I Miotaseolaíocht na nGael, bard, draoi agus breitheamh an Chlann Mhíle ab ea Amhairghin Glúingheal (Sean-Ghaeilge Amergin[1] Glúingel). Ceapadh é mar an chéad Ollamh Éireann ag a bheirt dheartháireacha, chomhríthe na hÉireann. Tá líon mór dánta a luaitear leis, mar chuid de mhiotaseolaíocht Chlann Mhíle.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAmergin Glúingel
Cineálcarachtar miotasach Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht

cuir in eagar

Amhairghin, Sean-Ghaeilge Amar-gin,[2] Amhrán-ginte nó Rugadh le hAmhrán.

Lonnaitheoir

cuir in eagar

Bhí sé ina bhall den arm a chloígh na Tuatha Dé Danann agus a thóg Éire, mar cúiteamh as dúnmharú a sheanuncail Íth, a maraíodh de ghníomh fill ag trí ríthe na dTuath Dé, Mac Coill, Mac Ceacht agus Mac Gréine. Tháinig siad i dtír ag Inbhear Scéine,[3] ainmhithe as bean chéile Amhairghin a fuair bás ar muir. Thug triúr banríona na dTuath Dé Danann, (Banbha, Ériu agus Fódhla), duine ar dhuine, cead d'Amergin agus a mhuintir lonnú in Éirinn. D'iarr gach deirfiúr air an tír a ainmniú astu, rud a rinne sé. Is í Ériu bunús ainm na tíre, Éire; agus faightear Banbha agus Fódhla mar ainmneacha fileata d'Éirinn, maraon le "Albion" le haghaidh "An Bhreatain".

B'éigean don Chlann Mhíle an t-oileán a chloígh, i gcogadh in éadan an triúir ríthe, a ndraoithe agus a ngaiscí. Bhí Amhairghin ina bhreitheamh neamhchlaonta i rith an chatha, agus chum sé rialacha an chomhraic. Thoiligh an Chlann Mhíle dul siar ón trá ar fad naoi dtonn san fharraige - teorainn draíochta ab ea sin. Nuair a tugadh comhartha, sheol siad i dtreo na trá, ach mhúscail draoithe na dTuath Dé stoirm draíochta chun cosc a chur orthu an tír a shroichint. Chan Amhairghin ámh achainí d'anam na hÉireann, atá clú uirthi fós mar Amhrán Amhairghin (féach thíos), agus bhí sé in ann an stoirm a cheansú agus thóg sé long amháin slán i dtír. Maraíodh a lán ar an dá thaobh le linn níos mó ná sin chatha amháin, ach thug an Clann Mhíle an lá leo. Maraíodh an triúr ríthe i gcomhrac aonair leis na triúir mac Mhíle a mhair, Éber Finn, Érimón agus Amhairghin.

Roinn Amhairghin an tír idir a bheirt dheartháireacha, Éber sa deisceart agus Érimón sa tuaisceart.[4][5][6] Laistigh den bhliain, chloígh Érimón Éber, agus d'éirigh ina aon-rí na tíre, agus dhá bhliain dár gcionn, mharaigh sé Amhairghin i gcath eile.[7][8] De réir nósanna áitiúla i nDroichead Átha, tá a uaigh le fáil ag Cnocán an Mhuilinn.[9]

Amhrán Amhairghin

cuir in eagar
Sean-Ghaeilge[10] Nua-Ghaeilge[11]

Am gáeth i mmuir.
Am tond trethan i dtír.
Am fúaim mara.
Am dam secht ndírend.[12]
Am séig[13] i n-aill.
Am dér gréne.
Am caín.
Am torc ar gail.
Am hé[14] i llind.
Am loch i mmaig.
Am briandai.
Am bri danae.[15]
Am gai i fodb. feras feochtu.
Am dé delbas do chind codnu.
Coiche nod gleith[16] clochur[17] slébe.
Cia on cotagair aesa éscai[18].
Cia dú i llaig funiud grene.
Cia beir búar o thig Temrach.
Cia buar Tethrach[19]. tibi.
Cia dain.[20]
Cia dé delbas faebru. a ndind ailsiu.
Cáinte im gaí.
Cáinte gaithe.

Is mise gaoth ar mhuir.
Is mé tonn i dtír.
Is mé fuaim na mara.
Is damh seacht mbeann mé.
Is seabhac mé ar aill.
Is mé deor na gréine.
Is mé caoin.
Is torc mé ar ghal.[21]
Is bradán mé sa linn.
Is mé loch ar mhá.
...
Is mé brí an dána.
Is mé ga ar fadhb. ...
Is dia mé, dealbhóir géillsineach.
Cé an té le nod slí na gcloch sléibhe?
Cé gair[22] aois na gealaí?
Cá dú[23] dul faoi na gréine?
Cé beir buar ó thigh Teamhrach ?
Cé buar Teathra le gean?[24]
Cé daon?[25]
Cé dia, dealbhóir arm faobhrach? ...
Cáinte[26] ...
Cáinte gaoithe.

Tá deich n-aistriúchán agus leagan Béarla le fáil ar celticmythpodshow.com Curtha i gcartlann 2012-01-05 ar an Wayback Machine, ina measc le John Carey, R. A. Stewart Macalister agus Enya. Tá an t-aistriúchán Béarla den amhrán le Lady Gregory[27] le feiceáil chomh maith ar Wikipedia via sacred-texts.com.

Taispeánadh ar an scáileán mór é Amhrán Amhairghin agus dánta eile dá chuid i scannán déanta ag Anú Pictures, le haistriúcháin le Carey, MacAlister, John Moriarty agus Gabriel Rosenstock.

Miotaseolaíocht na Breataine Bige

cuir in eagar

Tá cosúlachtaí le feiceáil ó thaobh ábhair Amhairghin de i roinnt filíocht na Breataine Bige ón luath-mheánaois, luaithe le file na 6ú haoise Taliesin sa Book of Taliesin.[28]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. leaganacha: Amorghain, Amairgin, Amorgen, Aimhirghin
  2. amar ar eDIL
  3. Inbhear Scéine ar logainm.ie
  4. Leabhar Gabhála na hÉireann §65-95
  5. Maighréad C. Ní Dobs, "Tochomlad mac Miledh a hEspain i nErind: no Cath Tailten" Études Celtiques v.II, Paris: Librairie E. Droz, 1937
  6. Foras Feasa ar Éirinn 1.21, 22, 23
  7. Annála na gCeithre Máistrí M3500-3503
  8. Foras Feasa ar Éirinn 1.24
  9. Cnocán an Mhuilinn ar logainm.ie
  10. Leabhar Gabhála na hÉireann, lch. 49, sa Leabhar Laighneach ar CELT
  11. aistrithe, le béim ar na hainmhithe: damh, seabhac, torc, bradán
  12. dírend ar eDIL
  13. séig ar eDIL
  14. 4 é ar eDIL
  15. 2 bri ar eDIL
  16. gleth ar eDIL
  17. clochar ar eDIL
  18. ésca(e), éisce ar eDIL
  19. De réir Tochmharc Eimhire, is ionann seo agus éisc na mara, cf. celticmythpodshow.com Curtha i gcartlann 2012-01-05 ar an Wayback Machine
  20. doén ar eDIL
  21. gal
  22. gair2 (b) Lit. At teanglann.ie FGB
  23. dú 1. ar teanglann.ie FGB; áit
  24. Féach tibh ar teanglann.ie FGB
  25. daon ar teanglann.ie FGB; duine daonna
  26. cáinte ar teanglann.ie FGB; aoir
  27. Gods and Fighting Men, Leabhar I, Cuid III ar sacred-texts.com
  28. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 13


Réamhtheachtaí
cruthaithe
Príomh Ollamh na hÉireann
Aois miotasach
Comharba
Lugh