Is tír í an Rómáin (Rómáinis: România) atá suite ar chósta na Mara Duibhe, agus í ag críochantaíocht leis an mBulgáir, an Úcráin, an Moldóiv, an tSeirbia agus an Ungáir. Is ball de ECAT í an Rómáin, agus tá sí ina ball den Aontas Eorpach ón 1 Eanáir 2007, ina bhfuil sí ar an 7ú tír is mó de réir daonra agus ar an 9ú ceann de réir achair[1]. Is é Klaus Iohannis an t-uachtarán.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Rómáin
România (ro) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnDeșteaptă-te, române! Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósAn tSean-Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 46°N 25°E / 46°N 25°E / 46; 25

PríomhchathairBúcairist Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán19,053,815 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús79.92 hab./km²
Teanga oifigiúilan Rómáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deOirthear na hEorpa
an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
Aontas Eorpach (2007–) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla238,397 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMoldoveanu Peak (en) Aistrigh (2,544 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn Mhuir Dhubh (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síUnited Principalities of Moldavia and Wallachia (en) Aistrigh agus Poblacht Shóisialach na Rómáine Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú24 Eanáir 1859 (Iúlach)
Eachtra thábhachtach
unification of Wallachia and Moldavia (en) Aistrigh (24 Eanáir 1859 (Iúlach))
Tenth Russo-Turkish War (en) Aistrigh (10 Bealtaine 1877 (Iúlach))
Union of Transylvania with Romania (en) Aistrigh (1 Nollaig 1918)
Réabhlóid na Rómáine 1989 (22 Nollaig 1989)
Treaty of Berlin of 1878 (en) Aistrigh (13 Iúil 1878) Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaissemi-presidential system (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Rómáine Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Rómáine Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Rómáine Cuir in eagar ar WikidataAlexandru Ioan Cuza (1862 (Iúlach)–1866 (Iúlach)) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Romania (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataMarcel Ciolacu (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil285,404,683,025 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraRomanian Leu (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ro Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+40 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreRO Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSRO Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinguv.ro Cuir in eagar ar Wikidata

Tíreolas cuir in eagar

 
Réigiúin na Rómáine
 
Na sléibhte Carpaiteacha i gcontae Suceava, i gcúige na Moldáive
 
Pálás cultúir Iași

Roinntear an Rómáin go minic i dtrí réigiún stairiúil: an Mholdáiv san oirthuaisceart, an Trasalváin san iarthuaisceart, agus an Valách sa deisceart. Is sa Valách atá suite príomhchathair na tíre, Búcairist. Is iad Cluj Napoca agus Timișoara (sa Trasalváin), Iași (sa Mholdáiv) agus Constanța (sa Valách freisin) na ceithre chathair is mó ina diaidh.

Taobh leis an Rómáin, tá an tír neamhspleách Poblacht na Moldóive freisin, ar a dtugtar 'An Mholdáiv' uaireanta chomh maith, nach bhfuil ina cuid de stát na Rómáine. Bhí an dá chuid sa réigiún stairiúil céanna, ar a dtugtaí 'An Mholdáiv', go dtí an bhliain 1812. Sa bhliain sin bhí ar an Impireacht Otamánach (a raibh prionsacht na Moldáive faoina smacht ag an am) leath oirthearach an réigiúin a ghéilleadh chun Impireachta na Rúise; mar gheall air seo, ní raibh an chuid oirthearach seo in ann aontú le stát neamhspleách na Rómáine nuair a cruthaíodh í sa bhliain 1878. Fuair sí a neamhspleáchas tar a éis seo, an uair is deireanaí sa bhliain 1990 tar éis thitim an Aontais Shóivéadaigh.

Eacnamaíocht cuir in eagar

Úsáidtear an leu mar airgeadra sa Rómáin. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Rómáine an 42ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 50ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 62ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Rómáin, é ar $23,991 don chónaitheach.

Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Rómáin an 43ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 27ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[2] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Rómáin an 53ú tír is sona, as 156 thír.

I Mí Dheireadh Fómhair 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 4.0%, an t-ochtú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Anonymous (2016-07-05). "Ag cur fút san AE - an tAontas Eorpach - European Commission" (en). an tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 2018-07-21.
  2. "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
  3. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.


[[Catagóir:Ballstáit den Aontas Eorpach