Cliseadh croí
Galar ainsealach, tromchúiseach atá i gcliseadh croí a thagann ar dhuine nuair a theipeann ar an gcroí dóthain fola a phumpáil tríd an gcorp leis na horgáin a chothú.
![]() ![]() | |
Cineál | galar cardashoithíoch, comhartha cliniciúil agus cardiovascular system symptom (en) ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | cairdeolaíocht ![]() |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | dispnia, tuirse, éidéime, ascites (en) ![]() ![]() ![]() |
Scrúduithe | macallachardagram agus leictreacardagrafaíocht ![]() |
Cóireáil | fualbhrostaigh ![]() |
Pataigineas | |
Suíomh | croí ![]() |
Cúis | ionfharchtadh miócairdiach, hipirtheannas artaireach, neamhrithimeacht, alcólachas, ionfhabhtú agus dochar croí ![]() |
Aicmiú | |
ICD-10 | I50 ![]() |
ICD-9 | 428.0 ![]() |
CIAP | K77 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 16209 ![]() |
MedlinePlus | 000158 ![]() |
eMedicine | 163062, 354666 agus 2069746 ![]() |
Patient UK | heart-failure-diagnosis-and-investigation ![]() |
MeSH | D006333 ![]() |
UMLS CUI | C1961112 agus C0023212 ![]() |
Na comharthaí a bheadh ann ná na cosa a bheith ata, nó easpa anála, nó pian sa chliabhrach, nó a bheith tuirseach,[1] srl.
Cúiseanna
cuir in eagarIs iomaí cúis a bhaineann le cliseadh croí, mar shampla, hipirtheannas artaireach, neamhrithimeacht, srl. Tarlaíonn cliseadh croí uaireanta de bharr damáiste do mhatáin an chroí (de bharr alcólachas, mí-úsáid drugaí nó tuaslagóirí, srl).[2][3]
Éire
cuir in eagarBhí an galar ag gabháil do 90,000 duine in Éirinn sna 2010idí. Léirígh tuarascáil Éireannach a bhí curtha i dtoll a chéile faoin ngalar nach bhfuil ach seacht faoin gcéad de mhuintir na hÉireann in ann comharthaí cliseadh croí a aithint.[4] Ní bhfaigheadh an oiread daoine bás le galar croí dá gcaithfí tuilleadh airgid ar eolas a scaipeadh agus tuiscint níos fearr a thabhairt ar na comharthaí sóirt a bhaineann le cliseadh croí.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Tá a lán rudaí ann a chuirfeadh tuirse ar dhuine ach tá sé tábhachtach go mbeadh an t-eolas ag daoine gurbh fhéidir go mbainfeadh tuirse leis an gcroí.
- ↑ "Mí-úsáid tuaslagóirí | COGG" (ga-GA). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-26. Dáta rochtana: 2022-10-13.
- ↑ drugs.ie. "Bíodh na fíricí ar dhrugaí ar eolas agat". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ maynoothuniversity.ie (Samhain 2016). "Galar Croí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-24. Dáta rochtana: 2022.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |