Potsdam
Potsdam | |
---|---|
Armas | Suíomh |
![]() |
![]() |
Rialtas | |
Rialtas | ![]() |
Stát | Brandenburg |
Árd-Mhéara | Jann Jakobs (SPD) |
Déimeagrafaic | |
Achar | 187.28 km2 (72.31 sq mi) |
Daonra | 152,966 (2008) |
Dlús daonra | 817 /km2/km² |
Cód poist | 14401–14482 |
www.potsdam.de |
Is í Potsdam príomhchathair Bhrandenburg, Stát Cónaidhme na Gearmáine, agus is cuid de cheantar Chathair Bheirlín / Bhrandenburg í. Tá sí suite ar an Abhainn Havel, 24 km siar ó dheas ó lár na cathrach.
StairCuir in Eagar
Ba í áit chónaithe ríthe na Prúise go dtí 1918 í. Ar fud na cathrach bhí sraith de lochanna idirnasctha agus tírdhreacha uathúla cultúrtha, go háirithe na páirceanna agus na páláis de Sanssouci, an Suíomh Oidhreachta Domhanda is mó sa Ghearmáin.
Reáchtáladh Comhdháil Potsdam idir 17 Iúil – 2 Lúnasa 1945, an chomhdháil iarchogaidh is mó idir na Comhghuaillithe buach, ag pálás eile s sa Phálás Cecilienhof.
BabelsbergCuir in Eagar
Bhí Babelsberg, in oir-dheisceart Photsdam, ina mhór-stiúideo léiriúcháin scannán roimh an Dara Cogadh Domhanda.
Ó thitim Bhalla Bheirlín, tháinig borradh uirthi mar lárionad mór léiriúchán scannán Eorpach. Is é an Studio Babelsberg an stiúideo scannán is sine ar scála mór ar fud an domhain. Is minic a thaifeadann an Deutsches Filmorchester Babelsberg fuaimrianta le haghaidh léiriúchán scannán.