Is éard is oráiste ann, (nó go sonrach, an t-oráiste milis) ná an toradh citris Citrus ×​sinensis (syn. Citrus aurantium L. var. dulcis L., nó Citrus aurantium Risso) agus a chuid torthaí.[1] Is hibrid é an t-oráiste de bhunadh saothraithe ársa, b'fhéidir idir pomaló (Citris maxima) agus táinséirín (Citris reticulata). Is crann beag bláthanna é ar a bhfuil duilleoga ubhchruthacha síorghlasa le himill starracha, agus 4-10 cm ar fhad. Bíonn sé tuairim is 10m ar airde. Is hesperidium é toradh an oraiste, sé sin cineál caora.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoOráiste
Citrus ×sinensis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deOráiste, craiceann oráiste, ola oráiste, orange sweet oil (en) Aistrigh agus adhmad oráiste Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdSapindales
FineRutaceae
TreibhCitreae
GéineasCitrus
SpeiceasCitrus ×sinensis Cuir in eagar ar Wikidata

Thionscain an t-oráiste in Oirdheisceart na hÁise. Tugtar an t-oráiste milis ar thoradh an Citris sinensis le hidirdhealú a dhéanamh idir é agus Citris aurantium, an t-oráiste searbh. Meastar gur tháinig an t-ainm ón tSanscrait.[2][3] .

I dteangacha áirithe, tugtar "úll Síneach" air (m.sh. san Ollainnis tugtar Sinaasappel air agus sa Ghearmáinis tugtar Apfelsine air).

Nótaí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar