An Ostair-Ungáir

constitutional monarchic union from 1867 to October 1918

Is éard a bhí i gceist leis an Ostair-Ungáir (nó Impireacht na hOstaire is na hUngáire, nó an Démhonarcacht, nó Monarcacht na Danóibe, nó an Mhonarcacht Impiriúil Ríoga) ná an t-aontas bunreachtúil monarcach i lár na hEorpa a tháinig ar an bhfód de thoradh an Ausgleich, nó Comhréiteach na bliana 1867. De réir an chomhréitigh seo, thoiligh Rítheaghlach Ostarach Hapsburg an chumhacht a chomhroinnt le rialtas na hUngáire, agus mar sin rinneadh tír ar leith de Ríocht na hUngáire a raibh an ceann stáit, cuid de na ranna rialtais agus forais áirithe i bpáirt aici leis an Impireacht Ostarach. Sin an chúis a dtugtaí monarcacht Impiriúil Ríoga ar an Ostair-Ungáir: thagair an chéad aidiacht acu do ról an rialtóra mar Impire san Ostair, agus an dara ceann acu bhí sé ag trácht ar a ról mar Rí san Ungáir.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Ostair-Ungáir
Österreich-Ungarn (de)
Osztrák-Magyar Monarchia (hu) Cuir in eagar ar Wikidata
Armas
Armas

AintiúnGott erhalte Franz den Kaiser Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 48°12′N 16°21′E / 48.2°N 16.35°E / 48.2; 16.35

PríomhchathairVín agus Búdaipeist Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán52,800,000 (1914) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús78.04 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ghearmáinis
an Ungáiris Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deNa Cumhachtaí Láir Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla676,615 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Aidriad, Loch Garda, Loch Konstanz, An Danóib, An Réin, Inn, Sava, Drina, An Viostúile, Przemsza, Biała Przemsza (en) Aistrigh, An Oder, Olza, Opava, Jizera, Una, San, Abhainn Zbruch, An Dnístir, Western Bug (en) Aistrigh agus Prut Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síImpireacht na hOstaire Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 1 Márta 1867:  (Austro-Hungarian Compromise of 1867 (en) Aistrigh)
Díscaoileadh11 Samhain 1918
Á leanúint agPoblacht na hOstaire Gearmánaí, Ríocht na hUngáire, An Chéad Phoblacht Sheicslóvacach, State of Slovenes, Croats and Serbs (en) Aistrigh, Ríocht na Rómáine, An tSeicslóvaic agus Dara Poblacht na Polainne Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht bhunreachtúil, dual monarchy (en) Aistrigh agus monarcacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachAustrian Imperial Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
AirgeadraAustro-Hungarian gulden (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Mhair an démhonarcacht bliain amháin thar an leathchéad. Tháinig deireadh léi sa bhliain 1918, nuair a briseadh an Chéad Chogadh Domhanda ar na Cumhachtaí Láir (Impireacht na Gearmáine agus an Démhonarcacht). Ba ansin a tháinig na gluaiseachtaí náisiúnta chun tosaigh i measc na náisiúntachtaí beaga a raibh an Impireacht comhdhéanta astu, agus bhunaigh siad stáit nua dóibh féin.

Ní mór an giorrúchán k.u.k. (kaiserlich und königlich, "Impiriúil agus Ríoga") a aithint thar an ngiorrúchán k.k. (kaiserlich königlich, "Impiriúil Ríoga"). Tagraíonn an chéad ghiorrúchán d'údaráis na tíre go léir, idir an Ostair agus an Ungáir. Maidir leis an dara giorrúchán, tráchtann sé ar údaráis na hOstaire, nó is amhlaidh go raibh an tImpire ag rialú Ríocht na Boihéime (inniu: Poblacht na Seice) mar rí, freisin. Tagraíonn an giorrúchán kgl. ung. (königlich ungarisch, ríoga Ungárach) d'údaráis na hUngáire (m. kir.magyar királyi an leagan Ungáirise).

Armas

Struchtúr agus ainm na tíre cuir in eagar

Na tailte a bhí á rialú ag an monarc Hapsburgach i ról Impire na hOstaire[1], ba iad na tailte thuaidh agus thiar, nó Impireacht na hOstaire, an Tír ar an taobh abhus d'Abhainn Leitha (Cisleithanien) nó na Tailte le hIonadaíocht sa Reichsrat (Die im Reichsrat vertretenen Länder)[2]. I ról Rí na hUngáire, bhí an monarc ag rialú Ríocht na hUngáire, nó an Tír taobh thall d'Abhainn Leitha (Transleithanien), nó Tíortha Coróin Stiofáin Naofa[2]. Is éard a bhí i gceist le Leitha ná craobh-abhainn de chuid na Danóibe, agus í ina teorainn, a bheag nó a mhór, idir an Ostair agus an Ungáir.

