Conradh Angla-Éireannach


Sa bhliain 1921, tar éis Chogadh na Saoirse, shínigh ionadaithe na Chéad Dála agus rialtas na Breataine an conradh síochána ar a dtugtar an Conradh Angla-Éireannach. Bunaíodh Saorstát Éireann, a bheadh ina Tiarnas agus thug sé rogha don pharlaimint Tuaisceart Éireann a bheith mar pháirt don Saorstáit nua nó le fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Bhí Éire le fanacht laistigh de Chomhlathas na Breataine, agus bhí ceathar chalafort le fanacht in úsáid na Breataine.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh Angla-Éireannach
Íomhá
Cineálconradh síochána Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na blianaNollaig 6, 1921 Cuir in eagar ar Wikidata
Coming into force (en) AistrighNollaig 6, 1922 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhLondain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Teanga an tsaothair nó an ainman Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Arthur Griffith agus agóid i Londain, 1921

Síníodh an conradh ar an 6 Nollaig 1921 agus tháinig sé i bhfeidhm bliain amháin níos déanaí ar an 6 Nollaig 1922.

PróiseasCuir in Eagar

Tharla roinnt babhtálacha teasaí le linn na ndíospóireachtaí.[2] Mhaígh an dream a bhí i gcoinne an Chonartha nach raibh an t-aontú gairid go leor don phoblacht ardcheannasach ar throideadar ar a son. Dúirt Mícheál Ó Coileáin nach raibh ''the ultimate freedom that all nations aspire and develop to'' i gceist ann sa Conradh, ach go raibh ''the freedom to achieve it.” bainte amach ag lánchumhactóirí na hÉireann[3]

 
Dáil Éireann, Teach an Ard-Mheara, Lúnasa, 1921

Dhaingnigh an Conradh sa Dáil ar an 7 Eanáir 1922. Tar éis an toraidh, shiúil Éamon de Valéra agus a leathbhádóirí, a labhair i gcoinne an Chonartha, amach as an seomra.

Dhá lá ina dhiaidh sin, ar 9 Eanáir 1922, sheas Eamon de Valera síos mar Uachtarán. Toghadh Art Ó Gríofa ina Uachtarán nua ar an Dáil.

I ndiaidh an tsínithe, ní raibh na hÉireannaigh ar aon tuairim faoin gConradh. Tamaill ina dhiaidh, bhris Cogadh Cathartha amach idir lucht a thacaithe agus iad siúd a chuir ina choinne.

Forálacha an ChonarthaCuir in Eagar

  •  
    Liam Lynch agus an "Army Convention" Mansion House, BÁC 9 Aibreán 1922.
    Chaithfeadh fórsaí armtha na Breataine Móire imeacht as Éirinn
  • Gheobhadh an chuid ba mhó d'Oileán na hÉireann stádas an tiarnais fhéinrialaithigh
  • Cosúil leis na tiarnais eile, bheadh an stát nua, Saorstát Éireann, á rialú ag monarc na Ríochta Aontaithe, agus Gobharnóir Ginearálta ag déanamh ionadaíochta dó in Éirinn
  • Chaithfeadh feisirí na parlaiminte nua dílseacht a mhionnú don mhonarc
  • Dá roghnódh Tuaisceart Éireann gan dul sa stát nua, thiocfadh Coimisiún Teorann ar leith le chéile chun teorainneacha an dá stát a tharraingt is a shocrú
  • D'fhágfaí cuanta áirithe in Éirinn faoi fhorlámhas na Ríochta Aontaithe - Loch Súilí, an Cóbh agus Baile Chaisleáin Bhéara - toisc go raibh siad ag teastáil go géar ó na Sasanaigh ar chúiseanna slándála
  • Ghlacfadh Rialtas na hÉireann freagracht air as a chuid féin d'fhiacha eachracha na Ríochta Aontaithe
  • Dá mbeadh an Conradh agus dlí na hÉireann ag teacht salach ar a chéile, bheadh tús áite ag an gConradh.

Idirbheartaithe an ChonarthaCuir in Eagar

  An Bhreatain Mhór
  Éire

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Baile Chaisleáin Bhéara, an Cóbh, Loch Súilí ... agus Béal Feirste san áireamh. D'fhan Calafoirt an Chonartha faoi smacht na Breataine go dtí an bhliain 1938.
  2. centenaries.ucd.ie (2016). "DEICH MBLIANA NA gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2021.
  3. An tOll. Michael Laffan, The Irish Revolution, lecture 9, Reaction to the Treaty and the lead up the the Irish Civil War: http://historyhub.ie/reaction-to-the-treaty-irish-revolutionlecture-9