Feachtas Gallipoli
Bhí Feachtas Gallipoli ar na cathanna ba mhó agus ab fhíochmhaire i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda. D'ionsaigh fórsaí na Breataine, na Fraince agus fórsaí nua-chruthaithe na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (ANZAC), srl. an Impireacht Ottoman ag leathinis Gallipoli sa Dardainéil.[1] Lean an cogáoicht ó 25 Aibreán 1915 go 9 Eanáir 1916.
Ar deireadh, tar éis 8 mí de chogaíocht, cuireadh an ruaig ar fhórsaí na gComhghuaillithe. Bhí an-chuid taismeach ar an dá thaobh agus fuair thart ar leathmhilliún bás.[2]
CúlraCuir in Eagar
Ar 19 Feabhra 1915 d'ionsaigh fórsaí na Ríochta Aontaithe Caolas na Dardainéile, agus iad ag iarraidh Iostanbúl a bhaint amach trí Leathinis Gallipoli. Theip ar longa na Breataine briseadh tríd an gcaolas. Chinn na Briotanaigh mar sin ar thrúpaí a chur i dtír.
CogaíochtCuir in Eagar
Bhí Rannán a Naoi Déag ar garastún i nGallipoli agus Mustafa Kemal Atatürk i lár an aonaigh dá bharr. Nuair a tháinig fórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (ANZAC - "Australian and New Zealand Army Corps") i dtír ar 25 Aibreán 1915 san áit a bhfuil "ANZAC Cove" uirthi inniu, bhí fórsaí na Tuirce rompu, le Kemal Atatürk i mbun. Bhí na "Anzacs" faoi léigear.
Spreag Mustafa Kemal a chuid saighdiúirí leis na focail seo:
- Ordaím daoibh cath a chur, ordaím daoibh bás a fháil. Ag fáil bháis dúinn tabharfaimid deis do shaighdiúirí agus do cheannasaithe eile teacht sa bhearna bhaoil.
Le teacht na hoíche bhí dhá mhíle Anzac marbh agus iad ag iarraidh teannta a gcos a choinneáil ar an gcladach. Bhí siad sáinnithe ar an trá go ceann dhá sheachtain eile agus maraíodh duine as gach triúr.
I ndeireadh na dála, nuair a bhí a ndúil bainte den rath ag na Briotanaigh i ndiaidh deich mí troda, thug siad a gcuid saighdiúirí leo ón Leithinis.
Saighdiúirí ÉireannachaCuir in Eagar
Bhí
- Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath,
- Fiúsailéirí Ríoga na Mumhan,
- Fiúsailéirí Ríoga Inniskilling agus
- an 10ú Rannán (Éireannach)
i measc na n-aonad de chuid Arm na Breataine a throid ag Gallipoli.
Cé nárbh Éireannaigh iad na saighdiúirí go léir sna haonaid sin, meastar go raibh ar a laghad 3,500 fear ó gach cearn d'oileán na hÉireann ina measc siúd a maraíodh agus gur baineadh gortú do roinnt mílte Éireannach eile le linn an fheachtais.[3]
Tháinig cuid mhaith Éireannach den chéad ghlúin i dtír i Gallipoli mar bhaill de d'fhórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne agus bhásaigh siad ann.
Ag an reilig ag V-Beach (Cape Helle),cuireadh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann a maraíodh agus iad ag teacht i dtír.[4]
AnailísCuir in Eagar
Dúirt Michael D. Higgins sa bhliain 2015, "Ba cheart dúinn a admháil gur ordaíodh do na fir sin bás agus fulaingt a imirt, agus iad mar chuid d’fhórsa ionsaitheach míchinniúnach a cruthaíodh gan mhachnamh ceart: thit saighdiúirí na Tuirce ina mílte agus iad ag cosaint a dtíre dúchais, agus cailleadh i bhfad níos mó díobh ná a cailleadh de na Comhghuaillithe... b’fhéidir go raibh rud éigin i bhfeachtas ionsaitheach Gallipoli, agus ina chur i gcrích anacrach, a léirítear mar eachtra nach bhfuil de chúiteamh ann ach an t-aiféala, an fearg agus, b’fhéidir, admháil na ciontachta óna húdair."[5]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Is caolas a ceangail an Mhuir Aeigéach go dtí Muir Mharmara í an Dardainéil. Is suite í san Tuirc.
- ↑ centenaries.ucd.ie (2016). "UCD Decade of Centenaries". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ Department of Foreign Affairs. "Comóradh Fheachtas Gallipoli - An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2019-04-25.
- ↑ Office of the President of Ireland. "News President To Attend Ww1 Commemorations In Turkey Gallipoli And Visit Irish" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2019-04-25.
- ↑ Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2019-04-25.