Robert Erskine Childers

Náisiúnaí agus údar Éireannach

Údar agus náisiúnaí Éireannach ab ea (Robert) Erskine Childers (25 Meitheamh 1870 - 24 Samhain 1922), a thóg lastas de ghunnaí agus armlón i dtír faoi cheilt i mBinn Éadairar an mbád Asgard, chun chur i gcoinne na nÓglach Uladh. Cuireadh chun báis é ag rialtas nua an tSaorstáit le linn Chogadh Cathartha na hÉireann.

Infotaula de personaRobert Erskine Childers

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Meitheamh 1870
Mayfair, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Samhain 1922
52 bliana d'aois
Baile Átha Cliath (Poblacht na hÉireann)
Siocair bháisPionós an bháis (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaBeairic Thor an Bhacaigh (1922–1923)
Reilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil


Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais na hÉireann
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Cambridge
Haileybury and Imperial Service College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Baitsiléir Dlíthe
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, úrscéalaí, polaiteoir, státseirbhíseach Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe (1895–1910) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhillteach
Brainse míleataCabhlach Ríoga agus Arm na Breataine
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda agus Dara Cogadh na mBórach
Teaghlach
CéileMolly Childers (1904–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteErskine Hamilton Childers, Robert Alden Childers Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRobert Caesar Childers  agus Anna Mary Henrietta Barton
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0157503 Allmovie: p316626
Find a Grave: 4130 Cuir in eagar ar Wikidata

Mac an fhir léinn Sasanaigh Robert Caesar Childers a bhí ann, col ceathrar le Hugh Childers agus Robert Barton, agus bhí a mhac Erskine Hamilton Childers ar cheathrú Uachtarán na hÉireann.

Tús a shaoil cuir in eagar

Tháinig Robert Erskine Childers chun saoil i Mayfair Londain, an dara mac a saolaíodh i gclann de bhunadh Angla-Éireannacha. Cailleadh a athair agus é ina bhuachaill sé bliana d'aois agus seoladh na leanaí go léir go áras na mBartons i nGleann Dá Loch in Éirinn.

Cothaíodh féiniúlacht Éireannach sa bhuachaill óg agus Gael go smior a bhí ann as seo amach, cé go raibh sé mar chuid den Chinsealacht Phrotastúnach.

 
1900: Throid Childers sa Chogadh Boer.

Cogadh agus polaitíocht cuir in eagar

Throid Childers sa Chogadh Boer.

Sa bhliain 1914, thóg Childers airm chuig Éirinn ina bhád, airm a úsáideadh i rith Éirí Amach na Cásca i 1916.

Throid Childers i gCogadh na Saoirse in Éirinn agus i gCogadh Cathartha na hÉireann, cogadh ina maraíodh é.

D'ionadaigh Childers Éire i gComhdháil Síochána Versailles, tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Bhí Childers i láthair i Londain i rith plé an Chonartha Angla-Éireannaigh. Ach bhí sé dian ina choinne agus bhí sé ar thaobh na bhfrith-chonratheoirí sa Chogadh Cathartha.

In Eanáir 1922, d'éirigh Childers ina eagarthóir ar Phoblacht na hÉireann, bileog nuachta phoblachtach. Tugadh nuacht faoi eachtraí laethúla an Chogaidh Chathartha ó dhearcadh poblachtach. Ní gá a rá nár thaitin an bolscaireacht leis an Saorstát ar chor ar bith.

Bású cuir in eagar

Cuireadh Childers chun báis tar éis do chúirt mhíleata é a chiontú i seilbh ar arm tine gan cheadúnas (ina chás-sa, piostal leath-uathoibríoch amháin).[1] Rinneadh cion báis de trí Rún um Chumhachtaí Éigeandála an Airm ar ghlac an Dáil leis roinnt míonna roimhe sin.

Rinne a dhlíodóirí tréaniarracht cruthú nach raibh an dlínse chuí ag an gcúirt mhíleata inar cuireadh Childers ar a thriail. Dhiúltaigh Máistir na Rollaí Cathal Ó Conchúir d'iarratas ar eascaire habeas corpus ar son Childers, toisc go raibh staid chogaidh ann agus, mar sin, ní raibh aon dlínse ag na cúirteanna sibhialta ar gníomhartha an airm i gcaitheamh na cogaíochta.

Ina theannta sin, bhí conspóid ar leith ag baint le bású Childers toisc gur cuireadh chun báis é as seilbh mhídhleathach ar phiostal leath-uathoibríoch de chalabra beag in áit a bhí geall lena bheith ina áras teaghlaigh.

Ar an 24 Samhain 1922, cuireadh Childers agus ochtar eile chun báis cé go rabhthas ag fanacht le hachomharc i gcoinne bhreithiúnas Mháistir na Rollaí.

Lámhachadh é, gníomh a bhain stangadh as an bpobal ag an am.

De réir an rialtais, ní raibh ann ach bolscaire, ach bhí Childers i mbéal an phobail.

Scríbhneoireacht cuir in eagar

Scríobh sé an t-úrscéal The Riddle of the Sands.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Erskine Childers" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-27.