Aon druga a ullmhaítear mar phúdar mín a riartar trí tharraingt isteach an tsrón. Asúitear í trí scannáin mhúcasacha na sróine. Go coitianta glactar leis gurb ionann snaois is snaois tobac, a chaitear mar gheall ar an nicitín inti. Bhí snaois tobac in úsáid ag treibheanna Indiacha i Meiriceá, agus ghlac na hEorpaigh léi uathu. Sa 17ú céad tugadh caitheamh snaoise isteach i gcodanna den Áise mar a mbíodh caitheamh tobac mídhleathach. Shroich sí buaic a réime i gcúirt na Fraince san 18ú céad, ach ní chaitear ach go hannamh anois í.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Snaois". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 610.