid fiada, truaillithe a thuilleadh fós mar feth fia i Leabhar Bhaile an Mhóta, 345b 26.[9][10]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. féach 1 féth ar eDIL
  2. Macalister, ¶321,322,327
  3. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3, lch. 946 f.
  4. Dobbs 1929, Altrom Tighe Da Medar, "in Feth Fiadha", lch. 192
  5. Mackillop 1998
  6. Henderson 1899, FB §39 (lch. 48)
  7. Mackillop 1998
  8. Strachan, John (1901). "Thesaurus Palaeohibernicus". CUP Archive. 
  9. Stokes & Strachan 1901, iml. 2, lch. xl (réamhrá)
  10. féach fosta 1 féth ar eDIL: "The name fáeth fiada ... given to the hymn composed by St. Patrick ... is prob. the same expression".