Baile na nGallóglach
Is baile é Baile na nGallóglach[1] (Béarla: Milford) atá suite i dTuaisceart Chontae Dhún na nGall. Is iad Ráth Mealtain, Cill Mhic Réanáin, Ráth Maoláin agus An Cheathrú Chaol na bailte atá lonnaithe i limistéar Bhaile na nGallóglach. Tá an baile suite ag ceann na Maoile Rua, loch mara a scoilteann Leithinis Fhánada ó Iarthuaisceart Dhún na nGall. Tá dhá loch fionnuisce suite in aice leis an bhaile fosta, Loch Fearna agus Loch Caol. Is anseo atá ceanncheathrú an nuachtáin áitiúil The Tirconaill Tribune.
Baile na nGallóglach | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 68 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 15963 |
Bunaíodh an baile san ochtó haois déag, agus b’iad baill de theaghlach Climéis a bhunaigh é.
Stair agus suíomhanna stairiúla
cuir in eagarTá an baile ainmnithe i ndiaidh na nGallóglach, saighdiúrí turastail den scoth. Tharla cath idir na hÉireannaigh (ar chuidigh na Gallóglaigh leofa) agus na Sasanaigh ar chnoc i gCoil an Chratlaigh ar imeall an bhaile. Is é seo an áit as a n-eascraíonn an logainm ‘Baile na nGallóglach'
Plandáil Uladh agus an t-aonach
cuir in eagarLe linn Phlandáil Uladh leithdháileadh an bhaile agus an dúiche máguaird ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1713, thart ar céad bliain i ndiaidh na Plandála, scríobh muintir na háite litir chuig Coláiste na Tríonóide ag iarraidh cead a fháil aonach a eagrú i mBaile na nGallóglach. B'é Coláiste na Tríonóide a tharraing an chéad léarscáil bheacht den cheantar, i 1715.
Bhíodh lá an aonaigh ar siúl ar an tríú lá fichead de gach mí. Eagraíodh aonach fostaithe i Mí na Bealtaine agus Mí Dheireadh Fómhair. Bhí an aonach ar cehann de na haontaí is fearr i nDún na nGall, go háirithe le heallach agus eacha a cheannach agus a dhíol. Thaistilíodh daoine ó na bailte in aice láimhe go Baile na nGallóglach do Lá an Aonaigh. Mar sin féin, faoi na 1960idí bhí na haontaí ag dul in éag agus sa bhliain 1967 fosclaíodh an margadh beostoic i mBaile na nGallóglach. Tharla an tAonach deireanach i mí na Bealtaine sa bhliain 1972.
Teach na mbocht
cuir in eagarMar gheall ar Dhlí na mBocht, a ritheadh sa bhliain 1834, bunaíodh tithe na mBocht ar fud na tíre. D’fhoscail an teach na mbocht i mBaile na nGallóglach ar an séú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1846 le linn an Ghorta Mhóir. Ní raibh aon rogha ag na daoine bochta ach dul chun cónaí i dteach na mbocht. Scaraítí fir, mná, buachaillí agus cailíní go dian agus choinnítí i mbloic éagsúla i dteacht na mbocht iad. Scaraítí lánúineacha pósta fiú, agus ní bhíodh cead acu a bpáistí a fheiceáil ach ar feadh tamall gearr gach lá. B'éigean do gach duine obair de chineál éigin a dhéanamh.
An bácús, an muileann arbhair agus an muileann plúir
cuir in eagarI rith na fichiú haoise b'iad Bácús Bhaile na nGallóglach agus an muileann plúir na hionaid tionscail ba mhó ar bhruach na Maoile Rua. D’fhoscail an bácús sa bhliain 1964, agus ina dhiaidh sin d’fhoscail an muileann plúir sa bhliain 1937. Díoltaí arán agus plúir astu ar fud na tíre. Ar an drochuair, scriosadh an muileann arbhair go hiomlán i dtine ar an seachtú lá is fiche de Eanáir. Ar an dea-uair, ní raibh aon duine sa mhuileann ag an am seo. Tá gach ceann de na gnóthaí seo dúnta inniu.
Inniu
cuir in eagarIn ainneoin cailleadh na ngnólachtaí seo, agus laghdú na turasóireachta, tá Baile na nGallóglach faoi bhláth. Is é an baile tairsí é d'Fhánaid, Na Dunaibh agus Ráth Maoláin. Soláthraíonn an bhaile dhá meánscoileanna do na bailte agus na sráidbhailte san úich mháguaird.
Áiseanna
cuir in eagarTá go leor áiseanna i mBaile na nGallóglach ar nós áiseanna oideachais, ionad sláinte, stáisiún na nGardaí, leabharlann, stáisiún dóiteáin, eagláis, trí siopaí grósaera, gruagaire, siopa búistéara, bialanna, caiféanna, óstán, tréidlia, siopa poitigéara, siopa leictreach, siopa crua-earraí, trí tithe tábhairne agus go leor áiseanna spóirt ar nós halla spóirt, cúirt leadóige, ceithre páirceanna peile (páirc traenáil, páirc sacair, páirc peil Ghaelach agus páirc uile-aimsire).
