Is trá suite i gContae Chiarraí í Trá na Beannaí.[1]

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachTrá na Beannaí
CineálTrá
Logainm.ie101434
Suíomh
Map
 52°21′30″N 9°50′12″W / 52.3582°N 9.8368°W / 52.3582; -9.8368Comhordanáidí: 52°21′30″N 9°50′12″W / 52.3582°N 9.8368°W / 52.3582; -9.8368
Trá na Beannaí

Stair Cuir in Eagar

 
Cuimhneachán Casement

Go luath maidin Aoine an Chéasta 1916 (21 Aibreán 1916), tháinig Ruairí Mac Easmainn i dtír ar Thrá na Beannaí tar éis dóibh an fomhuireán Gearmánach, inar thaistil sé ón Ghearmáin, a fhágáil. Theip ar a n-iarrachtaí castáil leis an long Aud, ar a raibh lastas 20,000 raidhfil, 10 meaisínghunna agus 1,000,000 urchar a bhí le tabhairt i dtír d’Éirí Amach na Cásca.[2]

 

D’fhan Mac Easmainn, a bhí breoite agus tnáite i ndiaidh an aistir fhada, ag Dún Mhic Cionnaith. Gabhadh Mac Easmainn agus cuireadh i bpríosún i Sasana é.

Tagairtí Cuir in Eagar

  1. "Trá na Beannaí/Banna Strand" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-04-21.
  2. "Comóradh ar Thrá na Beannaí ar theacht i dtír agus gabháil Mhic Easmainn cothrom an lae seo céad bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-21.