Alcólachas
Staid ina mbíonn duine spleách ar alcól, nó fadhbanna sláinte mar gheall ar alcól, is ea Alcólachas.[1] Tugann an téarma le tuiscint go bhfuil déscaradh idir staonadh is ól measartha ar thaobh amháin, agus daoine a ólann an iomarca ar an taobh eile, agus fadhbanna sláinte acu dá bharr.
Cineál | mí-úsáid alcóil, dependence syndrome (en) agus substance use disorder (en) |
---|---|
Speisialtacht leighis | síciatracht, tocsaineolaíocht mhíochaine, síceolaíocht, vocational rehabilitation (en) agus narceolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Cóireáil | síciteiripe agus cognitive behavioral therapy (en) |
Pataigineas | |
Buaileann sé | duine fásta, leanbh agus déagóir |
Cúis | ólachán |
Éifeacht | galar Marchiafava-Bignami, ciorróis, alcohol amnestic disorder (en) agus cliseadh croí |
Aicmiú | |
ICD-11 | 6C40.1 |
ICD-10 | F10 |
ICD-9 | 303 |
CIAP | P15 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0076481 |
OMIM | 103780 |
DiseasesDB | alcoholism |
MedlinePlus | 000944 |
MeSH | D000437 |
UMLS CUI | C0001956 agus C0001973 |
Mí-úsáid alcóil
cuir in eagarTá go leor fadhbanna a bhaineann le halcól, mar shamplaː
- Meabhairshláinte. Léiríonn taighde go mbíonn dlúthbhaint idir mí-úsáid an alcóil agus riosca méadaithe go bhforbróidh an té fadhbanna meabhairshláinte, lena n-áirítear fadhbanna mothúcháin agus iompraíochta.[2]
- Is féidir le galar croí agus ailse a bheith mar thoradh ar mhí-úsáid alcóil.[3]
- Delirium tremens. Rámhaille chreathánach a tharlaíonn d'alcólach nuair a choinnítear alcól siar uaidh.
- Gaistríteas. Athlasadh i líneáil an ghoile de thoradh greannaitheoirí cosúil le halcól
- Othras peipteach. Othrasú cuid de líneáil an ghoile nó an dúidéinim mar thoradh ar chaitheamh alcóil, srl.
- Ciorróis. Is é an chúis is coitinne leis ól fada leanúnach iomarcach alcóil.
Tarlaíonn mí-úsáid alcóil i ngach aicme shóisialta ach, de réir dealraimh, bíonn daoine atá ag fulaingt imní nó dúlagair claonta leis an alcól thar aon dream eile.
Léiríonn na staitisticí go bhfuil méadú le blianta beaga ar chaitheamh alcóil, agus ar an líon mná tí, daoine óga is daoine as obair go háirithe a dtuairiscítear a bheith claonta le mí-úsáid alcóil.
In Éirinn
cuir in eagarBhí Éire ar cheann de na cúig thír is mó caitheamh san Aontas Eorpach ó thaobh caitheamh alcóil de i 2015, agus úsáid alcóil ar bhonn per capita is mó sa domhan beagnach.[4][5] De réir suirbhé ón OECD, tá Éire ar ceann de na tíortha is measa ó thaobh an ragús óil.[6]
Sa Bhille Sláinte Poiblí (Alcól), 2015, bhí sé mar aidhm aige meánchaitheamh alcóil sa bhliain in Éirinn a laghdú ó 11 lítear an duine go 9.1 lítear an duine faoin mbliain 2020. Ach tá caitheamh alcóil fós ag méadú ó shin.
Tá an t-eolas is fearr in Éirinn le fáil ar "Ask about Alcohol", ó HSE.ie.[1] Tá suíomh ann in Éirinn, drinkaware.ie, le go leor eolais, as Gaeilge chomh maith leis sin, Ach cuireann tionscal na dí airgid ar fáil dón suíomh.[7]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Des Bishop ar Youtube
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - Eolas
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. "Ask about Alcohol" (en). www2.hse.ie. Dáta rochtana: 2020-10-02.
- ↑ Amanda Fitzgerald, Barbara A. Dooley (2013). "Alcohol and youth mental health- The evidence base" (as en). Psychiatry Professional 2 (1): 6–8. Curtha i gcartlann 2021-04-26 ar an Wayback Machine
- ↑ "Alcól | COGG" (ga-GA). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-18. Dáta rochtana: 2020-10-02.
- ↑ An Roinn Sláinte (2015). "Faomhann an Rialtas reachtaíocht cheannródaíoch lena rachfar i ngleic le mí-úsáid alcóil – Varadkar". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-04. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "List of countries by alcohol consumption per capita" (as en) (2020-09-04). Wikipedia.
- ↑ RnaG (Déardaoin 15 Bealtaine 2014). "Cormac ag a Cúig" (ga). Cormac ag a Cúig. Dáta rochtana: 2020-10-02.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Alcólachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 31.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |