Ollphéist
Is mar ollphéist a dhéantar tagairt do ghrúpa arrachta i bhfinscéalta agus i mbéaloideas na nGael. 'Ollphiasta' a thugtar orthu ó dheas. Is mar nathracha a dhéantar cur síos orthu go minic, agus iad millteach mór. Uaireanta bíonn sainchumhachtaí acu m.sh. bua na heitilte nó na cainte. I lochanna is mó a bhíonn siad ag cur fúthu agus, ní is annaimhe, in aibhneacha nó amuigh san aigéin mór.[1]
Cur Síos
cuir in eagarDe réir tagairtí áirithe, bíonn siad chomh mór sin go shughadh an ollphiast chúiche agus shéideadh uaithi crainn na coille trí n-a cuid sranntaraighe
.[2] Sa scéal is ársa, b'fhéidir, faoi laoch Gaelach ag cloí ollphéiste, .i. Eachtra Fhearghasa mhic Léite, deirtear go mbíonn an phéist uisce (nó 'mirdris') á méadú agus á laghdú féin ar nós bhoilg ghabha
.[3]
I leagan déanach de scéal Loch Dearg, ní hamháin go bhfuil an ollphéist (ar a bhaistiú "an Chaol" san insint seo) in ann loch iomlán a chur trí chéile lena himeacht, agus in ann eitilt go hárd sa spéir,[4] ach is féidir léi méid mór d'ábhar éigin a theilgean as a béal amach mar chith gainnmhidhe cloichshneachta
freisin.[5] Sa leagan seo, luaitear an Chaol mar 'phéist', mar 'fheithide', mar 'iolphéist', agus mar 'nathair neimhe'.
Uaireanta, is mar 'phéist' a dhéantar cur síos ar onchoin.[6] Mar sin, tá seans nach mbíodh de dhifir idir onchú agus ollphéist ach a dtomhas.
Finscéalta
cuir in eagarIs iomaí scéal mar a bhíonn Fionn mac Cumhaill nó laoch nó naomh eile i gcomhrac le hollphéist. Sampla tábhachtach is ea an laoi Seilg Sléibhe Truim, mar a bhfuil liosta fada de lochanna, aibhneacha agus gleannta a bhí torathar á áitreamh.[7]
Dar le Dáithí Ó hÓgáin, b'ionann fadó ainsprideanna, plánna agus péisteanna ó thaobh feidhme de, sa chiall is gur dhualgas do laochra iad a chur faoi chos. Bhí sé den tuairim gur ó scéal a dhíothaithe na nollphéisteanna a tháinig an scéal níos déanaí gurb é Naobh Pádraig a dhíbir na nathracha ó Éirinn.[8]
Ollphéisteanna Mór le Rá
cuir in eagar- Ollphéist Loch Nis (Niseag)
- Ollphéist Loch Dearg[9]
Buntéacsanna
cuir in eagarNí liosta críochnúil é seo a leanas.
- Eachtra Fhearghasa Mhic Léite (8ú Céad)
- An Táin Bó Fraích (8ú Céad)
- An Dinnseanchas Meadarach (11ú Céad)
- Agallamh na Seanórach (12ú Céad)
- Seilg Sléibhe Truim (15ú Céad)
- Seilg Locha Deirg (16ú Céad)
Tionchar
cuir in eagarBhí an oiread fhaitís ag daoine roimh na harrachtaí seo, nuair a bhí scéim uisce a bhí beartaithe do Bhaile Thiobraid Árainn sa naoú haois déag a bhainfeadh uisce d'Ard-Loch, áit a bhí ollphéist in ainm is a bheith ann, gur chuir daoine i gcoinne an scéim ar eagla go dtiocfadh an ollphéist isteach sna píobaí.[10]
Féach Freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 87. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.
- ↑ Seán Óg Mac Murchadha Caomhánach (1942). "Croidhe Cainnte Chiarraighe": Lch 3586, s.v. 'sughaim'.
- ↑ Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 90. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.
- ↑
tug aghaidh ar an loch agus a craosbheol osluighthe agus do ghabh ag iobhadh an locha 'na thonntaibh tascacha; agus iar sin tug lúbadh róchruaidh ar a corp agus do éirigh i néallaibh an aidhéir agus i bhfraoighthibh na firmameinte ionnas nár bh'fhéidir d'aon [a fhaicsin] cár ghabh sí go ceann tréimhse fada d'aimsir.<\q> (lúibíní sa téacs clóite)
An tAthair Pádraig Ua Duinnín (1917). "Me Guidhir Fhearmanach": lch 24. Baile Átha Cliath: Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge. - ↑
Annsoin do oscuil a craosbheol agus do scéith a hurchroidhe feadh an locha mar chith gainnmhidhe [nó] cloichshneachta agus go formhórach fa shúilibh an tailginn gona chléircibh, ionnas gur mhachtnuigheadar go mór an naoimhchléir re huamhan na hiolphéiste;
(lúibíní sa téacs clóite)
An tAthair Pádraig Ua Duinnín (1917). "Me Guidhir Fhearmanach": lch 24-25. Baile Átha Cliath: Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge. - ↑ N. J. A. Williams (1989). "Of Beasts and Banners the Origin of the Heraldic Enfield" (as Béarla). The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 119: Lch 73-5. Royal Society of Antiquaries of Ireland.
- ↑ Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 87-88. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.
- ↑ Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 93-6. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.
- ↑ Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 88. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.
- ↑ Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 97. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.