Cáisc
Féile Chríostaí is ea an Cháisc (ainm.u. Cáisc, gin.u. Cásca), agus í ar cheann de na féilte móra sa bhféilire Críostaí (féach freisin Cáisc na nGiúdach). De réir scrioptúr Críostaí, d'aiséirigh Íosa Críost tar éis é a bheith adhlactha ar feadh trí lá.
Cineál | féile aistritheach lá féile Críostaí | ||
---|---|---|---|
Comóireann sé | Aiséirí Íosa | ||
Cuid de | An tSeachtain Mhór | ||
Lá | 22 Márta (féilire Ghréagóra) 25 Aibreán (féilire Iúil) dáta na Cásca | ||
Lá den tseachtain | an Domhnach | ||
Codanna | |||
Sanasaíocht
cuir in eagarTagann an focal ón Laidin Pasqua, mar ní raibh an litir ná an fhuaim p sa sean-Ghaeilge, agus chuirtí c (fuaim q na Laidine agus an Bhéarla) ina áit. Chuir na Gaeil i bhfad ó shin /kw/ ina áit nuair a fuair siad focail a raibh an consan P ann ar iasacht. Mar sin
פסח pesaḥ (Eabhrais) > פסחא (Aramais) > πάσχα (Gréigis) > pascha (Laidin) > Cásc (Sean-Ghaeilge)
Críostaíocht
cuir in eagarTá Domhnach Cásca (nó Lá an Aiséirí) ar na féilte is mó sna heaglaisí Críostaíochta, agus is é cuspóir na Seachtaine Móire.
De réir staire na Críostaíochta, ba ar Dhomhnach Cásca a d'aiséirigh Íosa Críost. Sa Chríostaíocht, is ionann Aiséirí Íosa agus filleadh Íosa ar an saoil ar an tríú lá tar éis a bháis (Céasadh Íosa, mar a thugtar air). Meastar gur thit na heachtraí i gceist amach áit éigin idir 26 agus 36 AD.
Féilire
cuir in eagarTiteann an Cháisc ar laethantaí éagsúla gach bliain. Braitheann an dáta ar casadh na gealaí, agus ní ionann an dáta gach bliain. Bíonn difríocht, freisin idir dáta a cheiliúrtha sna heaglaisí san iarthar, agus sna heaglaisí Ceartchreidmheacha, mar nár ghlacadar le féilire Ghréagóra, a chuir eaglais na Róimhe i réim.
Thit Domhnach Cásca ar 22 Márta siar sa bhliain 1818. Is é 19 Aibreán an lá is coitianta[1].
- Cuireann an Cháisc deireadh le Carghas.
- Tugtar An tSeachtain Mhór ar an seachtain deireanach den Carghas agus an tseachtain roimh an Cháisc.
- Tugtar Seachtain na Páise ar an seachtain a thosaíonn ar an Luan roimh Dhomhnach Cásca.
- Ceiliúrtar aiséirí Íosa ar Lá Cásca nó Domhnach Cásca, dhá lá tar éis Aoine an Chéasta agus trí lá tar éis Déardaoin Mandála.
- Bíonn saoire poiblí in Éirinn ar Luan Cásca, ní hamháin mar gheall ar an gCáisc, ach chun Éirí Amach na Cásca i 1916 a chomóradh.
Traidisiún bíobalta, nósanna agus seanchas
cuir in eagarBarr cnoic
cuir in eagarIn a lán áiteanna ceiliúrtar Aifreann na Cásca ar bharr cnoic go luath ar maidin le breacadh an lae agus deirtear go mbíonn an ghrian ag glioscarnaigh agus ag rince timpeall na spéire.[2]
D’éirítí go luath ar maidin, deir Bailiúchán na Scol[3], chun an ghrian a fheiceáil ag damhsa “le teann áthais maidin Domhnaigh Cásca”. Chreidtí fadó go mbíodh an ghrian ag damhsa sa spéir mar gheall ar aiséirí Íosa Críost, toisc Íosa a bheith aiséirithe ó mhairbh.
