Diarmaid Ó Donnabháin Rosa

Ba réabhlóidí Éireannach as Iarthar Chorcaí é Diarmaid Ó Donnabháin Rosa (10 Meán Fómhair,[fíoras?] 1831 - 29 Meitheamh, 1915), nó Jeremiah O’Donovan Rossa as Béarla.

Diarmaid Ó Donnabháin Rosa
Jeremiah O'Donovan Rossa.jpg
ball den 20ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Samhain 27, 1869 - Feabhra 10, 1870
District: Tiobraid Árann
Election: UK Parliamentary by-election (en) Aistrigh
Saol
Eolas breithe Ros Ó gCairbre, Meán Fómhair 10, 1831
Náisiúntacht Éire
Bás Oileán Staten, Nua Eabhrac, Meitheamh 29, 1915
Áit adhlactha Reilig Ghlas Naíon
Muintir
Céile/Céilí Mary O'Donovan Rossa (en) Aistrigh
Oideachas
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir agus eagarthóir
Áit oibre Londain
Ballraíocht Bráithreachas na Poblachta

SaolCuir in Eagar

Ba é a bhunaigh Cumann an Fhéinics, gluaiseacht cheannairceach Éireannach (1858) as ar fhás Bráithreachas na Poblachta níos déanaí. Cuireadh i bpríosún é go minic mar gheall ar an mbaint a bhí aige le gluaiseacht na bhFiníní, agus díbríodh as Éirinn é faoi dheireadh in 1871.

Chuir sé faoi i Nua-Eabhrac agus ba é a d’eagraigh na feachtais bhuamála i gcoinne chathracha Shasana a mhair ar feadh roinnt blianta. Rinne rialtas na Breataine iarracht é a eiseachadadh ach níor éirigh leo. Lámhach bean Shasanach, Yseult Dudley, é in 1885 lasmuigh dá oifig in aice le Broadway, ach tháinig sé slán. Chreid a lucht leanúna gur ar ordú ó Rialtas na Breataine a rinne sí an t-ionsaí seo.

Tugadh cead do Ó Donnabháin filleadh ar Éirinn i 1894, agus arís i 1904. Rinne "Saoránach" de chathair Chorcaí de i 1904, rud a léirigh go raibh tacaíocht mhór aice ina cheantar dúchais. D’fhill sé ar Mheiriceá agus bhí sé an-tinn sna blianta deireanacha dá shaol. D’éag sé in ospidéal in Oileán Staten ar an 29 Meitheamh 1915.

 
óráid cois uaighe, Sochraid Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rosa, Lúnasa 1915

OidhreachtCuir in Eagar

Ba mhór an tábhacht shiombalach a bhain lena thórramh. Tugadh a chorp ar ais go hÉirinn agus cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon.

Ba é Pádraig Mac Piarais a thug an óráid os cionn uaighe, ceann de na hóráidí ba cháiliúla i stair na hÉireann.

Bhí Éirí Amach na Cásca á bheartú ag an am agus d’úsáid Bráithreachas na Poblachta an ócáid chun an náisiúnachas a ghríosadh sa phobal.[1]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar