Winston Churchill

polaiteoir, saighdiúir, agus scríbhneoir Sasanach (1874–1965)

Polaiteoir agus ceannaire cogaidh Sasanach ab ea Winston Spencer Churchill, (30 Samhain 187424 Eanáir 1965). Mac le státaire Sasanach eile Randolph Churchill, a bhí ann. Chaith sé tréimhse ina oifigeach airm san India, agus ghlac sé páirt i gCath Omdurman i gcoinne lucht leanúna an Mhahdaí sa tSúdáin freisin. Ina dhiaidh sin, ghlac sé páirt i Cogadh na mBórach.

Infotaula de personaAn Ró-Onórach
Winston Churchill

(1941) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Winston Leonard Spencer Churchill
30 Samhain 1874
Blenheim Palace, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Eanáir 1965
90 bliana d'aois
Hyde Park Gate (an Ríocht Aontaithe)
Siocair bháisBás nádúrtha (Stróc)
Áit adhlacthaSt Martin's Church, Bladon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 42ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Deireadh Fómhair 1959 – 25 Meán Fómhair 1964 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Woodford (en) Aistrigh

Ball den 41ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
26 Bealtaine 1955 – 18 Meán Fómhair 1959 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Woodford (en) Aistrigh

Rúnaí Stáit Cosanta
28 Deireadh Fómhair 1951 – 1 Márta 1952
← Manny Shinwell (en) AistrighHarold Alexander, 1st Earl Alexander of Tunis (en) Aistrigh →
Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
26 Deireadh Fómhair 1951 – 5 Aibreán 1955
← Clement AttleeAnthony Eden →
Ball de chomh-aireacht: Third Churchill ministry (en) Aistrigh
Ball den 40ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
25 Deireadh Fómhair 1951 – 6 Bealtaine 1955 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Woodford (en) Aistrigh

Ball den 39ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
23 Feabhra 1950 – 5 Deireadh Fómhair 1951 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Woodford (en) Aistrigh

Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: an Ríocht Aontaithe

13 Lúnasa 1949 – 26 Samhain 1951
Ceannaire an Fhreasúra
26 Iúil 1945 – 26 Deireadh Fómhair 1951
← Clement AttleeClement Attlee →
Ball den 38ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
5 Iúil 1945 – 3 Feabhra 1950 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Woodford (en) Aistrigh

Gobharnóir na Cinq-Ports
28 Deireadh Fómhair 1941 – 24 Eanáir 1965 (bás)
Ceannaire an Pháirtí Caomhaigh
9 Samhain 1940 – 6 Aibreán 1955
← Neville ChamberlainAnthony Eden →
Ceannaire Theach na dTeachtaí
10 Bealtaine 1940 – 19 Feabhra 1942
← Neville ChamberlainStafford Cripps (en) Aistrigh →
Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
10 Bealtaine 1940 – 26 Iúil 1945
← Neville ChamberlainClement Attlee →
Rúnaí Stáit Cosanta
10 Bealtaine 1940 – 26 Iúil 1945
← Ernle Chatfield, 1st Baron Chatfield (en) AistrighClement Attlee →
Coirnéal Royal Scots Fusiliers (en) Aistrigh
24 Eanáir 1940 –
Céad Tiarna an Aimiréalachta
3 Meán Fómhair 1939 – 11 Bealtaine 1940
← James StanhopeA. V. Alexander, 1st Earl Alexander of Hillsborough (en) Aistrigh →
Ball den 37ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Samhain 1935 – 15 Meitheamh 1945 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Epping (en) Aistrigh

Ball den 36ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
27 Deireadh Fómhair 1931 – 25 Deireadh Fómhair 1935 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Epping (en) Aistrigh

Feisire den 35ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe
30 Bealtaine 1929 – 7 Deireadh Fómhair 1931 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Epping (en) Aistrigh

Seansailéir an Státchiste
6 Samhain 1924 – 4 Meitheamh 1929
← Philip Snowden, 1st Viscount Snowden (en) AistrighPhilip Snowden, 1st Viscount Snowden (en) Aistrigh →
Ball den 34ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
29 Deireadh Fómhair 1924 – 10 Bealtaine 1929 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Epping (en) Aistrigh

Rúnaí Stáit na gCoilíneachtaí
13 Feabhra 1921 – 19 Deireadh Fómhair 1922
← Alfred MilnerVictor Cavendish, 9th Duke of Devonshire (en) Aistrigh →
Rúnaí Stáit Aeir
10 Eanáir 1919 – 13 Feabhra 1921
← William Weir, 1st Viscount Weir (en) AistrighFrederick Guest (en) Aistrigh →
Rúnaí Stáit Cogaíochta
10 Eanáir 1919 – 13 Feabhra 1921
← Alfred MilnerLaming Worthington-Evans →
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dundee (en) Aistrigh

Minister of Munitions (en) Aistrigh
17 Iúil 1917 – 10 Eanáir 1919
← Christopher Addison, 1st Viscount Addison (en) AistrighAndrew Weir, 1st Baron Inverforth (en) Aistrigh →
Seansailéir Dhiúcacht Lancaster
25 Bealtaine 1915 – 25 Samhain 1915
← Edwin Samuel Montagu (en) AistrighHerbert Samuel, 1st Viscount Samuel (en) Aistrigh →
Uachtarán Oilthigh Obar Dheathain
1914 – 1918
← Andrew Carnegie (en) AistrighWeetman Pearson →
Céad Tiarna an Aimiréalachta
24 Deireadh Fómhair 1911 – 25 Bealtaine 1915
← Reginald McKenna (en) AistrighArthur Balfour →
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
3 Nollaig 1910 – 25 Samhain 1918 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dundee (en) Aistrigh

Rúnaí Baile
19 Feabhra 1910 – 24 Deireadh Fómhair 1911
← Herbert Gladstone, 1ú Bhíocunta GladstoneReginald McKenna (en) Aistrigh →
Ball den 29ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
15 Eanáir 1910 – 28 Samhain 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dundee (en) Aistrigh

Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
9 Bealtaine 1908 – 10 Eanáir 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dundee (en) Aistrigh

Toghadh i: 1908 Dundee by-election (en) Aistrigh
Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Eanáir 1906 – 16 Aibreán 1908 (ministerial appointment (en) Aistrigh)

Toghcheantar: Manchester North West (en) Aistrigh

Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Bealtaine 1904 – 8 Eanáir 1906 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Oldham (en) Aistrigh
Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Deireadh Fómhair 1900 – 1 Bealtaine 1904 (crossing the floor (en) Aistrigh)

Toghcheantar: Oldham (en) Aistrigh

Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Shasana
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Harrow
St George's School, Ascot (en) Aistrigh
Coláiste Míleata Ríoga, Sandhurst
Stoke Brunswick School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaile Átha Cliath
Blenheim Palace
Teanga dhúchaisBéarla na Breataine
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Dhún Éideann Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach (1924–1964)
An Páirtí Liobrálach (1904–1924)
An Páirtí Coimeádach (1900–1904) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Fhraincis
Gairm mhíleata
GéillsineAn Ríocht Aontaithe agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Brainse míleataArm na Breataine agus marcra
Céim mhíleatacadet (en) Aistrigh (–1895)
second lieutenant (en) Aistrigh (1895–)
captaen (1902–1905)
maor (1905–)
lieutenant colonel (en) Aistrigh (1916–1916)
coirnéal (1940–) Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda, Mahdist War (en) Aistrigh, Dara Cogadh na mBórach, Léigear Malakand agus An Dara Cogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileClementine Churchill, Banbharún Spencer-Churchill (1908–1965) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDiana Churchill, Marigold Churchill, Sarah Churchill, Randolph Churchill, Mary Soames Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRandolph Churchill  agus Jennie Jerome
SiblínJack Churchill
Croineolaíocht
24 Eanáir 1965bás Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas


Veu de Winston Churchill (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0161476 iTunes: 2064770 Last fm: Winston+Churchill Musicbrainz: e9fb8bad-ec0e-4cf1-aa82-a7e04a34b278 Songkick: 443668 Discogs: 430928 Allmusic: mn0000575015 Find a Grave: 2194 Cuir in eagar ar Wikidata

Ón mbliain 1900 anuas, bhí sé ina Fheisire don Pháirtí Choimeádach, ach thréig sé an páirtí sin ar mhaithe leis na Liobrálaigh sa bhliain 1904. Bhí sé ina fho-rúnaí do na coilíneachtaí. Sa bhliain 1911, cuireadh i mbun na hAimiréalachta é, agus choinnigh sé an post sin go dtí an Chéad Chogadh Domhanda. Bhí sé ar dhuine acu siúd a cheap an plean chun cathéadan nua a oscailt i nGallipoli i gcoinne na hImpireachta Otamánaí sa bhliain 1915, ach theip ar an bplean seo go tubaisteach. Bhí sé ina Rúnaí Stáit do chúrsaí na cogaíochta sna blianta 1919—1921, agus, mar sin, b'ar a chrann-san a thit sé an Conradh Angla-Éireannach a shíniú sa bhliain 1921. B'é an conradh seo a chuir tús le Saorstát Éireann. Bhí sé go mór i gcoinne na Réabhlóide Boilséiví, agus é á rá gur cheart an Boilséiveachas 'a thachtadh sa chliabhán'.

D'fhill sé ó na Liobrálaigh go dtí an Páirtí Coimeádach sa bhliain 1925. Bhí sé ina Sheansailéir Státchiste sa bhliain 1925 nuair a ghlac an Ríocht Aontaithe leis an Órchaighdeán in athuair agus le linn na hollstailce i 1926.

Thosaigh blianta deacra a shaoil sa bhliain 1931 nuair a theip air post a fháil sa rialtas.

Bhí sé ina Phríomh-Aire ar an mBreatain an chuid ba mhó de bhlianta an Dara Cogadh Domhanda 19401945, tar éis dó teacht i gcomharbas ar Neville Chamberlain. Bhí sé ina shiombail do mhuintir na Breataine i rith an chogaidh. Chaill sé olltoghchán na bliana 1945 i gcoinne Pháirtí an Lucht Oibre faoi Clement Attlee. Tar éis dó roinnt blianta a chaitheamh sa fhreasúra, ghnóthaigh sé olltoghchán Deireadh Fómhair sa bhliain 1951, agus bhain sé amach oifig an phríomh-aire arís. D'fhan sé i mbun na hoifige sin go dtí an bhliain 1955.

Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1953 as ucht na gcuimhní cinn a d'fhoilsigh sé idir na blianta 1948 agus 1953. Fuair sé bás ar an 24 Eanáir 1965.

Tús a Shaoil cuir in eagar

 
Churchill ina bhuachaill óg - 1884

Rugadh Churchill i bPálás Blenheim i Sír Oxford, don Tiarna Randolph Spencer Churchill agus dá bhean Mheiriceánach, Jeanette ("Jennie") Jerome. B'é Spencer-Churchill sloinne an teaghlaigh ar fad, go hoifigiúil, ach ba nós leis an athair agus lena mhac riamh gan ach "Churchill" a úsáid sa saol poiblí. Teaghlach diúcach ab ea muintir Churchill, nó b'é John Churchill, an chéad Diúc Marlborough, a chuir tús leis an teaghlach an chéad uair, thiar sa seachtú haois déag. Ní raibh ceachtar dá thuismitheoirí sásta mórán bábaíochta a thabhairt do Winston óg, agus chuaigh uaigneas a chéad óige go mór mór i bhfeidhm air. Mhair iarsmaí an uaignis seo ag luí air go lá a bháis, de réir a chuimhní cinn.

Chaith Winston óg an chuid ba mhó dá óige i scoileanna cónaitheacha, agus an scolaíocht ag éirí leis go measartha. Ní raibh mórán maithe ann le léann ná Laidin a thógáil, ach bhí sé ina fhear mór Béarla agus scríbhneoireachta riamh. Siúd is nach raibh caidreamh maith aige lena thuismitheoirí, a raibh sé ag santú a ngrá gan mórán freagra a fháil, bhí sé an-luiteach lena bhuime, Elizabeth Ann Everest, a dtugadh sé "Woom" uirthi.

Bhí suim ag Winston i matamaitic agus i stair, ach má bhí féin, ní raibh meas an mhadra ag a mhúinteoir Laidine air, agus ó ba rud é go raibh an Laidin ar an ábhar ba thábhachtaí i scoileanna an ama, b'ionann sin is a rá go raibh sé ina dhrochscoláire de réir an chaighdeáin chomhaimseartha. Sin é an cineál míchlú a ghreamaigh de, go háirithe de dheasca an drochmheasa a léirigh a athair dó.

 
1889, Winston Churchill ar dheis lena mháthair

Ag Saighdiúireacht cuir in eagar

Mar sin féin, chuaigh an fear óg ag foghlaim saighdiúireachta in acadamh na n-oifigeach i Sandhurst. Chaith sé tréimhse ina oifigeach airm san India, agus ghlac sé páirt i gCath Omdurman i gcoinne lucht leanúna an Mhahdi sa tSúdáin freisin, ar an dara lá de Mheán Fómhair, 1898. Bhí sé ina oifigeach airm, agus é ag obair don nuachtán Sasanach The Morning Post ag an am céanna. D'éirigh leis bheith páirteach san ionsaí, cé nár theastaigh ón gceannaire Briotanach, Horatio Kitchener go mbeadh Churchill ann. Ina leabhar The River War ("Cogadh na hAbhann") thug sé cur síos cuimsitheach ar an ionsaí (Ziegler, 1973). Ina dhiaidh sin, ghlac sé páirt i gCogadh na mBórach, agus cimíodh é. D'éirigh leis éalú ó na Bóraigh, ar ndóigh, agus ba mhór an t-ábhar adhnua é san am an teitheadh a rinne sé.

 
Winston Churchill leis na 4th Hussars in India, 1899

Chuaigh sé le hiriseoireacht chogaidh thíos ansin, agus ar ball beag, fuair sé é féin ina chime ag na Bóraigh, i ndiaidh an ionsaí a thug siadsan faoi thraein armúrtha Arm na Breataine. D'éirigh le Churchill óg, áfach, a éalú a dhéanamh as an mbraighdeanas seo, agus nuair a chuala an saol mór ar an eachtra seo, bhí ainm Winston Churchill i mbéal na ndaoine ar fad, mar a bheadh laoch náisiúnta ann. Tar éis tubaiste Gallipoli chuaigh Churchill ar ais ag saighdiúireacht in airm na Briotáine i gcoinne na Gearmánaigh sa Fhrainc.

 
Feabhra 1900, Durban, iriseoir san Afraic Theas

Polaiteoir Liobrálach cuir in eagar

In olltoghcháin na bliana 1906, bhain Churchill amach suíochán i Manchain. Chaith sé seal ina Fho-Rúnaí Stáit do na Coilíneachtaí, nuair a bhí Henry Campbell-Bannerman ina Phríomh-Aire Liobrálach. Bhí meas ag baill an Chaibinéid ar Churchill, áfach, agus nuair a tháinig Herbert Asquith i gcomharbas ar Campbell-Bannerman mar Phríomh-Aire, rinneadh ball den Chaibinéad de Churchill, is é sin, an Rúnaí Stáit Trádála agus Tionsclaíochta. In éineacht agus i gcomhar le Seansailéir an Státchiste David Lloyd George, chrom Churchill ar leasuithe radacacha sóisialta a chur i gcrích.

Sa bhliain 1910, fuair Churchill céim suas nua, nó cuireadh i mbun na gcúrsaí inmheánacha é mar Rúnaí Baile. Ansin, tharraing sé criticeoireacht áirithe air féin, le linn na n-imeachtaí ar tugadh "Léigear Shráid Sidney" orthu, sa bhliain 1911. Is é an scéal a bhí ann ná gur éirigh ina chogadh dearg idir drong d'ainrialaithe Laitviacha a bhí i ndiaidh a seadú a dhéanamh sa Bhreatain, agus saighdiúirí Briotanacha. Nuair a cuireadh léigear ar na hainrialaithe i Sráid Sidney, thosaigh siad ag loscadh urchair leis na saighdiúirí, agus chuaigh Churchill i láthair an chatha, beag beann ar an tine a bhí á scaoileadh as an teach imdhruidte. Lochtaíodh é faoin éadromántacht seo, chomh maith leis an dóigh ar choisc sé ar an mbriogáid dóiteáin an tine a mhúchadh nuair a bhí teach na sceimhlitheoirí ar bharr lasrach.

 
1916

Sa bhliain 1911, cuireadh Churchill i gceannas ar an Aimiréalacht, agus b'ansin a d'fhan sé go dtí an Chéad Chogadh Domhanda. Rinne sé an-iarracht an cabhlach a dhéanamh cothrom le dáta. Mar shampla, theastaigh uaidh ola a chur in áit an ghuail mar bhreosla do na longa, rud a d'éiligh gaisce innealtóireachta. D'úsáid sé ciste an chabhlaigh leis an chéad tanc cogaidh a fhorbairt, rud nár thaitin le cách, nó síleadh, ag an am, go raibh sé ag claonchasadh airgid agus ag trasnú isteach ar dhlínse an Airm.

Thairis sin, bhí Churchill ar dhuine acu siúd a phleanáil an iarracht thubaisteach leandála ag Gallipoli. Chuaigh trúpaí Astrálacha agus Nua-Shéalannacha i dtír in aice le Gallipoli chun caolas Dardanelles a shealbhú agus a dhúnadh ar na longa Gearmánacha, ach fuair na saighdiúirí rompu cosaint láidir na nGearmánach agus na dTuirceach a rinne spior spear den landáil ar fad. Maraíodh leathchéad míle saighdiúir i lámhach na bpiléar Gearmánach, agus cuireadh cuid mhór den mhilleán ar Churchill. Thugadh muintir na saighdiúirí marbha "Búistéir Gallipoli" ar mo dhuine, i ndiaidh an chatha.

B'éigean do Churchill éirí as an oifig nuair a chuir Asquith an chéad rialtas eile le chéile. Comhrialtas ab ea é a raibh na Coimeádaigh ag glacadh páirte ann, agus is é an coinníoll a chuir siad ar Astuith ná nach suifidís in aon rialtas le Churchill. Mar sin, thréig Churchill an rialtas, mar a héilíodh air. Chuaigh sé chun cogaidh chomh maith le duine, agus chaith sé roinnt ama ar fiannas ar an gcathéadan thiar.

Ag Filleadh ar an bPolaitíocht cuir in eagar

I ndeireadh na bliana 1916, tháinig Lloyd George i gcomharbas ar Asquith mar Phríomh-Aire. Mar sin féin, ba leasc leis na Liobrálaigh ar dtús Churchill a chur i mbun cúraimí rialtais arís, ó bhí eagla orthu roimh thrioblóidí leis na Coimeádaigh. Mar sin féin, fuair Churchill oifig an Aire Lón Cogaidh i Mí Iúil 1917. I ndiaidh an chogaidh, chaith Churchill seal ina Stát-Rúnaí Cogaidh agus seal eile ina Stát-Rúnaí Aerfhórsa. Faoin am seo, bhí ceannaircí ar siúl sna críocha a fuair an Bhreatain le rialú faoi shainordú nuair a thit an Ríocht Otamánach as a chéile, agus tharraing Churchill míchlú áirithe air féin i súile ár nglúine-ne, chomh díocasach agus a bhí sé faoi úsáid an gháis nimhe leis na ceannaircí seo a chloí:

Ní thuigim an chonsaeit seo a bhíonn ar na daoine roimh úsáid an gháis. Nach é ár seasamh é i gcomhchainteanna na síochána féin go mbeidh an gás in úsáid feasta mar chuid den ghnáth-threalamh cogaidh? Nach cur i gcéill lom é bheith drogallach faoin deorghás nach gcuirfidh an duine ach ag gol, nuair nach bhfuiltear ag síleadh a dhath den duine chéanna a stróiceadh as a chéile le bloghanna nimhe an phléascáin? Tá mé féin go mór mór i bhfách le gás nimhe a úsáid le treibheanna neamhshibhialta a choinneáil faoi smacht. An dóigh a maolóidh an gás ar mhisneach na ndaoine seo, is dócha gurb é seo an gléas is lú a mharóidh. Níl sé riachtanach leas a bhaint as aon chineál gás marfach, nó is leor gás a roghnú nach gcuirfidh ach an-mhíchompord ar na daoine leis an scanradh ceart a bhaint astu, gan aon mháchail bhuan a fhágáil ar aon duine acu.
 
1921

Faoin am seo, sna blianta 1919—1920, ghearr Churchill síos go mór ar an gcaiteachas cogaidh. Bhí sé an-bhuartha faoi fhorbairt pholaitiúil na Rúise san am seo, agus é den tuairim nár mhiste ladar a chur i gcúrsaí na tíre sin leis an mBoilséiveachas a thachtadh ina chliabhán. Bhí sé in ann áitiú ar an gCaibinéad gurbh é lár leasa na Breataine é fórsaí idirghabhála na Breataine a choinneáil ag obair sa Rúis chomh fada agus ab fhéidir, beag beann ar fhreasúra Pháirtí an Lucht Oibre. Sa bhliain 1920, i ndiaidh do na saighdiúirí Sasanacha glanadh amach as an Rúis, chuidigh Churchill leis na Polannaigh airm agus armlón a fháil ón mBreatain nuair a bhí siad ag cur cogaidh ar na Rúisigh faoin Úcráin.

 
Shínigh Churchill an Conradh Angla-Éireannach

Conradh Angla-Éireannach cuir in eagar

Sa bhliain 1920, rinneadh Stát-Rúnaí na gCoilíneachtaí de Churchill. Dá thoradh sin, b'eisean a shocraigh is a shínigh an Conradh Angla-Éireannach leis na hÉireannaigh—an conradh a chuir Saorstát Éireann ar bun.

Shínigh Churchill an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921.  Ach ar 22 Meitheamh 1922, scaoileadh marbh n Marascail Machaire Henry Wilson, ar leac a dhorais féin i lár Londain.[1] Bhí Wilson ina chomhairleoir slándála do Phríomh-Aire Tuaisceart Éireann, James Craig ag an am céanna.

Bhí Churchill den tuairim gur poblachtánaigh frith-Chonartha ba chúis leis an marú.[2] Mar thoradh, chuir Churchill brú ar an gCoileánach ionsaí a dhéanamh ar na Ceithre Cúirteanna, ruad a tharla ar 27 Meitheamh 1921.[3]

Idir Dhá Chogadh cuir in eagar

I Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 1922, chuaigh Churchill faoi scian an mháinlia leis an aipindic a bhaint de, agus ag filleadh ón ospidéal dó fuair sé an rialtas scortha roimhe, agus olltoghchán nua ar na bacáin. Bhí an Páirtí Liobrálach ar tí titim as a chéile de dheasca na faicseanaíochta inmheánaí, agus níor éirigh an toghchánaíocht le Churchill. Sciob Edwin Scrymgeour, a bhí ina ionadaí do mhionpháirtí ólséantóireachta, suíochán Dhùn Dèagh ó Churchill, a fuair é féin fágtha gan Aireacht, gan Feisireacht, gan aipindic, mar a dúirt sé féin.

Bhí Churchill ina iarrthóir arís in olltoghchán na bliana 1923, i dtoghlach Leicester, agus chaill sé an iarracht seo chomh maith. I rith an chéad bhliain eile, thosaigh sé ag dul leis na Coimeádaigh arís, cé gurbh fhearr leis, ar dtús, "Frith-Shóisialaí" nó "Bunreachtúlaí" a thabhairt air féin. In Olltoghchán na bliana 1924, vótáil muintir Epping isteach é mar Bhunreachtúlaí a raibh na Coimeádaigh ag tacú leis. Sula raibh an chéad bhliain eile istigh, bhí sé ina bhall den Pháirtí Choimeádach arís, agus é ag magadh nach éacht mór é an chéad pháirtí a thréigean ar mhaithe leis an dara páirtí, ach go raibh beartaíocht de dhíth leis an dara pháirtí a atréigean ar mhaithe leis an chéad pháirtí.

Rinneadh Aire Airgeadais, nó Seansailéir an Státchíste, de Churchill arís, ach nuair a d'fhill an Ríocht Aontaithe ar an órchaighdeán faoina cheannas-san, tharraing an beart seo díbhoilsciú, dífhostaíocht agus trioblóidí oibreachas ina dhiaidh. Sa bhliain 1926, chuaigh na mianadóirí ar stailc in aghaidh Churchill, agus tháinig na ceardchumainn eile sna sálaí acu go dtí go raibh an tír ar fad curtha ó obair ag an ollstailc. Nuair a chinn Churchill ar an órchaighdeán a athbheochan, spreag sé an t-eacanamaí clúiteach úd John Maynard Keynes chun criticeoireacht phoiblí a dhéanamh ar pholasaithe an Aire. Bhí Keynes den bharúil go dtarraingeodh athbheochan an órchaighdeáin géarchéim dhomhanda eacnamaíochta ina diaidh. Bhí an ceart ag Keynes, agus is é an rud a deireadh Churchill le súil ar ais ar na laethanta seo nár chinn sé ar chomhairle níos measa riamh lena lá ná comhairle an órchaighdeáin. Lena cheart a thabhairt do Churchill, ní raibh oideachas eacnamaíochta air, agus ní raibh sé go bunúsach ach ag leanúint chomhairle Mhontague Norman, a bhí i gceannas ar Bhanc Shasana ag an am.

Bhí Churchill scanraithe roimh an gCumannachas, agus é den bharúil gur chóir smacht a chur ar na stailceoirí le meaisínghunnaí, leis an tír a tharrtháil. San am seo, chuir sé in iúl go raibh dáimh áirithe aige le Benito Mussolini, ó bhí sé den tuairim go mbeadh an Faisisteachas san Iodáil ina sciath chosanta in aghaidh choinscleo an Chumannachais.

Chaill na Coimeádaigh olltoghchán na bliana 1929, agus sna blianta a tháinig ina dhiaidh sin, bhí Churchill ag easaontú le cinnirí an pháirtí faoi na táillí caomhnaitheacha custaim agus faoi rialtas dúchais na hIndia. Nuair a tháinig an Rialtas Náisiúnta le chéile faoi cheannas Ramsay Mac Donald sa bhliain 1931, níor tairgeadh aireacht ar bith dó ar an rialtas. Bhí an chuma ar an scéal go raibh a thréimhse istigh mar pholaiteoir, agus mar sin, chrom sé ar scríbhneoireacht, cosúil leis an mbeathaisnéis a scríobh sé faoina shinsear clúiteach John Churchill, chéad-Diúc Marlborough, agus stair na náisiún Béarla (A History of the English-Speaking Peoples). Bhí sé go tréan talcánta ag cur in aghaidh neamhspleáchas na hIndia.

Ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh Adolf Hitler chomh bagarthach is nach dtiocfadh le Churchill dearmad a dhéanamh de a thuilleadh. Nuair a bhí an chuid eile den náisiún ag áitiú orthu féin go mbeadh sé indéanta Hitler a ghiúmaráil is a chealgadh chun comhoibrithe, bhí Churchill ag tabhairt rabhaidh cheana féin faoi chomh riachtanach agus a bhí sé téisclim chogaidh a dhéanamh le haghaidh na troda a chaithfí a chur ar na Gearmánaigh an lá ab fhaide anonn.

Príomh-Aire i mBlianta an Chogaidh cuir in eagar

 
Churchill le Roosevelt - Talamh an Éisc - 1941

Nuair a thosaigh an cogadh, cuireadh Churchill i mbun chúrsaí an chabhlaigh, agus le linn an "Chogaidh Bhréige" roimh ruathair aeir na nGearmánach ar an mBreatain Mhór, tharraing sé níos mó súil air féin ná aon duine eile san oifig seo. Bhí Churchill inbharúla gur chóir Narvik, an cuan Ioruach, agus Kiruna, an chathair mhianadóireachta sa tSualainn, a shealbhú roimh theacht na nGearmánach. Ní raibh an chuid eile den rialtas ar aon tuairim leis, agus mar sin, ní dheachaigh na Sasanaigh i dtír i Narvik sula raibh na Gearmánaigh ag déanamh forghabhála ar an tír cheana féin. Mar sin, bhí na Naitsithe ábalta an Iorua a ghabháil agus ruaigeadh a chur ar na Sasanaigh ó Narvik.

I mBealtaine 1940, agus na Gearmánaigh ag teannadh isteach tríd an mBeilg agus tríd an Ísiltír, tháinig sé chun solais nach raibh muintir na Breataine Móire sásta leis an dóigh a raibh an Príomh-Aire Chamberlain ag fearadh an chogaidh. D'éirigh Chamberlain as, agus b'é Churchill a tháinig i gcomharbas air. D'fháiltigh Churchill na páirtithe polaitiúla eile isteach sa rialtas nua, agus ós rud é nach raibh na cúrsaí cosanta agus cogaidh fágtha faoi aon duine amháin go dtí sin, ghlac sé air féin dualgaisí an aire cosanta chomh maith. D'fhág sé déantús agus táirgeacht na n-eitleán cogaidh faoina sheanchara, an Tiarna Beaverbrook. Ó bhí Beaverbrook ina fhear maith gnó agus eagraíochta, bhí sé in ann tionsclaíocht na Breataine Móire a shlógadh chun téisclime cogaidh.

Ó bhí bua na hóráidíochta ag Churchill, bhí sé ábalta sracadh nua a chur i muintir na Breataine Móire in am an ghátair. Thabhaigh a chuid óráidí clú agus cáil dó. Sa chéad óráid a thug sé agus é ina Phríomh-Aire, dúirt sé:

Ní féidir liom a dhath a thairiscint daoibh, ach doirteadh fola, bárcadh allais, agus gleann na ndeor.

Choinnigh muintir na Breataine Móire cuimhne ar na focail seo freisin:

Mairfidh muid ag cosaint an oileáin seo againn, beag beann ar an deachú a chaithfidh muid a íoc. Cuirfidh muid cath orthu sna cladaí, cuirfidh muid cath orthu ar na háiteanna leaindeála, cuirfidh muid cath orthu sna páirceanna agus sna sráideanna, cuirfidh muid cath orthu thuas sna cnoic, agus ní bhrisfear an cath sin orainn choíche.

Nuair a thosaigh Cath na Breataine Móire, agus na Gearmánaigh ag tabhairt ruathar aeir i ndiaidh a chéile faoin oileán, dúirt sé "nach raibh a leithéid de mhórán riamh faoina leithéid de chomaoin ag a leithéid de bheagán" - bhí sé ag tagairt don dóigh a raibh muintir na tíre ar fad faoi chomaoin ag eitleoirí an Aerfhórsa Ríoga.

Bhí Churchill an-mhór le Franklin Delano Roosevelt, Uachtarán na Stát Aontaithe, rud a chuidigh leis soláthar ríthábhachtach treallaimh agus armálacha ó Mheiriceá a chinntiú don Bhreatain Mhór. Tháinig seisean agus Roosevelt le chéile ag dhá chruinniú straitéiseach déag, agus b'ag na cruinnithe seo a socraíodh polasaithe lárnacha an chogaidh, ar nós an tús áite a tugadh do chogadh na hEorpa, an Forógra Atlantach a chuir an chéad dúshraith le hECAT (NATO) agus Forógra na Náisiún Aontaithe. Chuir Churchill bun freisin le Coiste Feidhmitheach na nOibríochtaí Speisialta (SOE, Special Operations Executive), le sabaitéireacht a dhéanamh ar oibríochtaí cogaidh na nGearmánach sna tíortha a bhí forghafa ag na Naitsithe. D'éirigh sách maith leis an gcoiste seo, agus é ag comhoibriú go dlúth leis na gluaiseachtaí frithbheartaíochta sna tíortha forghafa. Smaoineamh de chuid Churchill ab ea é freisin na fórsaí commandó a bhunú. Ón taobh eile de, bhí alcólachas Churchill ag dul chun donais, agus an cogadh ag druidim chun deiridh. Chinn sé ar go leor droch-chomhairlí, agus fosta, bhí sé sásta faomhadh a thabhairt don léirscrios a rinne eitleáin bhuamála na Breataine ar chathair Dresden gan aon chúis cheart cogaíochta, nuair a bhí an cogadh féin beagnach thart, agus an chathair féin ag cur thar maoil le sibhialtaigh—teifigh ó chríocha tréigthe thoir na Gearmáine. Lena cheart a thabhairt do Churchill, is é an dearcadh a bhí ag na daoine san am gur cuidiú mór ab ea buamáil Dresden leis na comhghuaillithe Sóivéadacha.

 
Churchill le Stailín agus Roosevelt ag Comhdháil Yalta sa bhliain 1945.

Dealraíonn sé, freisin, go raibh milleán éigin ar Churchill as gorta mór Bengal sa bhliain 1943. Fuair thart ar thrí mhilliún de dhaoine bás de dheasca an ghorta seo a bhí cosúil le drochshaol na hÉireann ar go leor dóigheanna. Is é sin, tháinig meath ar na barra nuair a buaileadh an rís le tolgadh fungais, agus ní raibh Churchill sásta teacht chun tarrthála dóibh siúd a fágadh ar an mblár fholamh. Is follasach, áfach, gur chuir an cogadh go mór mór leis an easpa bia a rinne an ródach seo.

Bhí Churchill fonnmhar, freisin, teorainneacha na Polainne a shocrú ar bhealach a thaitin le Stailín i bhfad níos mó ná leis na Polannaigh féin. Cuireadh bun leis an socrú seo nuair a tháinig Roosevelt, Churchill agus Stailín le chéile i gCasablanca sa bhliain 1943, ach is gnách leis na Polannaigh a rá gurb i gcruinniú mullaigh Yalta i dtús na bliana 1945 a "dhíol Churchill le Stailín" iad. Níor bhac Churchill le barúil an Rialtais Pholannaigh i Londain a iarraidh i dtaobh an tsocraithe seo. Go bunúsach, bhí Churchill féin barúlach go gcaithfí ceist na dteorainneacha in Oirthear na hEorpa a fhreagairt tríd na teorainneacha nua a tharraingt de réir na náisiúntachtaí. Mar sin, ós rud go raibh níos mó Bílearúisigh agus Úcránaigh ina gcónaí in Oirthear na Polainne, ní raibh sé as cosán a rá gurbh fhearr iad a chur in aon stát amháin leis na Bílearúisigh is na hÚcráinigh eile, mar atá, an tAontas Sóivéadach.

Ba náir le Churchill, áfach, an dóigh ar fágadh na Cumannaigh ag rialú na Polainne i ndiaidh an chogaidh, beag beann ar rialtas dlíthiúil na Polainne i Londain. Thuig sé go rómhaith an feall a bhí imeartha aige in aghaidh a thola féin ar an chéad chomhghuaillí a bhí ag an mBreatain Mhór i dtús an chogaidh, ach ní raibh sé ábalta an feall a chosc sna cruinnithe mullaigh.

 
Marrakesh, Morocco, ar 13 Eanáir 1944 le De Gaulle

I nDiaidh an Chogaidh cuir in eagar

Cé go raibh meas an laoich ar Churchill i ndiaidh an chogaidh, ní hionann sin is a rá nach raibh muintir a thíre in ann locht a fháil nó a aithint air. Bhí sé go tréan in aghaidh an stáit shoilíosaigh, an oideachais shaoir agus an leasa shóisialta. Bhí tuirse ar mhuintir na Breataine Móire i ndiaidh an chogaidh, áfach, agus iad ag santú an chirt agus an chothroim shóisialta ar chuir siad an oiread sin catha ar a shon. Ó bhí an chuma ar an scéal nach mbeadh Churchill sásta deachú an chogaidh a íoc leo, chaith siad as a oifig é agus vótáil siad isteach Clement Attlee agus Páirtí an Lucht Oibre i dtoghchán na bliana 1945. Níl gach staraí den tuairim, áfach, gurb é seasamh Churchill a chaill an toghchán air. Is fearr leosan a rá nach raibh na vótóirí míshásta le Churchill go pearsanta, ach lena pháirtí.

Bhí Churchill an-bháúil leis an Eorpachas, agus é ar duine d'ailtirí an Chómhargaidh agus an Aontais Eorpaigh. Chuidigh sé leis an bhFrainc, freisin, buansuíochán a bhaint amach i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Bhí sé den bharúil fosta go raibh rialtas domhanda de dhíth, an lá is faide anonn, le todhchaí an chine dhaonna a tharrtháil:

Mura gcuirtear rialtas uiledhomhanda de chineál éigin ar bun leis na cogaí a chosc, is beag todhchaí a fheicim don tsíocháin agus do dhul chun cinn an chine dhaonna. Más féidir eagraíocht dhomhanda a chur ar bun a dtugtar aitheantas forleathan dá húdarás, ní bheidh aon teorainn leis an sult a bhainfidh gach aon duine as an saol.

Go gairid i ndiaidh an chogaidh, rinne sé an tagairt chlúiteach don chuirtín iarainn idir Iarthar agus Oirthear na hEorpa. Tháinig an teilgean cainte féin ó Joseph Goebbels, máistir bolscaireachta na Gearmáine Naitsíche, ach nuair a bhain Churchill a chasadh féin as an meafar, chuir sé i mbéal agus i gcuimhne na ndaoine é:

Ó Stettin - is é sin, cathair Szczecin i bPolainn an lae inniu - cois na Bailte go Trieste cois Mhuir Aidriad, thit cuirtín iarainn trasna na hEorpa. Ar an taobh eile den líne sin a fágadh príomhchathracha seanársa Lár agus Oirthear na hEorpa: Vársá, Beirlín, Prág, Vín, Budapest, Beograd, Bucureşti agus Sóifia, agus an daonra ina dtimpeall, tá siad go léir suite sa chuid den domhan nach féidir liom ach an sféar Sóivéadach a thabhairt uirthi.

An Dara Téarma ina Phríomh-Aire dó cuir in eagar

Bhí corrthónacht agus leadrán ar Churchill sna blianta a chaith sé san fhreasúra i ndiaidh an chogaidh. Nuair a chaill an Lucht Oibre olltoghchán na bliana 1951, d'fhill Churchill go dtí Sráid Uí Dhuinnín arís. Mhair sé ina Phríomh-Aire go dtí gur éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 1955. Le linn an téarma seo, d'athnuaigh sé an "caidreamh speisialta" leis na Stáit Aontaithe ar chuir sé bun leis i mblianta an chogaidh, agus é an-ghnóthach ag cruthú an eagair pholaitiúil iarchogaidh.

Mar sin féin, fuair sé é féin in achrann i dtrioblóidí sna coilíneachtaí nár cheadaigh dó clú ceart a bhaint amach as cibé rud a d'éirigh leis go maith sa Bhreatain Mhór féin. B'é ba chúis leis na trioblóidí seo ná an dóigh a raibh cumhacht agus stádas na Breataine Móire ag trá sna cúrsaí idirnáisiúnta. Ós rud é gur fear Impireachta ab ea Churchill go smior, ba dual dó freagra na láimhe láidre a thabhairt ar ghéarchéimí den chineál seo.

Conspóid na hArtola san Iaráin cuir in eagar

Thosaigh conspóid na hartola san Iaráin nuair a bhí Attlee ina Phríomh-Aire go fóill. I Márta 1951, chinn parlaimint na hIaráine an Comhlacht Artola Angla-Iaránach a náisiúnú - is é sin, an comhlacht agus gach ar bhain leis a shealbhú do stát na hIaráine. B'é an seanstátaire Mohammad Mossadegh ba mhó a bhí ar son an bhille áirithe seo, agus rinneadh príomh-aire na hIaráine de sa bhliain a bhí chugainn le tacaíocht an fhormhóir mhóir sa pharlaimint. Leis an gconspóid a shocrú, mhol an Chúirt Idirnáisiúnta comhghéilleadh: aitheantas a thabhairt don náisiúnú, agus brabús na hartola a roinnt go cothrom idir an Bhreatain Mhór agus an Iaráin. Dhiúltaigh Mossadegh don chomhréiteach seo, áfach, agus tháinig deireadh leis na comhchainteanna idir na hIaránaigh agus na Sasanaigh. Thosaigh na Sasanaigh uisce faoi thalamh a thógáil in aghaidh na hIaráine, agus iad ag útamáil leis an smaoineamh Mossadegh a chur ó chumhacht le cuidiú na seirbhísí rúnda. Ní raibh uachtarán na Stát Aontaithe, Harry Truman, róshásta leis an bhforbairt seo, ná ró-fhonnmhar chun cabhrú leis an mBreatain Mhór, ó bhí a aird féin ar chogadh na Cóiré ag an am. Mar sin féin, d'éirigh leis na Sasanaigh baghcat trádála a chur i bhfeidhm ar an Iaráin a rinne an-dochar d'eacnamaíocht na tíre.

Nuair a tháinig Churchill ar ais mar Phríomh-Aire, chrom sé ar rialtas Mossadegh a chur ag guagaíl. Bhí an dá thaobh ag iarraidh fad a bhaint as an gconspóid le tairiscintí doghlactha, agus sa deireadh thiar thall, theip ar na comhchainteanna go hiomlán. Ansin, agus an damáiste a bhí á dhéanamh don Iaráin ag an gcosc trádála, thosaigh an t-arm agus an chuid de pharlaimint na hIaráine a bhí fabhrach don Bhreatain Mhór, thosaigh siad pleananna a oibriú amach le Mossadegh a chur as oifig le lámh láidir.

Bhí Winston Churchill agus a Aire Gnóthaí Eachtracha ag iarraidh an craiceann is a luach a bheith acu. Ó thaobh amháin, theastaigh uathu an Iaráin a chur ar bhealach a leasa i gcúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta - an tír a fhorbairt is a fheabhsú. Ón taobh eile de, ba leasc leo an Comhlacht Artola a fhágáil faoi smacht na nIaránach, siúd is gurb ar éigean a d'fhéadfaí an tír a fheabhsú gan airgead artola. Ar dtús, bhí siad ag tacú le Sayyid Zia, ó shíl siad go mbeadh sé indéanta gnóthaí a shocrú leis siúd, ach nuair a chuaigh an díospóireacht i bhfad, thosaigh siad ag tógáil uisce faoi thalamh leis an Arm. Mar sin, bhí rialtas Winston Churchill tar éis an plean céanna a ghlacadh chucu a bhí ag rialtas Attlee roimhe sin—is é sin, forghabháil chumhachta a chur i bhfeidhm in aghaidh Mossadegh.

