Osclóidh seo an príomhroghchlár
An tSeicslóvaic

Ba stát san Eoraip Láir í An tSeicslóvaic, a mhair ó 28 Deireadh Fómhair 1918 go dtí 31 Nollaig 1992, seachas ar feadh tamall gearr le linn an Dara Cogadh Domhanda (tréimhse Éigeandála, mar a thugtaí in Éireann air).

Bunaíodh an tSeicslóvaic mar thoradh ar an gCéad Cogadh Domhanda, mar cheann de na stáit comharbais a d’eascair as Impireacht na hOstaire is na hUngáire.

Chuimsigh an stát sin tailte na Seice, na Moráive, oirdheisceart na Siléise / an chuid thoir theas den tSiléis.  Bhí an Rúis Fo-Chairp mar pháirt dó go dtí 1939.

Tháinig deireadh leis ó thús na bliana 1993 nuair a scoilt an Slóvaic agus Poblacht na Seice óna chéile.

StairCuir in Eagar

Ba é an Dr. Edvard Beneš (1884-1948), a bhí mar cheannaire thar lear ar cheannairc in aghaidh na hOstair-Ungáire, a thug breac-chuntas ar an stát nua ag Comhdháil Síochána i Versailles, Páras, Meitheamh 1919, i bhfoirm shraith meabhrán a chuir sé os comhair na státairí eile.  De réir coincheap Beneš, bheadh cearta náisiúnta agus prionsabail pobail mar bhunchloch don stát nua, bunaithe ar an gcóras Eilvéiseach, a raibh taithí aige air.

An Chéad Phoblacht (1918-38)Cuir in Eagar

Tomáš Garrigue Masaryk (1850-1937) a bhí mar chéad uachtarán ar an stát. Lean sé ina uachtarán ar feadh 3 thréimhse ó 14 Samhain 1918 go dtí 14 Nollaig 1935, nuair a d'éirigh sé as as a stuaim féin. Tháinig Edvard Beneš mar chomharba air, go dtí Conradh München, sínithe 29 Meán Fómhair 1938. B'éigin do Beneš tailte Sudetenland a ghéilleadh don nGearmáin faoi cheannaireacht Adolf Hitler, agus ghlac an Pholainn seilbh ar an chuid thoir den Těšínsko na Siléise. Tháinig deireadh leis an gCéad Phoblacht dá bharr.