Ruairí Mac Easmainn
Taidhleoir Briotanach agus náisiúnaí Éireannach ab ea Ruairí Dáithí Mac Easmainn, nó Roger Casement (1 Meán Fómhair 1864 - 3 Lúnasa 1916). Bhí ról cinniúnach aige in imeachtaí na bliana 1916, agus chuir sé Éire ar bhóthar an neamhspleáchais.[1]
Ruairí Mac Easmainn | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, Meán Fómhair 1, 1864 |
Náisiúntacht |
Éire An Ríocht Aontaithe |
Bás | Londain, Lúnasa 3, 1916 |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás | pionós an bháis (crochadh) |
Killed by (P157) |
John Ellis (en) ![]() |
Muintir | |
Athair | Roger Casement |
Máthair | Anne Jephson |
Siblíní |
liosta iomláin Tom Casement (en)
![]() |
Oideachas | |
Alma mater |
Ballymena Academy (en) ![]() |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm |
taidhleoir, scríbhneoir, file, polaiteoir, consul (en) ![]() |
Áit oibre | Beirlín |
Fostóirí | Oifig Gnóthaí Eachtracha |
Duais |
liosta iomláin
|
Seirbhís mhíleata | |
Throid sé/sí ag | An Chéad Chogadh Domhanda |
Creideamh | |
Reiligiúin | Caitliceachas |
Páirtithe polaitíochta | Óglaigh na hÉireann |
SaolCuir in Eagar
Rugadh Mac Easmainn i gCuas an Ghainimh, in aice le Baile Átha Cliath. Bhí a athair ina Phrotastúnach, ach d'fhéach a mháthair chuige go bhfuair sé baiste an Chaitlicigh ar chúla téarmaí. Cailleadh an bheirt acu nuair nach raibh Ruairí ach óg, agus b'iad muintir a athara i gCúige Uladh a thóg é.
Ar dtús, bhain an tEasmannach cáil amach leis an tuairisc a thug sé ar an léirscrios a rinne anlathas Rí na Beilge, Leopold, ar an gCongó.
Ina dhiaidh sin, chuaigh Mac Easmainn le gluaiseacht an neamhspleáchais in Éirinn.
Éirí amachCuir in Eagar
Bhí an tEasmannach ina idirghabhálaí rúnda ag iarraidh armálacha Gearmánacha a sholáthar do reibiliúnaigh na Cásca.
Ar an 11 Aibreán 1916, sheol Mac Easmainn ó Wilhelmshaven ar a bhealach go hÉirinn ar bhord an fhomhuireáin U19 le súil go mbuailfeadh sé leis an long "Aud" i gContae Chiarraí, ar a raibh lastas 20,000 raidhfil, 10 meaisínghunna agus 1,000,000 urchar a bhí le tabhairt i dtír d’Éirí Amach na Cásca.
Go luath maidin Aoine an Chéasta 1916 (21 Aibreán 1916), tháinig Mac Easmainn, Robert Monteith agus Daniel Bailey i dtír ar Thrá na Beannaí tar éis dóibh an fomhuireán Gearmánach, inar thaistil siad ón Ghearmáin, a fhágáil. Theip ar a n-iarrachtaí castáil leis an Aud. D’fhan Mac Easmainn, a bhí breoite agus tnáite i ndiaidh an aistir fhada, ag Dún Mhic Cionnaith, fad a d’imigh Monteith agus Bailey go Trá Lí.
Gabhadh Mac Easmainn agus cuireadh i bpríosún i Sasana é.
Ar a chloisteáil d’Eoin Mac Néill, ceannaire Óglaigh na hÉireann, go raibh Mac Easmainn gafa agus na hairm ón nGearmáin caillte, d’ordaigh sé an tÉirí Amach, a bhí beartaithe do Dhomhnach Cásca, a chur ar ceal.
BasúCuir in Eagar
Cuireadh an tEasmannach chun báis i bhfad i ndiaidh cheannairí eile na Cásca. Cuireadh tréas ina leith, fuarthas ciontach é agus crochadh é ar an 3 Lúnasa 1916 i bpríosún Pentonville i Londain.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Comóradh ar Thrá na Beannaí ar theacht i dtír agus gabháil Mhic Easmainn cothrom an lae seo céad bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-21.
Éirí Amach na Cásca |
||
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis) |
||
Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile | ||
Daoine eile a cuireadh chun báis |
||
Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn | ||
Éireannaigh mór le rá eile |
||
Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |