Máirt na hInide
Tugtar Máirt na hInide (nó "Lá na bPancóg" in Éirinn uaireanta) ar an Máirt roimh an gcéad lá den Charghas i bhféilire Críostaí.[1] Tosaíonn an Carghas ar Chéadaoin an Luaithrigh.
Cineál | lá saoire |
---|---|
Lá | Easter − 47 days (en) |
Bunús
cuir in eagarTugtar Mardi Gras nó "Máirt Ramhar" uirthi i dtíortha éagsúla. Is ón bhFraincis a thagann na focail ‘Mardi Gras’. Ón Laidin a thagann an focal Gaeilge ‘inid’. ‘Tús an Charghais’ atá i gceist le ‘inid’,[2]
Féile
cuir in eagarDéantar Máirt na hInide a cheiliúradh ar bhealaí éagsúla mórthimpeall an domhain.
- An Bhrasaíl. Bíonn carnabhal mór in Rio de Janeiro sa Bhrasaíl gach bliain chun ‘Mardi Gras’ a cheiliúradh. Gluaiseann paráidí móra ildaite trí shráideanna na cathrach mar chuid den fhéile.
- An Bheilg. Tá clú ar na mórshiúlta a bhíonn ar siúl sa Bheilg i mbaile beag darb ainm Binche. Caitheann fir cultacha speisialta an lá sin agus caitheann siad oráistí leis an lucht féachana!
- Críoch Lochlann. Itear borróga uachtair sna tíortha Lochlannacha.
Nósanna in Éirinn
cuir in eagarLá mór bainiseacha a bhíodh i Máirt na hInide in Éirinn fadó. Ní raibh cead ag daoine pósadh le linn an Charghais an t-am sin. Mar sin, phósadh a lán daoine roimh thús an Charghais ar Mháirt na hInide.
Nós eile a bhíodh ann fadó go gcaitheadh mná óga, nach raibh pósta, pancóg san aer agus go ndéanaidís iarracht breith uirthi arís sa fhriochtán gan ligean di titim ar an urlár. Dá n‑éireodh le bean é sin a dhéanamh deirtí gur cinnte go mbeadh sí pósta roimh dheireadh na bliana.
Uaireanta in Éirinn inniu tugtar Máirt na bPancóg nó Lá ba bPancóg ar an lá. Go traidisiúnta, itheann daoine a lán pancóg ar an lá sin. Is aoibhinn le daoine pancóga le him, siúcra, liomóid, sméara, uachtar agus fiú seacláid.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Féilte na Bliana" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2020-04-25.
- ↑ forasnagaeilge.ie. "Máirt na hInide". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ maynoothuniversity.ie (2020). "Eleathanach 343". Dáta rochtana: 2020.