Leithinis idir Loch Súilí agus Cuan Mhaoil Ruaidh is í Fánaid ( Fuaim Fánaid), ar chósta thuaidh Thír Cónaill. Is ceantar Gaeltachta é.[1] Is ceantar álainn iargulta é ina bhfuil réimse mór ainmhithe agus éain fian le feiceáil. Tá clú ar an leithinis mar gheall ar an eibhearr uathúil atá ann, Eibhear Fhánada. Usaideadh an t-eibhear seo sa tionscal tógála thart fán domhan, go hairithe i nDún Éideann. Bhí tionscal mór eibhirr i bhFánaid i lár an 20ú haois. Is í feirm iasc bhradain 'Marine Harvest' an phríomhthionscal agus an príomhfhóstaitheoir sa reigúin anois. Tá cósta garbh i bhFánaid ina bhfuil cuid mhór suimheanna fá choinne iascaireachta. Tá clú ar an cheantar as ucht an iascaireacht mhaith glasán agus ronnach atá ann.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachFánaid
Íomhá
CineálCeann tíre Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Dhún na nGall, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 55°16′34″N 7°37′56″W / 55.27609°N 7.63221°W / 55.27609; -7.63221
Gníomhaíocht
Dáta a bunaíodh1817 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceantar é le cuid mhór radharcanna, agus tá cuid mhór tránna ann fósta. Fosclaíodh droichead nua 'Harry Blaney' le déanaí, a cheanglaíonn leithinis Fhánada le leithinis Rosguill. Tá sé níos furasta d'thuraistheoirí freastal ar an cheantar dá bharr.

Tá club pheile Gaelaí amháin sa cheantar, 'Gaeil Fhánada', agus club socair, ar a dtugtar 'Fanad United' an dá phríomhchlub spóirt sa cheantar, agus tá cuid mhór bainte amach acu. Cuireadh tosacht le club sacair eile sa cheantar le déanaí, ar a dtugtar 'Mulroy Celtic'.

Tógadh an teach solais ar cheann Fhánada sa bhliain 1817. Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, ba é Loch Suilí an bhunáit phríomha fá choinne loingeas na gcomhghuaillithe, agus bhí cionn Fhánada ag gardáil an bhealaigh chun na háit.

Fosclaíodh Teach Solais Fhánada do chuairteoirí sa bhliain 2016 agus tá líon mór turasóirí ag tarraingt ar an áit ó shin. Thig le daoine fanacht ins an teach solais thar oíche, agus tá ráth mór ar an tsuíomh fá láthair.


Tagairtí cuir in eagar

  1. "Gaeltacht Fhánada ar chlár nua turasóireachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-19.