Josip Broz Tito
Bhí Josip Broz Tito (Script Choireallach: Јосип Броз Тито) i gceannas ar Phoblacht Fheidearálach Shóisialach na Iúgslaive ó 1945 go dtí gur éag sé ar an 4 Bealtaine 1980.
SaolCuir in Eagar
Rugadh Josip Broz Tito ar an 7 Bealtaine 1892 (nó 25 Bealtaine go hoifigiúil).
D'eagraigh Tito an treallchogaíocht fhrith-fhaisisteach in aghaidh fhórsaí na Gearmáine agus na hIodáile le linn an Dara Cogadh Domhanda.
D'éirigh leis poblachtaí éagsúla na tíre a choinneáil le chéile i ndiaidh an chogaidh. Cé gur fhógair an phoblacht nua gur comhchumannach é, d'fhan an tír neamhspleách ar an Aontas Sóivéadach. Bhí arm ollmhór aige chun an neamhspleáchas sin a chosaint.
Dúradh le Colm Doyle sa leabhar Witness to War Crimes gur eascair an nimh sa bhfeoil idir na náisiúin éagsúla as eachtraí an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh faoi ndeara do na dreamanna éagsúla a tháinig le chéile san Iúgslaiv faoi cheannas an Ghinearáil Tito tarraingt le chéile.[1] Ach níor mhair an Iúgslaiv i bhfad tar éis a bháis.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Mura ndéanann leabhar nua Cholm Doyle aon ní ach tábhacht na staire a mheabhrú dúinn, tá éacht déanta aige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-04.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |