Rijeka
Is í Rijeka (Iodáilis: Fiume) an port is mó sa Chróit, an tríú cathair is mó sa tír agus lárionad riaracháin Chontae Primorje-Gorski Kotar (Primorsko-goranska županija). Tá 191,641 duine ina gcónaí sa chathair (iarchontaetha Rijeka – Kastav, Viškovo, Grobnik, Kostrena, Bakar, Kraljevica, Klana ina measc). D'fhorbair rialtas na hUngáire an port i gCuan Kvarner sa 19ú haois mar gheall ar an suíomh foirfe agus an t-uisce domhain agus é mar cheann de na poirt is mó san Eoraip agus lárionad tionsclaíoch cumhachtach. Bhí cáil ar Rijeka chomh maith mar lárionad tábhachtach airgeadais san Iúgslaiv. Sa lá atá inniu ann, tá meath tagtha ar thábhacht tionscadail na cathrach agus brabús an phoirt, agus tá an chathair ag díriú ar an turasóireacht agus ar an earnáil seirbhísí.
Rijeka | |||||
---|---|---|---|---|---|
Rijeka (hr) Fiume (hu) Fiume (it) | |||||
Ainmnithe in ómós | Rječina | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Chróit | ||||
County of Croatia (en) | Contae Primorje-Gorski Kotar | ||||
Príomhchathair de | Contae Primorje-Gorski Kotar (1990–) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 107,964 (2021) | ||||
• Dlús | 2,487.65 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Kvarner Gulf (en) | ||||
Achar dromchla | 43.4 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Aidriad | ||||
Airde | 0 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Éarlamh | Naomh Vitus | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 51000 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 051 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | rijeka.hr |
Tá banna ceoil as Rijeka ann darbh ainm Belfast Foods a sheinneann meascán d'amhráin Éireannacha le ceol Crótach.
Tagairtí
cuir in eagar