Oideachas
cuir in eagarTá bunscoil amháin i mBaile Na nGallóglach inniu - Scoil Mhuire. Tá dhá meánscoil ann - Pobalscoil Loreto agus Coláiste na Maoile Rua. Is scoileanna measctha iad. Chomh maith tá ionad oideachais do dhaoine fásta ann. Tá leabharlann sa bhaile fosta. Tá sé suite ag bun an bhaile. Tá go leor seirbhísí ar fáil do pháistí, neacha léinn agus daoine fásta sa leabharlann.
Iompar
cuir in eagarRitheann an bus 974, arna hoibriú ag Patrick Gallagher Travel, idir Leitir Ceanainn, Baile na nGallóglach, agus Na Dúnaibh, trí Ráth Mealtain, Creamhghort, an Gleann, agus Carraig Airt.[2] I dteanna air siúd, oibríonn John McGinley Coach Travel seirbhís idir Baile na nGallóglach agus Leitir Ceanainn fá choinne daoine atá ag iarraidh ceangal lena seirbhís chóiste go Baile Átha Cliath.
Turasóireacht
cuir in eagar‘The Mulroy Woods’ is ainm don t-óstán i mBaile na nGallóglach. Is ón Mhaoil Rua (Béarla: Mulroy Bay) a thagann ainm an t-óstán. Tá an t-óstán suite in áit álainn ar imeall an bhaile.
Bíonn go leor turasóirí ag tarraingt ar Bhaile na nGallóglach mar tá sé suite in aice na farraige, na dtránna agus na gcéanna. Tá ceithre thrá in aice le Baile na nGallóglach - Port an tSalainn, Ráth Maoláin, Na Dúnaibh agus An Trá Mhór. Vótáladh trá Phort an tSalainn an dara trá is áille ar domhan. ]
Seirbhísí reiligiúnda
cuir in eagarTá trí eaglais i mBaile na nGallóglach inniu - Eaglais Naomh Peadar, an Eaglais Phreispitéireach agus Eaglais Naomh Bríde. Tá ceann amháin de na heaglaisí suite ar Bhóthar Chill Mhic Réanáin ar imeall an bhaile. Tá Eaglais Naomh Peadar suite ag bun na príomhshráide agus tá Eaglais Naomh Bríde suite in áit álainn ar a dtugtar An Gabhlán, ar imeall an bhaile.
Spórt
cuir in eagarCLG
cuir in eagarBunaíodh an chéad fhoireann peil Ghaelach sa bhliain 1963. Mulroy Gaels an t-ainm a bhí ar an fhoireann. I ndiaidh 1983 rinneadh athrú ar an ainm go dtí CLG Bhaile na nGallóglach. Trí bhaile atá san fhoireann, Baile na nGallóglach, Ráth Maoláin agus Ráth Mealtain. Bhuaigh siad craobh an chontae sa bhliain 1990.
Sacar
cuir in eagarIs é sacar ceann de na spóirt is luaithe a imríodh sa bhaile le foirne ag dul siar go dtí 1920. Milford Celtic an t-ainm a bhí ar an fhoireann sacair ag an am. Rinneadh athrú ar an ainm go dtí Milford United go luath sna hochtóidí go dtí an lá atá inniu ann.
Daoine
cuir in eagar- Enya. Fuair sí a cuid oideachais i mBaile na nGallóglach.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Baile na nGallóglach/Millford | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
- ↑ Patrick Gallagher Travel. "Patrick Gallagher Bus Timetables". Patrick Gallagher Travel. Dáta rochtana: 08/05/2023.
[1] [2][3][4][5][6][7][8][9][10]
- ↑ "Ireland Reaching Out". irelandxo.com. Dáta rochtana: 2019-12-05.
- ↑ "Milford County Donegal Community Website News, Listings etc". www.thisismilford.com. Dáta rochtana: 2019-12-05.
- ↑ "Club History - Milford GAA Donegal". sites.google.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-20. Dáta rochtana: 2019-12-05.
- ↑ "Milford Archives" (en-GB). Donegal Sport Hub. Dáta rochtana: 2019-12-05.
- ↑ "Old Donegal in Colour" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-12-06.
- ↑ "Milford United Fc" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-12-06.
- ↑ Pádraig Mac Donnchadha (2010-06-28). "History of Gallowglasses In Ireland - Scottish Warriors" (en-US). Your Irish Culture. Dáta rochtana: 2019-12-06.
- ↑ "Loreto Community School, Convent Road, Milford, Co. Donegal, Ireland. T: 074 9153399". www.loretomilford.com. Dáta rochtana: 2019-12-06.
- ↑ "St Peter’s Milford | Milford & Rathmullen Parish" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-03-16. Dáta rochtana: 2019-12-06.
- ↑ Mulroy Woods Hotel. "Award Winning Donegal Hotel & Restaurant | Donegal Hotels" (en). www.mulroywoodshotel.com. Dáta rochtana: 2019-12-06.