 
Churchill i gCeanada - 1954

Níor mhaolaigh ar an ngéarchéim le teacht na bliana 1953 ach an oiread. Chinn Churchill tacaíocht a thabhairt don fhorghabháil chumhachta san Iaráin, ó bhí cuidiú ag teacht ó Uachtarán na Stát Aontaithe, Dwight Eisenhower, agus é siúd an-bhuartha faoin dóigh a raibh Mossadegh ag déanamh mórtachais leis na Sóivéadaigh. B'é an Ginearál Fazlollah Zahedi a bhí ag teacht chun tosaigh mar cheannaire an fhreasúra in aghaidh Mossadegh, agus na Sasanaigh is na Meiriceánaigh ag taobhú leis dá réir sin. Bhí na léirsithe is na mórshiúlta ag dul i dtreise san Iaráin i samhradh na bliana 1953, agus nuair a chóirigh Mossadegh reifreann a d'iompaigh amach a bheith mí-ionraic go hiomlán, agus 99.9 % de na vótaí caite ar mhaithe le Mossadegh, mar dhea, chonaic Zahedi go raibh a lá tagtha. Le maoiniú na gcumhachtaí coimhthíocha, chuaigh sé i gceannas ar an tír, agus ghéill Mossadegh dó ar an bhfichiú lá de Mhí Lúnasa, 1953.

Ba mhaith an léiriú é an coup d'état seo ar an meon paradacsúil a bhí ag roinnt leis na stáit dhaonlathacha ardfhorbartha ag an am. Theastaigh acmhainní uathu le caoi cheart a chur orthu féin agus an treascairt a fuair siad sa Dara Cogadh Domhanda. San am céanna, bhí siad ag iarraidh lámh thapaidh an Aontais Shóivéidigh a stopadh ó thuilleadh cumhachta a shealbhú. Mar sin, bhí siad ag caitheamh le stáit nua neamhspleácha an Tríú Domhain mar a bheidís siúd ina gcoilíneachtaí i gcónaí.

Éirí Amach na Mau Mau cuir in eagar

An faltanas a bhí ag muintir na Céinia in aghaidh na Sasanach le fada an lá, toisc an dóigh ar roinneadh na tailte sa tír sin. Tháinig na fadhbanna seo chun solais sa bhliain 1951, agus Aontas Afracach na Céinia ag éileamh tuilleadh ionadaíochta do na bundúchasaigh i rialú agus i riarachán na tíre, chomh maith le athroinnt na talún.

Nuair a diúltaíodh do na héilimh seo, fuair lucht an antoisceachais seilbh ar an ngluaiseacht, agus chuaigh muintir na Céinia chun cearmansaíochta ar na Sasanaigh.

B'é sin Éirí Amach Mau Mau, mar a thugtar air in annalacha na staire. Ar an 17 Lúnasa 1952, cuireadh staid éigeandála i bhfeidhm ar an tír, agus tuilleadh fórsaí armtha ag teacht le heitleáin ón mBreatain Mhór in aghaidh an lae leis an éirí amach a chloí. Chuaigh na cúrsaí an oiread sin chun géaradais is go bhféadfá a rá go raibh an Chéinia ar bharr lasrach le cogadh cathartha.

Sa bhliain 1953, rinne na ceannaircí ródach mór ar dhílseoirí ar de threibh Kikuyu iad. Chuir an t-ár seo—sléacht Lari, mar a thugtar air—malairt chuma ar fad ar pholaitíocht an éirí amach, agus fuair na Sasanaigh ar ais cuid den dea-chlú a bhí caillte acu i rith an chogaidh. B'é an cineál straitéis a bhí ag Churchill ná an lámh láidir mhíleata a imirt gan trócaire ar na ceannaircí agus na héilimh a shásamh a bhí ag na hAfraicigh a chur chun tosaigh ar dtús, go dtí an diúltú a fuair siad ó rialtas Attlee.

 
Éirí Amach na Mau Mau; King's African Rifles faoin tuath

Cheap Winston Churchill an Ginearál Sior George Erskine leis an éirí amach a chur faoi chois i Nairobi, rud a rinne sé leis an oibríocht ar ar tugadh An Inneoin, sa bhliain 1954. Ina dhiaidh sin, chuathas i dtuilleamaí an Chasúir (oibríocht mhíleata eile) le deireadh a chur leis an gceannairc faoin tuath. D'ordaigh Churchill comhchainteanna síochána a chur ar bun le muintir na Céinia, ach theip ar na cainteanna seo agus eisean ina Phríomh-Aire go fóill.

Éigeandáil na Malaeisia cuir in eagar

Bhí bunadh na Malaeisia ag cur in aghaidh an choilíneachais Bhriotanaigh ón mbliain 1948 ar aghaidh. Géarchéim eile a bhí ann a fuair Churchill mar oidhreacht ón rialtas a bhí ann roimhe, agus rinne sé mar a rinne sa Chéinia: thairg sé an lámh láidir do na treallchogaithe agus lámh an chara dóibh siúd nach raibh sáite sa chogaíocht. Thug sé a fhaomhadh do thógáil na sráidbhailte daingnithe, fosta. Ba chleas oirbheartaíochta é seo a d'éirigh coitianta i gcogaí coilíneacha nó iarchoilíneacha na nEorpach is na Meiriceánach i ndiaidh a lae féin.

Dream eitneach a bhí ag cur an chogaidh sa Mhalaeisia, agus cuidiú ag teacht ón Aontas Sóivéadach. Mar sin, bhí i bhfad níos mó tacaíochta ar fáil don Bhreatain Mhór anseo ná sa Chéinia nó san Iaráin. Nuair a shroich an cogadh a bhuaicphointe, bhí 35,500 saighdiúir de chuid na Breataine Móire ar garastún sa Mhalaeisia. Agus na reibiliúnaithe ag cailleadh an fhóid, bhí siad cailleadh thacaíocht na ndaoine chomh maith.

Siúd is go bhfuarthas an lámh in uachtar ar na treallchogaithe, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go soiléir nach raibh sé indéanta a thuilleadh an Mhalaeisia a choinneáil faoi smacht na Breataine Móire. Sa bhliain 1953, leagadh amach treoirlínte an neamhspleáchais do Singeapór agus do na coilíneachtaí eile sa chearn seo den domhan. Bhí an chéad toghchán ann, sa bhliain 1955, cúpla lá sular éirigh Churchill as an bPríomh-Aireacht, agus sa bhliain 1957, i ndiaidh d'Antony Eden teacht i gcomharbas ar Churchill mar Phríomh-Aire, bronnadh an neamhspleáchas ar an Malaeisia.

A Chuid Onóracha cuir in eagar

Ón mbliain 1941 go lá a bháis, bhí an oifig oinigh aige ar a dtugtar Lord Warden of the Cinque Ports.

Sa bhliain 1953, bronnadh dhá chéimíocht thábhachtacha air, nó fuair sé Ridireacht an Ghairtéir, agus é ag tabhairt "Sir Winston Churchill KG" air féin feasta, agus, sa bhreis air sin, bronnadh Duais Nobel na Litríochta air "as ucht a mháistreachta ag tabhairt cur síos ar imeachtaí beatha agus staire agus as ucht a dheisbhéalaí ag cosaint luachanna móra an duine".

Sa bhliain chéanna, áfach, fuair sé stróc a d'fhág pairilis ar an taobh deas dá cholainn. D'éirigh sé as an bPríomh-Aireacht ar chúiseanna sláinte ar an gcúigiú lá de Mhí Aibreáin, 1955, ach choinnigh sé a phost mar Sheansailéir ar Ollscoil Bhriostó. Níor thug sé suas a Fheisireacht ach an oiread roimh an mbliain 1964. Sa bhliain 1959, gaireadh Athair an Tí de, is é sin, an duine ab fhaide a bhí ina Fheisire gan stad.

Sa bhliain 1955, tairgeadh diúcacht do Churchill, agus piaracht aige cheana féin. Ar dtús, bhí sé an-tugtha don smaoineamh, agus é ag pleanáil Diúc Londan a thabhairt air féin. Sa deireadh thiar, áfach, dhiúltaigh sé, mar a chomhairligh a mhac Randolph dó a dhéanamh. Ó sin i leith, níor bronnadh diúcachtaí ach ar bhaill de theaghlach ríoga na Breataine.

Sa bhliain 1956, bhronn Cathair Aachen in iarthar na Gearmáine Karlspreis nó Duais Shéarlais Mhóir ar Churchill, de bharr a raibh déanta aige ar mhaith leis an gcomh-Eorpachas agus leis an tsíocháin san Eoraip.

Sa bhliain 1963, fuair Churchill saoránacht oinigh na Stát Aontaithe, roimh aon duine eile.

A Mhuintir cuir in eagar

 
Churchill agus a fhiancée Clementine Hozier sa bhliain 1908, go gairid sula ndeachaigh an brat pósta orthu

Ar an dara lá de Mhí Mheán Fómhair den bhliain 1908, phós Churchill Clementine Hozier in Eaglais Naomh Mairéad, teampall galánta Anglacánach in aice leis an bParlaimint. Cailín deas dathúil ab ea í, siúd is nach raibh mórán maoin shaolta ag a muintir. Bhí aithne ag Churchill ar an gcailín ó casadh air ag cóisir í i Mí na Márta sa bhliain chéanna. Roimhe sin, bhí Churchill i ndiaidh ceiliúr pósta a chur ar an aisteoir clúiteach Ethel Barrymore, ach d'eitigh sí.

Saolaíodh cúigear clainne dóibh, mar atá, Diana, Randolph, Sarah, Marigold, agus Mary. Bhásaigh Marigold ina páiste. Chuaigh Sarah le haisteoireacht, agus rinne sí príomhpháirt ar an scannán Royal Wedding, in éineacht leis an bhfear mór rince féin, Fred Astaire. Scríobh Mary leabhar faoina tuismitheoirí.

B'í an Bhantiarna Blanche Henrietta Ogilvy máthair Chlementine, agus í ar an dara bean chéile ag Sior Henry Montague Hozier. Níl a fhios ag aon duine, áfach, cérbh é athair Chlementine dháiríre, nó is feasach nach raibh a máthair ró dhílis dá fear céile: sin é an tuige go bhfuair sí colscaradh sa deireadh. Thug sí féin le fios gurbh é an Captaen William George "Bay" Middleton a ghin an iníon, ach is é tuairim Joan Hardwick, a scríobh beathaisnéis Chlementine, gurbh é Algernon Bertram Freeman-Mitford, fear céile le deirfiúr Chlementine, a ghin an chlann ar fad a rugadh do Blanche Henrietta Ogilvy.

 
Clementine Churchill, Baroness Spencer-Churchill (1885-1977) sa bhliain 1915

Chuaigh mac Churchill, Randolph, agus a gharmhic Nicholas Soames agus Winston le polaitíocht, agus vótáladh isteach sa Pharlaimint iad.

Nuair nach raibh Churchill i Londain ag tabhairt aire do chúrsaí polaitíochta, bhí sé ina chónaí i Chartwell House in Kent, faoi dhá mhíle ó dheas de Westerham. Eisean agus a bhean chéile, cheannaigh siad an áit sa bhliain 1922, agus chónaigh Churchill ansin go lá a bháis. Nuair a bhí sé ag cur faoi i Chartwell, chaitheadh sé a chuid ama ag scríbhneoireacht, ag péintéireacht, ag brícléireacht nó ag adhradh na n-ealaí dubha Astrálacha a thuill a clú don áit.

Deireadh a Shaoil cuir in eagar

Bhí a fhios ag Churchill nach ag éirí óg a bhí sé. Mar sin, d'fhág sé slán ag oifig an Phríomh-Aire sa bhliain 1955. Tháinig Anthony Eden i gcomharbas air, rud a raibh sé ag súil leis le fada an lá anuas. Chaith Churchill an chuid ba mhó de bhlianta deireanacha a shaoil ag Chartwell agus i ndeisceart na Fraince.

 
1963, bhronn John F. Kennedy Saoránacht Oinigh na S.A. ar Churchill.

Sa bhliain 1963, bhronn John F. Kennedy (Seán Mac Gearailt Ó Cinnéide), uachtarán na Stát Aontaithe, Saoránacht Oinigh na Stát Aontaithe ar Churchill. Níor bronnadh na honóracha seo ar aon duine roimhe sin. Ní raibh Churchill in ann freastal ar an searmanas, chomh tinn agus a bhí sé, agus b'iad a mhac agus a gharmhac a ghlac leis na dintiúirí thar a chionn.

Ar an 15ú lá de Mhí Eanáir 1965, buaileadh Churchill le stróc an dara huair. Níor tháinig sé as, an turas seo. Níor tháinig sé slán ón mbás, ar an 24ú lá de Mhí Eanáir 1965, cothrom lá báis a athar, sa bhliain 1895.

Bhí a chorpán le feiceáil i Halla Westminster ar feadh trí lá, agus chóirigh stát na Breataine Móire searmanas a adhlactha in Ardeaglais Naomh Pól. Bhí sé ar an chéad duine a fuair sochraid Stáit i ndiaidh an Mharascail Mhachaire, an Tiarna Roberts of Kandahar, a d'éag sa bhliain 1914.

 
Eaglais Bladon

Léitheoireacht cuir in eagar

  • Ziegler, P. (1973), Omdurman, (New York: Dorset Press)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nollaig Ó Gadhra (1995). "Údarás nua - tús nua?". Comhar 54 (8): 4. doi:10.2307/25572700. ISSN 0010-2369. 
  2. UCD.ie (2016). "UCD-Decade-of-Centenaries". Dáta rochtana: 2019.
  3. Peter Hart (1992). "Michael Collins and the Assassination of Sir Henry Wilson". Irish Historical Studies 28 (110): 150–170. ISSN 0021-1214.