Alfred Chester Beatty
Fear gnó agus bailitheoir ab ea Sir Alfred Chester Beatty (1875 – 19 Eanáir 1968)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Feabhra 1875 Nua-Eabhrac, New York |
Bás | 19 Eanáir 1968 92 bliana d'aois Monte Carlo, Monacó |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Fu Foundation School of Engineering and Applied Science (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Baile Átha Cliath (1950–1969) Londain (1913–1950) Nua-Eabhrac (1895–1913) |
Gairm | bailitheoir ealaíne, seandálaí, duine den lucht gnó |
Tréimhse oibre | 1895 – 1968 |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Edith Dunn Beatty |
Páiste | Alfred Chester Beatty |
Athair | John Cuming Beatty agus Hetty Bull |
Gradam a fuarthas | |
Meiriceá
cuir in eagarRugadh é i gCathair Nua-Eabhrac sa bhliain 1875. Ba é an duine ab óige de thriúr mac.
Bailitheoir stampaí, mianraí agus buidéal snaoise Síneach ab ea é ina óige.
Tar éis a chuid scolaíochta i Nua-Eabhrac, bhain sé céim amach mar innealtóir miandóireachta ó Ollscoil Columbia.
Chuaigh sé go Denver agus thosaigh sé ag bun an scála ag sluaisteáil carriage i mianaigh. D’oibrigh sé go dian agus bhain sé clú idirnáisiúnta amach go pras mar innealtóir mianadóireachta. Bhí an leasainm 'Rí an Chopair' air. Bhunaigh sé comhairleacht miandóireachta fíor-rathúil i Nua-Eabhrac i 1908. Bhí sé pósta le Grace Madeleine Rickard ag an am seo agus bhí beirt pháistí acu. Fuair sí bás le fiabhras tíofóideach sa bhliain 1911, áfach.
An Bhreatain
cuir in eagarAgus é in easláinte, chuaigh Beatty go dtí an Bhreatain. Bhunaigh sé comhairleacht nua i Londain agus cheannaigh sé Teach Baroda i nGairdíní Phálas Kensington a bhliain 1912. I 1913, phós sé Meiriceánach eile, Edith Dunn. Bhí sé ag bailiú ar bhonn níos fairsinge anois, agus é ag ceannach lámhscríbhinní Eorpacha agus Peirseacha. Cuireadh a shuimeanna ar bhealach nua nuair a bhí sé féin agus a bhean nua san Éigipt i 1914, mar cheannaigh sé roinnt cóipeanna maisithe den Koran sna basáir. Spreagadh a shuim i bpéintéireacht Shíneach agus Sheaipíneach agus é san Áise i 1917.
Tarraingíodh a shúil ar ábhar fíormhaisithe, peannaireacht álainn agus ceangal bhreátha, ach bhí luí aige le téacsanna a chaomhnú dá luacht stairiúil. Rinne Chester Beatty cion mór do sholáthar amhábhar straitéiseach do na Comhghuaillithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus rinneadh ridire de ina dhiaidh sin.
Éire
cuir in eagarI 1950, d’aistrigh Chester Beatty a bhailiúchán go Baile Átha Cliath. Bhí leabharlann aige don bhailiúchán, agus osclaíodh í sa bhliain 1954. Bronnadh an chéad saoránacht oinigh Éireannach riamh air I 1957. Fuair Chester Beatty bás sa bhliain 1968, agus tá a uaigh suite i Reilig Ghlas Naíon. Fágadh a bhailiúcháin le huacht chun leas an phobail, agus ceann d’institiúidí náisiúnta na hÉireann is ea Leabharlann Chester Beatty ag Caisleán Bhaile Átha Cliath anois.