Tá cúpla cuntas sa chartlann ‘Cnuasach Bhéaloideas Éireann’ go bhfeicfidh tú an ghrian ag damhsa sa spéir má tá tú i do shuí luath go leor chun amharc uirthi ag éirí ar Dhomhnach na Cásca. Tá cuntas amháin (an ceann ó thuaisceart Dhún na nGall) ina bhfuil sé luaite go dtarlaíonn seo ar an ábhar gur tháinig Íosa ar ais ón mharbh ar an mhaidin seo agus go bhfuil áthas ar an ghrian mar gheall air seo.[4]
Uibheacha
cuir in eagarThagadh deireadh leis an troscadh ar Dhomhnach Cásca agus d’ití uibheacha ag deireadh an Charghais.[5] Fadó d’ití a lán uibheacha ar Dhomhnach Cásca mar ní bhídís á hithe ó Mháirt na bPancóg roimhe sin. Siombail ab ea an ubh den bheatha nua. Dar leis an scéal seo, ní bhíodh mórán tráchta ar uibheacha seacláide an tráth úd – ach fíoruibheacha cearca a d’ití.
Feictear sa scéal seo gur fíoruibheacha amháin a bhíodh á n-ithe ag na páistí. I dtithe áirithe bhíodh sé de nós ag na páistí uibheacha a bhailiú le linn an Charghais agus picnic a bheith acu ar Dhomhnach Cásca.
Chomh maith leis sin, bhíodh sé de nós ag daoine na huibheacha a chur i bhfolach agus rachaidís ag tóraíocht na n-uibheacha ar Dhomhnach Cásca – rud a dhéantar go fóill ach le huibheacha seacláide.
Ar maidin Domhnach Cásca, éiríonn cuid de na daoine go han-luath agus beireann siad lán scála tin [stáin] d’uisce, nó lán báisín go bhfeicfidh siad an ghrian ag damhsa ann. Bíonn an ghrian ag damhsa le lúcháir an mhaidin sin[6]
An coileach
cuir in eagarDeirtear chomh maith go mbíonn an coileach ag fógairt an lae ag glaoch amach go hard agus go soiléir ‘Tá Mac na hÓighe Slán! Tá Mac na hÓighe Slán!’
Eachtraí ar Dhomhnach Cásca
cuir in eagar- Iarracht ar Dhomhnach Cásca 1478 Lorenzo de' Medici a mharú
- Éirí Amach na Cásca, 1916, in Éirinn.
- Paráid mhíleata trí shráideanna i lár Chathair Bhaile Átha Cliath ar Dhomhnach Cásca.[7]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Nósanna Dhomhnach Cásca, ar Raidió RTÉ[nasc briste go buan]. Seán Ó Conghaile ag cur síos ar Dhomhnach Cásca san am a chuaigh thart. 31 Márta 2013.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "SEACHTAIN 13 – SCOTH CHLÁRACHA RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA | RTÉ Presspack". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-03-29.
- ↑ carlow-nationalist.ie / GaelPort (2019-12-10). "Domhnach Cásca ag druidim linn". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-10. Dáta rochtana: 2023-04-10.
- ↑ gaois.ie. "Sean-nósanna an Charghais". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2021-03-29.
- ↑ Dubhán Ó Longáin (2024-03-31). "Deasghnátha na nGael um Cháisc" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-04-01.
- ↑ Teach Mhucrois (2024). "Herbie ag Ceiliúradh na Cásca" (as ga-IE). Na traidisiúin a bhain leis an gCáisc agus a bhíodh i réim fadó, déanann Herbie Herbert, dragan Mhucrois, iad a chíoradh ! ... na hullmhúcháin go léir a bhí le déanamh i gcomhair na Cásca & an bunús a bhí le huibheacha Cásca.
- ↑ "Ó DHÚCHAS: Ó throscadh go féasta faoi Cháisc…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
- ↑ military.ie (2017-11-26). "Mórshiúl na Cásca 2016 | Óglaigh na hÉireann 2016 | Óglaigh na hÉireann Searmanais | Ionad Eolais | Home". na searmanais stáit chuí a eagrú chun comóradh a dhéanamh ar Chothrom Céad Bliain Éirí Amach na Cásca. ... Is í an pharáid mhíleata trí shráideanna lár Chathair Bhaile Átha Cliath ar Dhomhnach Cásca an chuid lárnach de pháirt Óglaigh na hÉireann sa cheiliúradh i rith dheireadh seachtaine na Cásca. Sa bhliain 2016, bhí 3,722 duine de phearsanra Óglaigh na hÉireann agus na Seirbhísí Éigeandála páirteach ansin, 78 feithicil, 17 Eitleán chomh maith le bannaí máirseála agus meithleacha bratach in eagar searmanais.. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-26. Dáta rochtana: 2023-04-10.
- ↑ George Hitchcock, (1904). ""Domhnach Cásca" In Brabant". the-athenaeum.org. Dáta rochtana: 2021-03-29.