I Miotaseolaíocht na nGael (idir Éirinn agus Albain), cine osnádúrtha ab ea an t-Aos Sí (Sean-Ghaeilge: Áes Síde[1]).

Riders of the Sidhe (1911), pictiúr le John Duncan

Deirtear go mbíonn cónaí ar an Aos Sí bíodh faoi thalamh, nó trasna na mara thiar, nó i ndomhan dofheicthe a chómhaireann le domhan an chine dhaonna, mar a insítear i Leabhar Gabhála na hÉireann. As NuaGhaeilge, glaotar daoine na síthe orthu.[2] Deirtear anseo is ansiúd gur sinsir, spioraid an nádúir, nó déithe agus déithe iad.[3]

Feictear i roinnt foinsí tánaisteacha agus treasacha Béarla, údair cáiliúla agus tábhachtacha amhail W. B. Yeats san áireamh, go luaitear an t-aos sí go simplí mar "the sídhe".[4]

Béaloideas agus Creideamh SíCuir in Eagar

I roinnt scéalta de chuid na nGael, is ainm liteartha na dTuath Dé Danann é an Aos Sí, sinsir dhiagaithe na nGael. Mar chuid de choinníollacha a ngéillte do Chlann Mhíle, thoiligh Tuatha Dé cúlú faoi thalamh. I leaganacha níos déanaí, bhí a sí féin do ghach treabh na dTuath Dé. Deirtear gur sár-álainn atá siad, cé go bhféadann siad bheith gránna agus míofar.

Tá nasc idir an aos sí agus amanna áirithe na bliana. Sa chaoi go gcreidtear go mbíonn Tír na nÓg níos giorra don domhan daonna le titim na hoíche agus éirí na gréine, is níos éascaí é dá réir buaileadh leis an aos sí. Tá roinnt féilte ann gaolta leo Samhain, Bealtaine agus Féile Eoin (Lár an tSamhraidh) san áireamh.

 
Sceach gheal, a shíltear sa bhéaloideas agus miotaseolaíocht na nGael araon gur tiomanta don Aos Sí iad

Cleachtar an Creideamh Sí ag iad a bhfuil fonn orthu dea-chaidreamh a choinneáil leis an aos sí agus gan iad a mhaslú.[3] Trí ré na Críostaíochta go dtí an lá inniu, caomhnaítear i nÉirinn, Albain agus i measc an diaspóra, nós táirgthe bainne agus bia tradisiúnta — amhail is bia bruithe, úil nó sméara — don aos.[3]

Creidtear go gcosnaíonn an t-Aos sí go fíochmhar a n-áitribh — cé acu sí, fáinne sí, crann ar leith (go minic sceach gheal), nó loch nó coill áirithe. Dá saorófaí a mbailte, chuirfidís an ruaig ar na daoine nó rudaí úd. Déantar dá bharr iarrachtaí áiteanna beannaithe an aosa a chosaint ó thoghail déanta bóithre nó tithe.[3][5] Tá scéalta den saghas sin mar bhunús de mhiotas na n-iarlaisí i mbéaloideas iarthar na hEorpa, .i. go ndéanann an t-Aos Sí fuadach ar leanbh le fonn díoltais.

De ghnáth, ní ainmnítear go díreach iad go fiú, ach glaoitear "na Daoine Maithe" orthu mar shofhriotal. Go deimhin, deirtí orthaí cosantacha scaití nuair a bhíodh daoine ag comhrá faoi na Daoine Maithe, ar eagla go dtiocfadh corraí orthu. Seo a leannas ceann a cloiseadh dé Máirt éigin fadó i mBéal Átha Chomhraic:

"Iniuf Dé Máirt. Is maith a' chórsa dhúinn iad! Is maith a chórsa dhófa sinn.
Glacamuid le n-a gar agus le n-a gcoimirc. Nár théighidh éinne a bhaineas dúinn achoíche ar an imirc!"[6]

Na sítheCuir in Eagar

Is ionann na síthe agus na tuamanna a fheictear fós ar fud fad na tíre, ina mbíodh, de réir sna seantéacsanna, "na rí-thithe, cúirteanna, árais" de neacha an alltair a bhíodh ina gcónaí ann.[7] I roinnt téacsanna níos deireanaí as Béarla, ámh, úsáidtear go míchruinn an focal sídhe le haghaidh na ndaoine agus na tuamanna araon.

Ós rud é go bhfuarthas reiligí i mórán dó na síthe, creidtear gur lonnaitheoirí réamhCheilteacha na hÉireann iad an t-aos sí. De réir eile, tá tionchar chultúr na Gréige le fáil ann, go háirithe dar leo Oibreacha agus Laethe le Hesiod (a léirítear bunús moráltachta agus modhanna talamhaíochta na Gréige, agus a dhéanann cur síos ar na cine daonna cruthaithe ag na déithe). Moltar ámh gur neamhdhóchúil iad na smaointe seo, agus gur féidir an tionchar úd a thuiscint de bharr bhunús coiteann [[Prótai-Ind-Eorpach| an dá chultúir.

CineáilCuir in Eagar

  • Is ionann bean sí anois agus bean ar bith osnádúrtha na hÉireann, agus a caoineadh ag tuar báis.
  • Feictear an bean ní le baill fhuilteach éadaigh nó cathéide an té atá ar tí bád d'fháil.
  • Feictear anois is arís an sluagh sí sa spéir ag eitilt, b'fhéidir na mairbh mallaithe, olca, corracha. B'fhéidir gur cineál dá leithéid iad na siabhra, tugtha d'olc agus rógaireacht.[8][9] Tá amhrán tíre na nUltach ann áfach ina bhfaightear "sheevra" le brí ach "sióg".[10]

Faightear cineáil eile mar a leanas:

Féach freisinCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

PríomhfhoinsíCuir in Eagar

FofhoinsíCuir in Eagar

Foinsí TreasachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. síd, síth II ar eDIL
  2. James MacKillop, A Dictionary of Celtic Mythology (Oxford: Oxford University Press, 1998), s.v. daoine sídhe.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Evans Wentz, W. Y. (1966, 1990) The Fairy-Faith in Celtic Countries. Gerrards Cross, Colin Smythe Humanities Press ISBN 0-901072-51-6
  4. Yeats, William Butler (1908). "The Collected Works in Verse and Prose of William Butler Yeats". Shakespeare Head. 
  5. Lenihan, Eddie (2004). "Meeting the Other Crowd; The Fairy Stories of Hidden Ireland". New York: Jeremy P. Tarcher/Penguin. 
  6. Bean Pháraic Uí Neachtain (1947). "Ortha Ó Iorras". Béaloideas 17 (1/2): 112. An Cumann Le Béaloideas Éireann. 
  7. O'Curry, E., Lectures on Manuscript Materials, Baile Átha Cliath 1861, lch. 504, luaite ag Evans-Wentz 1966, lch. 291
  8. MacKillop, James (2004) Dictionary of Celtic Mythology
  9. Joyce, P.W. A Social History of Ancient Ireland, Iml. 1, lch. 271
  10. "The Gartan Mother's Lullaby" foilsithe 1904 i The Songs of Uladh, liricí le Seosamh Mac Cathmhaoil