Dáithí Ó hÓgáin

scoláire Éireannach

Ollamh le Béaloideas na hÉireann i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath ba ea Dáithí Ó hÓgáin MA PhD. Rugadh é sa Bhrú i gContae Luimnigh agus ba scríbhneoir é i mBéarla agus i nGaeilge chomh maith le bheith ina scoláire. Bhásaigh sé ar 11 Nollaig na bliana 2011 i mBré, Co. Chill Mhantáin[1].

Infotaula de personaDáithí Ó hÓgáin
Beathaisnéis
Breith1949
An Brú, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2011
61/62 bliana d'aois
Bré, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Is iomaí leabhar atá scríofa aige – lena n-áirítear sé chnuasach filíochta agus trí chnuasach gearrscéalta, ocht leabhar taighde, deich n-eagrán agus saothair níos éadroime – chomh maith le mórán altanna taighde faoi litríocht, béaloideas, stair agus sanaseolaíocht in irisí léinn agus i gciclipéidí. Sé leabhar déag atá scríofa aige i nGaeilge, seacht gcinn is fiche i mBéarla, agus dhá leabhar dhátheangach, agus tá eagráin éagsúla dá chuid leabhar foilsithe i dtíortha ar leith. Is san idirphlé idir béaloideas agus litríocht is mó atá a spéis chomh maith le léiriú na staire i bhfoinsí béaloidis agus an saibhriú a dhéanann an béaloideas ar an samhlaíocht aonair agus ar an gcultúr cruthaitheach.

Ghnóthaigh sé céim BA sna Nuatheangacha i gColáiste na hOllscoile, BÁC, MA i dTeanga agus Litríocht na Gaeilge agus PhD sa Bhéaloideas (Ollscoil na hÉireann). Bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach agus é i gCOBÁC. Bhí baint lárnach aige le dréachtaí mholtaí UNESCO faoi chosaint bhéaloideas an domhain i 1987, agus bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar an Ionad Eorpach do Chultúr Traidisiúnta i mBudapest i 1994. Thug sé léachtaí agus léigh sé a chuid filíochta ar fud na hÉireann agus i dtíortha eile, ina measc Sasana, Alba, an Fhrainc, Monaco, an Bheilg, an Ghearmáin, an Pholainn, an Liotuáin, an Eastóin, an Rúis, an Ungáir agus an Íoslainn. Bhí aithne air mar chraoltóir raidió agus teilifíse, agus léiríodh ceithre dhráma raidió dá chuid.

Foilseacháin cuir in eagar

Filíocht -
  • Cois Camhaoireach (Clóchomhar: Baile Átha Cliath, 1981, 64 lch.
  • Cóngar na gCrosán (Coiscéim: Baile Átha Cliath, 1985), 62 lch.
  • Idir an Dá Dhealbh (Coiscéim: Baile Átha Cliath, 1988), 63 lch.
  • Gadaí an Cheoil (Clóchomhar: Baile Átha Cliath, 1994), 88 lch.
  • Footsteps From Another World (Philomel: London, 2001), 171 lch.
  • Ár gCogar Ciúin (Clóchomhar: Baile Átha Cliath, 2002), 80 lch.
Gearrscéalta -
  • Breacadh (Mercier: Corcaigh and Baile Átha Cliath, 1973), 118 lch.
  • Imeall an Bhaile (Clóchomhar: Baile Átha Cliath, 1986), 103 lch.
  • Scéalta Nua (Clóchomhar: Baile Átha Cliath, 2001), 90 pp.

Taighde cuir in eagar

  • An File (Foilseacháin Rialtais: Baile Átha Cliath, 1982), 475 lch. [Staidéar ar chumhachtaí osnádúrtha an fhile agus na filíochta i dtraidisiún na Gaeilge].
  • The Hero in Irish Folk History (Gill & Macmillan: Baile Átha Cliath/ St Martin’s Press: New York, 1985), 354 lch.
  • Fionn Mac Cumhaill: Images of the Gaelic Hero (Gill & Macmillan: Baile Átha Cliath, 1988), 361 lch.
  • Myth, Legend and Romance - an Encyclopaedia of the Irish Folk Tradition (Ryan Publishing: London, 1990 / Prentice Hall: New York, 1991), 453 lch.
  • Irish Superstitions (Gill & Macmillan: Baile Átha Cliath, 1995), 96 lch. – athchló (2002), 126 lch.
  • Celtic Warriors (Pegasus: London, 1999), 128 lch.
  • The Sacred Isle: belief and religion in pre-Christian Ireland (Collins Press: Cork / Boydell & Brewer: Suffolk, 1999), 259 lch.
  • Historic Ireland (Salamander: London / Gill & Macmillan,: Dublin, 2001), 144 lch.
  • The Celts - a History (Collins Press: Cork / Boydell Press: Suffolk, 2002), 297 lch.
  • Ireland – People and Places (Salamander: London / Gill & Macmillan: Dublin, 2003), 144 lch.

Eagráin cuir in eagar

  • Duanaire Osraíoch (Clóchomhar: Baile Átha Cliath, 1980), 149 l. [Filíocht as Cill Chainnigh].
  • Duanaire Thiobraid Árann (Clóchomhar: Baile Átha Cliath, 1981), 108 lch. [filíocht as Tiobrad Árann].
  • Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire (with Séamus Ó Duilearga - Irish Folklore Council: Baile Átha Cliath, 1981), 363 lch. [Béaloideas as Contae an Chláir].
  • Gold under the Furze (with Alan Gailey – Glendale: Dublin, 1982), 253 lch. [Festschrift don Dr Kevin Danaher i.e. altanna taighde faoi léann an bhéaloidis].
  • An Cultúr agus an Duine (le Diarmaid Ó Gráinne – Coiscéim: Dublin, 1993), 91 lch. [Aistí faoin chultúr agus faoin litríocht chruthaitheach ].
  • Binneas thar Meon, Vol 1 (Irish Folklore Council: Dublin, 1994), 269 lch. [Amhráin agus ceol traidisiúnta ó chontaetha Phort Láirge, Thiobraid Áranna, Luimnigh agus Chorcaí]
  • Skálda: Éigse is Eachtraíocht sa tSean-Lochlainn (with Bo Almqvist - Clóchomhar: Baile Átha Cliath, 1995), 78 lch. [Aistriúcháin Ghaeilge ar Laoithe ón Seanlochlannais].
  • An Mangaire Súgach: Aindrias Mac Craith, a bheatha agus a shaothar (with Máire Comer Bruen - Coiscéim: Baile Átha Cliath, 1996), 264 lch. [Saothar an fhile chlúitigh ón 18ú haois].
  • A Portrait of Bray – le Eva Ó Cathaoir agus Jason Forde (Pelican Publications: Bré, 1998), 169 lch.
  • Islands and Water-Dwellers (le Patricia Lysaght, Séamas Ó Catháin - DBA Publications: Baile Átha Cliath, 1999), 414 lch. [Imeachtaí Siompóisiam Ceilteach, Nordach, Baltach i gColáiste na hOllscoile, BÁC faoi bhéaloideas na mara, lochanna agus aibhneacha].
  • Binsín Luachra: Gearrscéalta agus Seanchas le Proinsias de Róiste (Clóchomhar: Baile Átha Cliath, 2001), 144 lch. [Bealoideas agus gearrscéalta i nGaeilge Luimnigh].
  • Labhrann Laighnigh: Téacsanna agus cainteanna ó shean-Chúige Laighean (Coiscéim: Baile Átha Cliath, 2011), 247 lch.

Foinse cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. "ainm.ie Ó hÓGÁIN, Dáithí (1949–2011)". Dáta rochtana: 10 Bealtaine 2023.