Ríocht na hIodáile (Iodálais: Regno d'Italia) ar an stát a mhair ón bhliain 1861, nuair a fógraíodh Vittorio Emanuele II na Saváí ina Ríocht na hIodáile, go dtí 1946, nuair d'fhág reifreann bunreachta iarmhairtí tubaisteacha ar thacaíocht an phobail don mhonarcacht agus bunaíodh Poblacht na hIodáile ina háit. Bunaíodh an stát mar thoradh ar aontú na hIiodáile, faoi thionchar Ríocht na Sairdíne, gur féidir a mheas mar a réamhtheachtaí dlíthiúil.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRíocht na hIodáile
Regno d'Italia (it) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Suíomh
Map
 41°54′N 12°30′E / 41.9°N 12.5°E / 41.9; 12.5

PríomhchathairTorino, Flórans agus An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán22,182,000 (1861) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús71.51 hab./km²
Teanga oifigiúilan Iodáilis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnCaitliceachas Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deNa Comhghuaillithe sa Chéad Chogadh Domhanda
Triple Alliance (en) Aistrigh (–1915) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla310,196 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síPoblacht na hOstaire Gearmánaí, Imperial Free City of Trieste (en) Aistrigh, Free State of Fiume (en) Aistrigh, Ríocht an Dá Shicil agus Ríocht na Sairdíne Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 17 Márta 1861:  cúis leis seo Proclamation of the Kingdom of Italy (en) Aistrigh
Díscaoileadh18 Meitheamh 1946
Á leanúint agan Iodáil agus Kingdom of Italy under Fascism (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht bhunreachtúil, monarcacht pharlaiminteach, stát aonpháirtí (polaitíocht), údarásaíochas agus deachtóireacht Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire stáitVittorio Emanuele II na Saváí (1861–1878) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadralira na hIodáile Cuir in eagar ar Wikidata

D'fhógair an Iodáil cogadh ar an Ostair i gcomhpháirtíocht leis an Phrúis sa bhliain 1866 agus fuarthas an réigiún Veneto, tar éis a mbua. Chuaigh trúpaí Iodálacha isteach sa Róimh sa bhliain 1870, ag cur críoch le níos mó ná míle bliain de chumhacht theamparálta phápach. Chuaigh an Iodáil isteach sa Chomhaontas Triarach i gcomhpháirtíocht leis an Ghearmáin agus an Ostair-Ungáir, sa bhliain 1882, mar go raibh aighnis fhíochmhara aici leis an Fhrainc mar gheall ar a bhforleathnú coilíneach faoi seach. Mar sin féin, fiú is go raibh a caidreamh le Beirlín an-chairdiúil, d'fhan a chomhghuaillíocht leis an Ostair-Ungáir foirmiúil amháin, mar go raibh fonn ar na hIodáiligh Trentino agus Trieste a fháil, coirnéil na monarcach Ostair-Ungáir ina raibh daonra Iodálach ann. Mar sin, sa bhliain 1915, ghlac an Iodáil le cuireadh na Breataine a bheith páirteach leis na Comhghuaillithe sa Chéad Chogadh Domhanda, toisc gur gheall Comhghuaillithe an Iarthair cúiteamh críche di (bheadh an Ostair-Ungáir thíos leis) le haghaidh rannpháirtíochta leo, tairiscint a bhí níos flaithiúla ná tairiscint na gCumhachtaí Láir, sé sin neodracht na hIodáile. Thug bua sa chogadh suíochán buan don Iodáil i gComhairle Chonradh na Náisiún.

Is éard is "An Iodáil Fhaisisteach" ná an tréimhse idir 1922 agus 143, nuair a bhí Páirtí Náisiúnach na bhFaisisteach i mbun rialtais na hIodáile, le Benito Mussolini mar cheann an rialtais. Chuir na faisistithe rialachas forlámhach i bhfeidhm agus bhrúigh siad thíos an fhreasúra polaitiúil agus intleachtúil, fad agus a chur siad nuachóiriú eacnamaíoch, luachanna sóisialta traidisiúnta, agus athmhuintearas leis an Eaglais Chaitliceach Rómhánach chun cinn. De réir Payne (1996), "[the] Fascist government passed through several relatively distinct phases". Bhí é an chéad chéim (1923-1925) in ainm is a bheith ag leanúint an córais pharlaimintigh, cé gur cuireadh "deachtóireacht fheidhmeannaí a bhí dlí-eagraithe" i réim. Ansin, tháinig an dara céim, "thógáil ar an deachtóireacht fhaisisteach chuí, ón bhliain 1925 go dtí 1929". Sa tríú céim idir 1929 go 1934., bhí níos lú gníomhaíochais, Sa cheathrú céim, 1935-1940, ina chomhartha sóirt ag bheartas eachtrach ionsaitheach; cogadh in aghaidh na hAetóipe, a seoladh ón Eiritré agus ó Shomáil na hIodáile[1]; achrainn le Conradh na Náisiún, agus smachtbhannaí a fhorchur ina dhiaidh; neamhthuilleamaíocht eacnamaíocht ag fás; agus síniú Chomhaontú na Cruach. Ba é an cogadh féin (1940-1943) an cúigiú céim lena tubaistí agus chlistí, cé gurb í fuílleach an rialtais Salò faoi smacht na Gearmáine an chéim deiridh (1943-1945).[2]Italiaans gebied in 1940

Nótaí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cultural Sociology of the Middle East, Asia, and Africa: An Encyclopedia" (2012). Dáta rochtana: 2014-04-06. 
  2. Stanley G. Payne, A History of Fascism, 1914–1945 (1996) p 212