Graz
Is í Graz príomhchathair Steiermark agus an dara cathair is mó san Ostair. Tá an chathair suite sa chúige Stíria, in oirdheisceart na tíre, 200 ciliméadar siar ó dheas ó phríomhchathair Vín. Sa bhliain 2018, bhí breis is 325,000 duine ina gcónaí sa chathair fhéin, agus thart ar 633,000 duine sa cheantar uirbeach. Is í príomhchathair Vín an t-aon áit san Ostair atá níos mó. Tá clú agus cáil ag Graz le fada an lá mar "cathair ollscoile": sé ollscoil le níos mó ná 60,000 daltaí le slua mór idirnáisiúnta ann ag déanamh staidéir agus mar dhaltaí Erasmus. Ó thaobh eacnamaíochta de tá áit lárnach ag Graz agus Stíria i dtaobh táirgeacht crua-earraí, an tionscal gluaisteán agus innealtóireacht. Tá seanlár na cathrach caohmnaithe go maith agus í mar chuid den Suíomh Oidhreachta Domhanda ón mbliain 1999 ar aghaidh. Tá tábhacht ar leith ag baint le Graz do mhuintir na mBalcán le naisc láidre aici leis an Slóivéin. Is i Maribor na slóivéine an chathair is goire di, 50cm ó dheas. Cloistear a lán teangacha éagsaúla de bharr an raon mór daoine ó thíortha éagsúla ina gcónaí ann; Cróitis, Tuircis agus Béarla ina measc, chomh maith leis an gcanúint áitiúla; Stíris. Ó thaobh cultúir de tá neart ceol Jazz le cloisteáil de bharr an Roinn Jazz cáiliúil san Ollscoil Ealaíona. Tá níos mó ná 7 dteach tábhairne Éireannacha lonnaithe ann agus tá trí bhanna ceoil ann a sheinneann ceol Éireannach.
Graz | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ostair | ||||
Stát san Ostair | Styria | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 292,630 (2022) | ||||
• Dlús | 2,293.88 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 127.57 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Mur | ||||
Airde | 353 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Elke Kahr (2021–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 8010, 8020, 8036, 8041, 8042, 8043, 8044, 8045, 8046, 8047, 8051, 8052, 8053, 8054 agus 8055 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 316 | ||||
Austrian municipality key (en) | 60101 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | graz.at |
Is síol faoi thíreolaíocht na hOstaire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |