An Iúgslaiv
Tugadh an Iúgslaiv ar thrí aonad éagsúla polaitiúla sa bhfichiú haois. Tír na Slavach ó Dheas is ciall leis an ainm i dteangacha Slavacha na mBalcán.
An Iúgslaiv | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Aintiún | A Shlavaigh | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Béalgrád | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 23,271,000 (1991) | ||||
• Dlús | 90.97 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an tSeirbea-Chróitis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 255,804 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Aidriad | ||||
Pointe is airde | Triglav (en) (2,864 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1 Nollaig 1918 | ||||
Díscaoileadh | 27 Aibreán 1992 | ||||
Á leanúint ag | post-Yugoslavia states (en) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | monarcacht agus poblacht | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | dinar na hIúgslaive | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .yu | ||||
Glaochód | +38 | ||||
Cód tíre | YU |
Stair
cuir in eagar1918-1941
cuir in eagarBa í Ríocht na hIúgslaive an chéad tír ar tugadh an t-ainm uirthi, agus d'eascair sí as Ríocht na Seirbiach, na gCróiteach agus na Slóivéineach a bunaíodh ar an i Nollaig 1918, nuair a cruthaíodh aontas idir stáit na Slóivéineach, na gCróiteach agus na Seirbiach agus ríocht na Seirbe.
Athraíodh ainm na tíre go Ríocht na hIúgslaive ar an 3 Deireadh Fómhair 1929. Ba é Rí Alexander I, ceannaire na ríochta.
Tito 1942
cuir in eagar1941-1991
cuir in eagarRinne an Iodáil agus an Ghearmáin ionradh ar an tír sa bhliain 1941 . Mar gheall ar na heachtraí a tharla le linn an Dara Cogadh Domhanda cuireadh an ríocht ar ceal sa bhliain 1945.
D'fhógair treallchogaithe cumannach (na Páirtínigh) An Iúgslaiv Dhaonlathach Fheidearálach sa bhliain 1943.
D'athraíodh an t-ainm go Daonphoblacht Fheidearálach na hIúgslaive sa bhliain 1946 agus rialtas comhchumannach i gceannas.
Athraíodh an t-ainm arís sa bhliain 1963, go Poblacht Shóisialach Fheidearálach na hIúgslaive.
Bhí an tír comhdhéanta de shé phoblacht shóisialach: an tSlóivéin, An Chróit, An Bhoisnia-Heirseagaivéin, Montainéagró, An tSeirbia agus An Mhacadóin.
Dúradh le Colm Doyle sa leabhar Witness to War Crimes gur eascair an nimh sa bhfeoil idir na náisiúin éagsúla as eachtraí an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh faoi ndeara do na dreamanna éagsúla a tháinig le chéile san Iúgslaiv faoi cheannas an Ghinearáil Tito tarraingt le chéile.[1] Ní hé sin le rá go ndearna siad dearmad ar naimhdeas na staire agus rinneadh seanchairteacha a thochailt tar éis titim an Aontais Shóivéadaigh agus imeachtaí 1991/1992.
1991-2006
cuir in eagarThit an Iúgslaiv as a chéile sna cogaí a lean bás Tito.
Bunaíodh Poblacht Fheidearálach na hIúgslaive i mí Mhárta 1992 agus í comhdhéanta den dá thír nár fhág an Chónaidhm, an tSeirbia agus Montainéagró,
Ba é Slobodan Milošević Uachtarán na Seirbia idir 1989 agus 1997 agus Uachtarán Iúgslavach idir 1997 agus 2000.
Ar an 1 Aibreán 2001 gabhadh Milošević sa Bhéalgrád. Cúisíodh é as coireanna cogaidh a dhéanamh.
Cuireadh deireadh go hoifigiúil leis an Iúgsláiv nuair a d'fhógair an dá thír sin a neamhspleáchas i mí Mheithimh, 2006.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Mura ndéanann leabhar nua Cholm Doyle aon ní ach tábhacht na staire a mheabhrú dúinn, tá éacht déanta aige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-04.