 

Nuair a bhí an Démhonarcacht ann, bhí Impireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh ann i gcónaí ó thaobh an dlí de. Ní raibh ach an Ostair suite taobh istigh de theorainneacha na himpireachta sin - bhí an Ungáir neamhspleách ar an Impireacht Naofa.

Bhí féinrialtas ag an Ungáir, ach bhí an monarc, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an Roinn Chogaidh i bpáirt ag an dá stát, chomh maith leis an gcuid den Roinn Airgeadais a raibh freagracht uirthi as maoiniú na bhfórsaí armtha agus na taidhleoireachta.[3]

Ba iad Vín agus Búdaipeist an dá príomhchathair: Vín san Ostair agus Búdaipeist san Ungáir.[2] Ba í an Ostair-Ungáir an dara tír is mó san Eoraip de réir an achair i ndiaidh Impireacht na Rúise (621.538 km², nó 239.977 míle chearnach sa bhliain 1905[4]) agus í ar an tríú tír ó thaobh an daonra de (i ndiaidh na Rúise agus Impireacht na Gearmáine). Sa lá atá inniu ann, tá timpeall ar 69 milliún duine ina gcónaí sna tailte a bhain leis an Impireacht lena linn.

 
Teaghlach ríoga: An tArd-diúc Franz Ferdinand, agus a bhean Sophie, Bandiúc Hohenberg agus an chlann

Impireacht na hOstaire is na hUngáire (1914) cuir in eagar

Ós impireacht ilnáisiúnta agus mórchumhacht a bhí ann, bhí an Ostair-Ungáir thíos le teacht na ngluaiseachtaí náisiúnta sa naoú haois déag. Cuid lárnach de shaol pholaitiúil na tíre ab ea na héilimh a bhí ag na gluaiseachtaí seo agus na díospóireachtaí a spreag siad.

I gcaidreamh idirnáisiúnta is é an t-ainm a bhí ar an monarcacht ná Österreichisch-Ungarische Monarchie, is é sin, an Mhonarcacht Ostarach-Ungárach, de réir chinneadh an Impire Proinsias Seosamh a hAon ón mbliain 1868. Tagraíonn an t-ainm seo do na Ríochtaí agus na Tailte le hIonadaíocht sa Chomhairle Impiriúil (an Reichsrat) agus Tailte Choróin Stiofáin Naofa in éineacht. Is éard atá i gceist le Stiofán Naofa ná Stiofán a hAon, Rí na hUngáire i dtús na haonú haoise déag, a rinne tír Chríostaí den Ungáir. Duine de naoimh na hEaglaise Caitlicí é Stiofán.

Is é an teideal a chuireadh an monarc lena ainm agus é ag síniú conarthaí idirnáisiúnta ná Kaiser von Österreich und Apostolischer König von Ungarn, is é sin, Impire na hOstaire agus Rí Aspalda na hUngáire. Sa chaidreamh phearsanta, thugtaí Seine K. u. K. apostolische Majestät, "A Mhórgacht Aspalda Impiriúil agus Ríoga" air.

 
áit an mhargaigh, Vín

Tailte na hOstaire cuir in eagar

Ba iad tailte na hOstaire ná:

  • Ríocht na Gailíse agus na Lodaiméire (an chuid den Pholainn, go bunúsach, a thit leis an Ostair nuair a chuaigh críochdheighilt ar an tír sin. Ba é Lemberg an phríomhchathair. Inniubh, tá Lviv ar Lemberg, agus é suite san Úcráin. Is é an t-ainm Polainnise ná Lwów.
  • Ard-Diúcacht na hOstaire taobh thíos d'Abhainn Enns (príomhchathair: Vín. Is ionann an ard-diúcacht seo, go príomha, agus an Ostair Íochtarach nó Niederösterreich, ceann de stáit fheidearálacha na hOstaire inniu.)
  • Ard-Diúcacht na hOstaire chois Abhainn Enns (príomhchathair: Linz. Is ionann an ard-diúcacht seo, go bunúsach, agus an Ostair Uachtarach nó Oberösterreich, mar a thugtar uirthi inniu.)
  • Diúcacht na Búcaibhíne (príomhchathair: Czernowitz, inniubh: Chernivtsi/Чернівці san Úcráin.)
  • Diúcacht Kärnten (príomhchathair: Klagenfurt. Ceann de stáit fheidearálacha na hOstaire é Kärnten inniu féin.)
  •  
    Golden Gate
    Diúcacht Crain (príomhchathair: Laibach, inniubh: Liúibleána, príomhchathair na Slóibhéine. Carniola an t-ainm Laidine agus Béarla ar Crain.)
  • Diúcacht Salzburg (príomhchathair: Salzburg. Ceann desna stáit fheidearálacha san Ostair inniu féin é stát Salzburg.)
  • Diúcacht na Siléise Uachtaraí agus Íochtaraí (príomhchathair: Troppau, inniubh: Opava i bPoblacht na Seice)
  • Diúcacht Steiermark (príomhchathair: Graz. Ceann desna stáit fheidearálacha san Ostair inniu féin é Steiermark.)
  • Margrafacht na Moráibhe (príomhchathair: Brünn. Inniu, tugtar Brno ar Brünn, agus is é an dara cathair is mó i bPoblacht na Seice.)
  • Tír an Chósta (is é sin, na tailte timpeall ar Trieste; is leis an Iodáil, leis an tSlóibhéin agus leis an gCróit iad inniubh. Trieste, nó Triest as Gearmáinis, a bhí ina príomhchathair ar Thír an Chósta.)
  • Vorarlberg (príomhchathair: Bregenz. Ceann desna stáit fheidearálacha é Vorarlberg san Ostair inniu. Cuid de Chontae Dhiúcach na Tioróile a bhí i Vorarlberg ó thús, agus cé gur bronnadh sórt féinrialtais air sa bhliain 1861, bhí sé á riar mar chuid den Tioróil ina dhiaidh sin féin.)
 
Ollscoil, Vín

Tailte na hUngáire cuir in eagar

  • Ríocht na hUngáire. Tabhair faoi deara go raibh a lán teangacha éagsúla agus náisiúntachtaí éagsúla sa ríocht seo, ach ní raibh stádas ar bith acu san Ungáir. Mar shampla, bhí a ríocht agus a gcoróin féin agesna Seicigh sa Bhoihéim, ach ní raibh aon chineál stáit ná fiú stát soip ag na Slóibheacaigh san Ungáir. Ba í Búdaipeist an phríomhchathair, ar ndóigh.
  • Ríocht na Cróite agus na Slaibheoine. Bhí féinrialtas éigin ag an ríocht seo, agus cineál dáil nó tionól réigiúnach aici - rud neamhghnách san Ungáir. Agram an phríomhchathair - nó Sagrab, mar a thugtar uirthi as Cróitis. Is é Sagrab príomhchathair na Cróite inniu.
  • Fiume - is é sin, an chathair úd Fiume agus na tailte ina timpeall. Inniubh, tugtar Rijeka ar Fiume, agus is cuid den Chróit í. Ciallaíonn an dá ainm "abhainn": focal Iodáilise é fiume, agus focal Cróitise é rijeka.
 
Hofburg, Vín

An Bhoisnia agus an Heirseagaibhéin cuir in eagar

Sa bhliain 1878, shealbhaigh an Ostair-Ungáir an Bhoisnia agus an Heirseagaibhéin, chomh maith le cathair Novi Pazar agus an cúige (Sandžak) a bhain léi ón Tuirc Otamánach. Bhí na tailte seo á rialú mar ghabháltas míleata go dtí an bhliain 1908, nuair a nascghabh an Ostair iad - is é sin, nuair a cuireadh leis an Impireacht iad go hoifigiúil.

Ainm na tíre i dteangacha oifigiúla na hOstair-Ungáire cuir in eagar

Ainm na Démhonarcachta i dteangacha oifigiúla a saoránach:

Bunreacht cuir in eagar

Ní raibh bunreacht ag an démhonarcacht i gciall cheart an fhocail. Is iad na dlíthe seo leanas a rinne gnó an bhunreachta:

  • an Réimreacht Pragmatach nó Pragmatische Sanktion ón mbliain 1713. D'fhoráil an Réimreacht Pragmatach nár chóir tailte oidhreachtúla rítheaghlach Hapsburg a dhealú ó chéile.
  • an Delegationsgesetz ("an Dlí Tarmligin") ón mbliain 1867. Leag an dlí seo amach tarmligean na gcumhachtaí idir an Ostair agus an Ungáir agus comhranna rialtais an dá stát.
  • an Conradh um Aontas Custaim agus Trádála ón mbliain 1878, a d'fhoráil gur aon tír amháin a bhí ann ó thaobh na ndleachtanna custaim is na trádála de.

Teangachaí cuir in eagar

Ba iad an Ghearmáinis agus an Ungáiris na príomhtheangaí, nach san Ostair agus sna húdaráis impiriúla ríoga, cosúil leis na fórsaí armtha, bhí na húdaráis sásta stádas áirithe a ghéilleadh do na teangaí mionlaigh. Bhí móid dílseachta an tsaighdiúra i gcló sna teangaí éagsúla, mar shampla.

