Is í Beirlín (Gearmáinis: Berlin) príomhchathair na Gearmáine, agus í ar an gcathair is mó sa tír sin, nó tá 3,496,293 duine ina gcónaí ansin (ó thús mí Meán Fómhair 2015); is ísliú é sin ón 4.5 mhilliún duine a bhíodh sa chathair roimh an Dara Cogadh Domhanda.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBeirlín
Berlin (de) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52° 31′ N, 13° 23′ E / 52.52°N,13.38°E / 52.52; 13.38
Stát ceannasachan Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Iamhchríoch laistigh deBrandenburg Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
an Ghearmáin (1990–) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán3,755,251 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,214.08 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deBerlin-Brandenburg Metropolitan Region (en) Aistrigh
agglomeration of Berlin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla891.12 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceSpree, Großer Wannsee (en) Aistrigh, Lake Tegel (en) Aistrigh, Havel, Dahme, Müggelsee (en) Aistrigh, Aalemannkanal (en) Aistrigh, Neukölln Ship Canal (en) Aistrigh, Luisenstadt Canal (en) Aistrigh, Teltow Canal (en) Aistrigh, Landwehr Canal (en) Aistrigh, Westhafen Canal (en) Aistrigh, Gosen Canal (en) Aistrigh, Tegeler Fließ agus Berlin-Spandau Ship Canal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde34 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeArkenberge (121.9 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAlt-Berlin (en) Aistrigh, Beirlín Thoir agus Beirlín Thiar Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1244
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachAbgeordnetenhaus of Berlin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Governing Mayor of Berlin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataKai Wegner (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Bhunreachtúil Stát Bheirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Buiséad28,000,000,000 € (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist10115–14199 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód030 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2DE-BE Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSDE3 Cuir in eagar ar Wikidata
German regional key (en) Aistrigh110000000000 Cuir in eagar ar Wikidata
German municipality key (en) Aistrigh11000000 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinberlin.de… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Hauptstadtportal Twitter: berlin_de_news Instagram: hauptstadtportal Youtube: UCbAm6ZWiv_pjfXTjXsqVSoA Cuir in eagar ar Wikidata

Tá lár stairiúil na cathrach suite idir na haibhneacha úd Spree agus Havel, agus an stát cónasctha úd Brandenburg á timpeallú ó gach taobh.

Bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne sna 1940idí. Sna tréimhse 1949-1990, bhí an chathair dealaithe ina dhá cuid, Beirlín Thoir agus Beirlín Thiar. Ba í Beirlín Thoir príomhchathair Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne. Ba é dearcadh mhuintir na cathrach féin gur ceann de stáit de Phoblacht Chónasctha na Gearmáine a bhí ann, ach ní raibh na cumhachtaí forghabhála, an tAontas Sóivéadach ach go háirithe, sásta glacadh leis seo. Ba é polasaí Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach go háirithe, Selbständige Politische Einheit West-Berlin ("Slánaonad Polaitiúil Neamhspleách Bheirlín Thiar") a thabhairt ar an leath thiar den chathair.

 
C-47, aerfort Tempelhof, Aertharlú, 1949

Ar 24 Meitheamh 1948, d’ordaigh Stailín go ndruidfí gach bóthar, iarnród agus bealach uisce isteach go Beirlín Thiar. Tugadh ‘fadhbanna teicniúla’ mar fháth oifigiúil ar an chinneadh seo.

Sa bhliain 1949, tharla aertharlú chun Beirlín Thiar a shábháil. Tógadh dhá mhilliún tona earraí isteach le linn na tréimhse seo. Cuireadh deireadh leis ar 12 Bealtaine 1949.[1].

Sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath den chathair.

Príomhalt: Balla Bheirlín

Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, ceann de na siombailí ba chumhachtaí don athrú mór seo ab ea an dóigh ar chuir an chosmhuintir an balla de dhroim an tsaoil.

Ar an 23 Eanáir 1990 thosaigh an rialtas sa Ghearmáin Thoir ag leagadh Bhalla Bheirlín chun na píosaí is fearr le graifítí a dhíol.[2] Ar an 13 Meitheamh 1990 thosaigh saighdiúirí teorann sa Ghearmáin Thoir ag leagadh Bhalla Bheirlín go hoifigiúil.[3]

Mar gheall ar an spórt i mBeirlín, is iad Hertha BSC agus 1. FC Union Berlin a imríonn sa dara sraith, Zweite Bundesliga, na clubanna sacair a bhfuil an cáil is mó orthu. Tá clú agus cáil ar Alba Berlin mar fhoireann cispheile.

Íomhánna

cuir in eagar

Tá an chathair roinnte in dhá cheantar déag ar a dtugtar BezirkeVerwaltungsbezirke (ceantair riaracháin), mar seo a leanas:

  1.   Mitte
  2.   Friedrichshain-Kreuzberg
  3.   Pankow
  4.   Charlottenburg-Wilmersdorf
  5.   Spandau
  6.   Steglitz-Zehlendorf
  7.   Tempelhof-Schöneberg
  8.   Neukölln
  9.   Treptow-Köpenick
  10.   Marzahn-Hellersdorf
  11.   Lichtenberg
  12.   Reinickendorf
 

Daoine mór le rá

cuir in eagar
 
Berlin-Mitte, ceartlár na cathrach.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar