Enya
Is ceoltóir as Gaoth Dobhair, Tír Chonaill í Eithne Ní Bhraonáin nó Enya (rugadh 17 Bealtaine 1961). Tá clú domhanda uirthi mar gheall ar an bhfuaim neamh-ghnáth atá ina cuid ceoil agus tá beagnach 80 milliúin ceirníní díolta aici ar fud na cruinne.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (ga) Eithne Pádraigín Ní Bhraonáin 17 Bealtaine 1961 63 bliana d'aois Gaoth Dobhair, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Enya |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, pianódóir, cumadóir, cumadóir amhrán, ealaíontóir taifeadta |
Tréimhse oibre | 1976 – |
Ball de | Clannad (1980–1982) |
Seánra | Ceol na hAoise Nua, ceol Ceilteach agus operatic pop (en) |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Cineál gutha | Meánsoprán |
Uirlis | Pianó agus ceol gutha |
Lipéad ceoil | Warner Music Group |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Athair | Leo Ó Braonáin |
Siblín | Máire Ní Bhraonáin, Brídín Ní Bhraonáin, Pól Ó Braonáin agus Ciarán Brennan |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | enya.com |
|
Beathaisnéis
cuir in eagarBa as Gaoth Dobhair agus Contae Shligigh dá muintir. Bhí clú agus cáil ar bhaill eile den teaghlach agus iad sa ghrúpa Clannad. Chaith Enya seal gearr ina ball den ghrúpa, agus bhí an-chion ag an lucht éisteachta uirthi i gcoirmeacha ceoil, agus chuaigh sí leo ar chúpla camchuairt san Eoraip. D'éirigh sí Clannad chun gairm a dhéanamh di féin san amhránaíocht chlasaiceach.
Tógadh i nGaeltacht Dhún na nGall í agus tá Gaeilge aici ón gcliabhán. D'aistrigh sí go Baile Átha Cliath de bharr easpa áiseanna ina ceantar dúchais. Tá sí ina cónaí faoi láthair i gcaisleán i gCill Iníon Léinín ar an dtaobh ó dheas den chathair. Tá ceithre dhuais Grammy bainte ag Enya, níos mó ná ceoltóir aonar ar bith eile as Éirinn.
Bíonn sí ag obair le Nicky Ryan agus an scríbhneoir amhrán Roma Ryan. Bhí Nicky ina bhainisteoir ar Clannad sular chaill sé a phost i ndiaidh troid a thoiseacht, mar adúirt sé féin ar Good Morning America, seans mhór faoi thaisme.
I 2005 tháinig albam de chuid Enya amach, Amarantine. Albam den chéad scoth a bhí ann, agus díoladh 7 milliún cóip de agus tá ag éirí go maith le albam nua s'aici And Winter Came....[1]
Dioscaliosta
cuir in eagarLe Clannad
cuir in eagar- Crann Úll (1980)
- Fuaim (1981)
Albaim
cuir in eagar- The Frog Prince (1985) - an chéad diosca ag Eithne ina haonar.
- Enya (1986) - ceol ón tsraith faisnéise The Celts ón BBC.
- Watermark (1988) - An chéad rath domhanda le hamhráin cháiliúla ar nós Cursum perficio agus Storms in Africa.
- Shepherd Moons (1991)
- The Celts (1992, atheagrán Enya)
- The Memory of Trees (1995)
- Paint The Sky With Stars: The Best Of Enya (1997) - bailiúchán le dhá amhrán nua.
- A Day Without Rain (2000)
- Lord of the Rings (2001) - ceol ón scannán leis an ainm céanna.
- Amarantine (2005) tá trí amhrán ar na diosca seo i dteanga a chum an liriceoir Roma Ryan, an loxian. Níl aon amhrán as Laidin ná as Gaeilge, ach ceann amháin as Seapáinis, Sumiregusa.
- And Winter Came... (2008)
- The Very Best of Enya (2009)
- Dark Sky Island (2015)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Reuters | Breaking International News & Views" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2022-10-18.
Naisc
cuir in eagar- Suíomh oifigiúil Curtha i gcartlann 2008-09-10 ar an Wayback Machine