Teanga Líon na gCainteoirí Céatadán na gCainteoirí
Gearmáinis (An Ghiúdais leis) 12.006.521 23,36
Ungáiris 10.056.315 19,57
Seicis 6.442.133 12,54
Polainnis 4.976.804 9,68
Seirbis agus Cróitis 4.380.891 8,52
Úcráinis (Ruthenisch, mar a thugtaí uirthi go hoifigiúil) 3.997.831 7,78
Rómáinis 3.224.147 6,27
Slóibheaicis 1.967.970 3,83
Slóibhéinis 1.255.620 2,44
Iodáilis (Teangaí gall-románsacha eile leis) 768.422 1,50
Teangaí eile 2.313.569 4,51
Iomláine 51.390.223 100,00

Cuimhní na Démhonarcachta sa Litríocht cuir in eagar

Chuaigh an Démhonarcacht go domhain i bhfeidhm ar a muintir, agus nuair a bhí a ré thart, is iomaí scríbhneoir a chuaigh i mbun pinn le cultúr sainiúil measctha na Démhonarcachta a chur os cionn an tsaoil mhóir. Bhí an-pháirt ag an Démhonarcacht sna leabhair seo leanas:

  • Der Mann ohne Eigenschaften ("An Fear gan Saintréithe") le Robert Musil. Úrscéal mór millteanach é a bhfuil míle leathanach sa chuid de a chríochnaigh an scríbhneoir agus míle leathanach eile sna lámhscríbhinní a dh'fhág sé ina dhiaidh. Is minic a sciorrann an t-úrscéal óna ábhar le cur síos a thabhairt ar mheon agus ar shaol na hOstaire-Ungáire. Tá na himeachtaí suite sa bhliain 1913, agus is intleachtóir agus cineál slúiste é an laoch, Ulrich. I dtús an úrscéil cinneann sé ar bhliain amháin a chaitheamh "ar saoire ón saol" ag ligean a scíthe, ó nach bhfuil éirithe leis gairmréim ar leith a chur ar bun.
  • Radetzkymarsch le Joseph Roth. Tagairt é an teideal d'fhonn clúiteach máirseála le (sean-) Johann Strauss. Fonn é a aithneoidh cách, nuair a chloisfidh sé an tús, agus is é an fonn sin siombail na Démhonarcachta. Is é is ábhar don úrscéal ná scéal mhuintir Trotta. Teaghlach iad muintir Trotta a bhfuil a saol fite fuaite le saol an rítheaghlaigh Impiriúil: nuair a shábháil an fear ba sine acu an tImpire óg i gcath Solferino sa bhliain 1859, bronnadh céim uaisleachta ar an teaghlach go léir, agus rinneadh muintir "Trotta von Sipolje" díobh, ós as Sipolje, sráidbhaile beag sa tSlóivéin, don teaghlach.
  • Sól ziemi - powieść o cierpliwym piechurze ("Salann na Talún, scéal an tsaighdiúra fhoighnigh"), úrscéal Polainnise leis an nGiúdach Polannach Józef Wittlin faoi eachtraí an tsaighdiúra chos-slua úd Piotr Niewiadomski. Imeartas focal é sloinne an laoich, a chiallaíonn "Neamhfheasach" nó "Aineolach". Fear simplí é Niewiadomski nach bhfuil in ann líne a léamh ná litir a scríobh, ach mar sin féin caithfidh sé dul sna saighdiúirí chomh maith le duine le buille a bhualadh ar son na hOstaire-Ungáire. Tá blas an tsíochánachais agus an eispreisiúnachais ar an úrscéal. Bhí an-ráchairt air lena linn (tháinig an leabhar i gcló sa bhliain 1935), agus an chuma ar an scéal ar feadh tamaill go raibh Duais Nobel na Litríochta le dul do Wittlin.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Who's Who - Emperor Franz Josef I". First World War.com.
  2. 2.0 2.1 2.2 Britannica 1911
  3. "The kingdom of Hungary desired equal status with the Austrian empire, which was weakened by its defeat in the Austro-Prussian War of 1866. The Austrian emperor Francis Joseph gave Hungary full internal autonomy, together with a responsible ministry, and in return it agreed that the empire should still be a single great state for purposes of war and foreign affairs, thus maintaining its dynastic prestige abroad." - Compromise of 1867, Encyclopædia Britannica, 2007
  4. "Austria-Hungary - LoveToKnow 1911". 1911encyclopedia.org.