Reilig Ghlas Naíon
Is é Reilig Ghlas Naíon (nó Prospect Cemetery uaireanta) an reilig neamh-shainchreidmheach is mó i mBaile Átha Cliath, príomhchathair na hÉireann. Bunaíodh an reilig i rith an 19ú haois, agus tá roinnt mhaith de na daoine is tábhachtaí i stair na hÉireann curtha ann, mar shampla Charles Stewart Parnell, Dónall Ó Conaill, Mícheál Ó Coileáin, Éamon de Valera, Caoimhín de Barra agus Constance Markiewicz.

Bunú na reiligeCuir in Eagar
Osclaíodh doirsí na reilige den chéad uair thiar sa bhliain 1832, tráth ina raibh na Péindlíthe fós i bhfeidhm go tréan fud fad na tíre. Ní raibh reiligí dá gcuid féin - ar bhun oifigiúil ar aon nós - ag Caitlicigh na tíre chun a mairbh féin a chur i gcré na cille, rud a ghríosaigh Dónall Ó Conaill chun feachtas a bhunú ina choinne. Sa deireadh thiar thall, chruthaigh mo dhuine nach raibh dlí oiriúnach ar bith i bhfeidhm a chuirfeadh a leithéid sin de bhac orthu, agus éilíodh áit chuí ina gcuirfeadh Caitlicigh agus Protastúnaigh in aon reilig le chéile.
Prospect Cemetery a baisteadh uirthi agus í á oscailt don phobal ar an 21 Feabhra 1832. Lonnaíodh an reilig ar naoi acra i nGlas Naíon, taobh thuaidh den chathair. An chéad duine a cuireadh ann ná buachaill óg ceithre bliana d'aois darbh ainm Michael Casey ó Shráid San Proinsias i lár Bhaile Átha Cliath.
Daoine cáiliúla atá curtha i Reilig Ghlas NaíonCuir in Eagar
- Tomás Ághas - a fuair bás tar éis stailc ocras sa bhliain 1917.
- Caoimhín de Barra - dalta a crochadh mar gheall ar a ról i gCogadh na Saoirse. Bogadh a chorp ó bPríosún Mhuinseo go dtí Glas Naíon sa bhliain 2001 nuair a thugadh sochraid stáit dó.
- Piaras Béaslaí - marthanóir a tháinig slán as Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, agus a bhí ina údar níos déanaí.
- Alfred Chester Beatty - bailitheoir ealaíona.
- Breandán Ó Beacháin - scríbhneoir agus drámadóir.
- Anraí Ó Beolláin - cara le Mícheál Ó Coileáin agus frith-chonraitheoir.
- Christy Brown - scríbhneoir an leabhair My Left Foot.
- Francis Browne - Sagart Íosánach agus an grianghrafadóir a thóg na grianghraif deireanacha ar bord na loinge, an RMS Titanic.
- Cathal Brugha - polaiteoir agus céad uachtarán ar Dháil Éireann idir Eanáir agus Aibreán 1919.
- Ruairí Mac Easmainn - gníomhaí ar son cearta daonna agus réabhlóidí Éireannach a cuireadh chun báis sa bhliain 1916.
- Robert Erskine Childers - réabhlóidí Éireannach agus ar dhuine de na daoine a shínigh Conradh Angla-Éireannach. Maraíodh é le linn Cogadh Cathartha na hÉireann.
- Mícheál Ó Coileáin - ceannaire poblachtánach a bhí taobh thiar den Cogadh Angla-Éireannach, agus a maraíodh i rith Cogadh Cathartha na hÉireann.
- Ruairí Ó Conghaile - polaiteoir sóisialach agus mac le Séamas Ó Conghaile.
- Aindriú Ó Cuana - poblachtánach Éireannach.
- John Philpot Curran - abhcóide a chosain Wolfe Tone.
- James Daly - lámhachadh é mar gheall ar an pháirt a ghlac sé i gceannairc na Connaught Rangers san India sa bhliain 1920. Leacht cuimhneacháin atá ann, tá Daly curtha i gContae na hIarmhí.
- William Dargan - ceannródaí iarnróid.
- Éamon de Valera - 3ú Uachtarán na hÉireann (1959 - 1973) agus an ceannaire is ceannasaí sa 20ú haois.
- Sinéad de Valera - bean chéile le hÉamon, agus í curtha san uaigh chéanna.
- Anne Devlin - bean tí le Robert Emmet.
- Seán Ó Dubhuí - ceannaire Fíníneach.
- John Blake Dillon - údar agus polaiteoir.
- Frank Duff - bunaitheoir an An Léigiún Muire.
- James Fitzmaurice - ceannródaí eitlíocht.
- John Grey - polaiteoir i rith an 19ú haois.
- Maud Gonne - gníomhaí náisiúnach.
- Art Ó Gríofa - bunaitheoir ar Shinn Féin, agus uachtarán ar Dháil Éireann idir Eanáir agus Lúnasa 1922.
- Tim Healy - 1ú Seanascal Shaorstát Éireann.
- Gerard Manley Hopkins - file.
- Peadar Ó Céarnaigh - an duine a chum Amhrán na bhFiann.
- Kitty Kiernan - fiancé le Mícheál Ó Coileáin.
- Séamas Ó Lorcáin - ceannaire ceardchumainn, agus bunaitheoir Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann.
- Seán Mac Giolla Bhríde - bunaitheoir ar Clann na Poblachta agus i measc na daoine a bhunaigh Amnesty International.
- Edward Cardinal McCabe - ardeaspag san 19ú haois i mBaile Átha Cliath.
- Risteárd Mhic Aodha - ball den IRA a bhí an-ghníomhach i gCogadh na Saoirse.
- Toirealach Mac Mánais - réabhlóidí Éireannach.
- Constance Markiewicz - céad bean a toghadh isteach i dTeach na dTeachtaí na Breataine, agus ina ball den Chéad Dáil.
- Dermot Morgan - fuirseoir agus aisteoir Éireannach a bhain cáil amach le Father Ted.
- Kate Cruise O'Brien - scríbhneoir agus foilsitheoir.
- Dónall Ó Conaill - polaiteoir Éireannach is ceannasaí idir na 1820í agus na 1840í.
- Patrick Denis O'Donnell - staraí aithnidiúil.
- Diarmaid Ó Donnabháin Rosa - ceannaire Fíníneach.
- Eoin Ó Dufaigh - ceannaire na Léinte Gorma.
- Caoimhín Ó hUiginn - polaiteoir i rialtas an tSaorstáit.
- Seán T. Ó Ceallaigh - 2ú Uachtarán na hÉireann (1945 - 1959).
- Seán Ó Mathúna - i measc na bunaitheoirí ar Bhráithreachas na Poblachta.
- Séamas Ó Meára - ceannaire náisiúnach agus ball den Chéad Dáil.
- Charles Stewart Parnell - polaiteoir is ceannasaí in Éirinn ó 1875 go dtí 1891.
- Pádraig Ruttledge - aire i rialtais Éamon de Valera.
- D.D. Ó Síocháin - céad Teachta Dála neamhspleách ó Pháirtí an Lucht Oibre.
- David P. Tyndall - fear gnó cáiliúil
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |