Patrick Weston Joyce
Staraí, scríbhneoir agus ceoleolaí Éireannach ba ea Patrick Weston Joyce (1827 – 7 Eanáir 1914).[1] Bhí clú ar leith aige as ucht a chuid taighde ar sanasaíocht na Gaeilge agus logainmneacha na hÉireann.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1827 Luimneach |
Bás | 7 Eanáir 1914 86/87 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoleolaí, staraí, scríbhneoir |
Fostóir | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Teangacha | Béarla |
Beatha
cuir in eagarRugadh é i mBaile Uí Argáin, Bealach Eabhra, An Sliabh Riabhach, ar na teorannacha idir contaetha Luimnigh agus Corcaí, agus tógadh é i nGleann Oisín in aice láimhe. Mhaígh an teaghlach gurbh é a sinsear ná Seán Mór Seoighe (fl. 1680), saor cloiche as Conamara, Contae na Gaillimhe.
Deartháir níos óige le Patrick ba ea Robert Dwyer Joyce. Gaeilge ba ea a thráchtas dúchais. Thosaigh sé a chuid oideachas ag shiúl chois claí, agus théis sin i mBaile Mhistéala, Contae Chorcaí.
Thosaigh Joyce ag obair sa bhliain 1845 leis an Commission of National Education. D'éirigh sé ina mhúinteoir agus ina phríomhoide na modhscoile i gCluain Meala. Sa bhliain 1856, roghnaíodh é mar bhall de foireann chúigear duine déag chun an chéad oideachas náisiúnta i nÉirinn a atheagrú. Idir an dá linn, bhain sé céimeanna B.A. (1861) agus M.A. (1863) amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.[2] Idir na blianta 1874 agus 1893, bhí sé ina phríomhoide an Choláiste Oiliúna, Sráid Marlborough Street, Baile Átha Cliath.
Mar Cumann Buan-Choimeádtha na Gaedhilge, scríobh sé gramadach Gaeilge sa bhliain 1878. Ba bhall é den Royal Society of Antiquaries of Ireland ón mbliain 1865, agus ina uachtaráin an chumainn ón mbliain 1906 go dtí 1908.[2] Bhí sa ina bhall fosta d'Acadamh Ríoga na hÉireann.[3]
Pearsa chultúrtha mór le rá ba ea Joyce. Bhí suim aige i nGaeilge, Béarla na hÉireann, ceol, oideachas, béaloideas agus litríocht Gaeilge, state na hÉireann, logainmneacha agus go leor eile. I measc a chuid saothar, is é an ceann is seasmhaí b'fhéidir ná The Origin and History of Irish Names of Places (1869).[4]
Bailiúchán i gColáiste Phádraig
cuir in eagarFaightear a bhailiúchán P. W. Joyce i Leabharlann Cregan i gColáiste Phádraig, Droim Conrach includes several rarities, ina measc cóipeanna sínithe le Joyce agus a dheartháir Robert, mar aon le leabhar as a leabharlann féin. Tá ann fosta lámhscríbhinn scríofa ag Joyce féin, cóip den scéal Echtra Cormaic i dtir Tairngiri agus Ceart Claíd Cormaic ón Leabhar Bhaile an Mhóta, a d'aistrigh Joyce féin go Béarla.
Foilseacháin
cuir in eagar- The Origin and History of Irish Names of Places (3 iml., 1869, 1875, 1913)
- Irish Local Names Explained (1870)
- Ancient Irish music (1873), le tionlacan pianó le John William Glover (1815–1899)
- A Handbook of School Management (1876)
- An Irish Grammar (1878)
- On the Old Celtic Romances (1879)
- Old Irish Folk Music, 842 fonn, cuid de as cnuasach le Forde agus Pigot (1909)
- Irish Peasant Songs
- Irish Music and Song (1888)
- A Concise History of Rome: From the Foundation of Rome to the Death of Trajan, 117 A.D.
- A Concise History of Ireland
- A History of Gaelic Ireland from the Earliest Times to 1608 (1893)
- English as We Speak it in Ireland (1910)
- Ireland's Battles and Battlefields
- Irish Names of Places
- Old Irish Folk Music and Songs
- A Social History of Ancient Ireland, 2 vols. (1906)
- The Story of Ancient Irish Civilisation (1907)
- The Wonders of Ireland (1911)
Leabhar liosta
cuir in eagar- Margaret Drabble (eag.), The Oxford Companion of English Literature (Oxford: Oxford University Press, 1985)
- Seamus Deane (eag.), The Field Day Anthology of Irish Writing (Doire: Field Day, 1991), iml. 2
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- A Concise History of Ireland (by P. W. Joyce)
- Origin and History of Irish Names of Places Available online at Archive.org
- Limerick County Council Joyce collection Curtha i gcartlann 2014-01-31 ar an Wayback Machine
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “JOYCE, Patrick Weston (1827–1914) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ 2.0 2.1 Boylan, Henry (1998). "A Dictionary of Irish Biography". Baile Átha Cliath: Gill and MacMillan.
- ↑ "J.H. Lloyd (Seosamh Laoide), MRIA, 1865-1939 Correspondence and Miscellaneous Papers". Acadamh Ríoga na hÉireann. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-02-23. Dáta rochtana: 27ú Samhain 2021.
- ↑ Robert Hogan, eag., Dictionary of Irish Literature (Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan 1979)